An Fóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre Glao ar Léiriú Spéise
- Foilsithe: 30 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 6 Deireadh Fómhair 2024
- Ceapachán chun an Fhóraim Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre
- Cúlra
- Feidhmeanna an Fhóraim Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre
- Comhdhéanamh an Fhóraim Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre
- Éascú
- Rialachas
- Bunriachtanais
- Inmhianaithe do gach ceann de na róil thíos
- Téarma an Cheapacháin
- D’iarratas a chur isteach
- Próiseas Measúnaithe
- Rúndacht
- Cosaint Sonraí
Ceapachán chun an Fhóraim Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre
Suíomh: Oifigí an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre nó na Roinne Iompair i mBaile Átha Cliath
Líon na bhFolúntas: suas le 10
Luach Saothair: Níl aon luach saothair ach íocfar costais ag ráta cuí na Státseirbhíse.
Riachtanais Ama: Tá sé beartaithe go reáchtálfar suas le trí chruinniú den ghrúpa sa dara leath de 2024, agus cruinniú amháin ag tús 2025. Mairfidh gach ceann de na cruinnithe suas le trí uair an chloig.
Téarma: Tréimhse thart ar shé mhí a bheidh sa téarma tosaigh le tacú le forbairt Phlean Gníomhaíochta Chéim 2 de Straitéis an Rialtais um Shábháilteacht ar Bhóithre, atá le foilsiú go luath in 2025
Cúlra
Seoladh
Straitéis an Rialtais um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2021-2030 i mí na Nollag 2021. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos sa Straitéis le líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre na hÉireann a laghdú faoi na blianta 2030 agus 2050. Is é is príomhaidhm don Straitéis reatha ná líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre na hÉireann a laghdú faoina leath as seo go ceann 10 mbliana.
. San fhadtéarma, tá sé mar aidhm ag an Straitéis dul chun cinn a dhéanamh i dtreo Fhís an Nialais faoi 2050, rud arb é an uaillmhian go mbeadh líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha chomh gar don nialas agus is féidir faoin mbliain sin. Tá glacadh le Fís an Nialais mar chuspóir beartais um shábháilteacht ar bhóithre ag na leibhéil náisiúnta agus Eorpacha araon.
Tá an Straitéis roinnte ina trí chéim cur chun feidhme ar leith, gach ceann acu tacaithe ag a Plean Gníomhaíochta féin. Cuirtear gníomhartha i bhfeidhm thar raon leathan eagraíochtaí, a bhfuil cúram sábháilteachta bóthair nó freagartha timpiste ar gach ceann acu. Tá an RSA freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorbairt agus cur chun feidhme na Straitéise.
Is é an Bord Comhpháirtíochta um Shábháilteacht ar Bhóithre a Bhunathrú chun Feabhais (atá comhdhéanta d’oifigigh shinsearacha ó na príomheagraíochtaí comhpháirtíochta) a dhéanann maoirseacht ar an Straitéis. Is é an Clár um Shábháilteacht ar Bhóithre a Bhunathrú chun Feabhais sa RSA a dhéanann comhordú ar fhorbairt agus cur chun feidhme Phleananna Gníomhaíochta na Straitéise, lena n-áirítear monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le gníomhartha agus táscairí feidhmíochta sábháilteachta.
Is gearr go mbeidh Céim 1, 2021 go 2024, tagtha chun críche agus tá gníomhaíochtaí ar bun cheana le Plean Gníomhaíochta nua a ullmhú le haghaidh Chéim 2, a bheidh ar siúl ó 2025 go 2027. Táthar ag súil go bhfoilseofar an Plean Gníomhaíochta sin go luath in 2025.
Mar chuid lárnach den saothar le Plean Gníomhaíochta Chéim 2 a chur i dtoll a chéile, táimid chun Fóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre a chur ar bun. Feidhmeoidh an fóram sin mar chomhlacht comhairleach neamhspleách a bheidh dírithe ar léargas agus cúnamh a chur ar fáil le tacú le ceapadh Phlean Gníomhaíochta Chéim 2 de Straitéis an Rialtais um Shábháilteacht ar Bhóithre.
Feidhmeanna an Fhóraim Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre
Is é príomhfheidhm an Fhóraim ná léargas agus comhairle a thabhairt mar úsáideoirí bóithre a d’fhéadfadh a bheith ina gcúnamh le tosaíochtaí a leagan síos do ghníomhaíochtaí ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre.
Is éard a bheidh san Fhóram ná daoine ar ionadaithe iad ar úsáideoirí éagsúla ar líonra bóithre na hÉireann, chomh maith le hurlabhraithe um shábháilteacht ar bhóithre.
Iarrfar ar an bhFóram go príomha léargas agus comhairle a chur ar fáil mar úsáideoirí bóithre d’fhonn bonn eolais a chur faoi fhorbairt an Phlean Gníomhaíochta.
Éascóidh plé an fhóraim ionadaíocht ar réimse leathan dearcthaí ó úsáideoirí bóithre agus urlabhraithe um shábháilteacht ar bhóithre.
Is féidir breathnú ar Théarmaí Tagartha an Fhóraim anseo, áit a leagtar amach na príomhchúraimí go mion.
Comhdhéanamh an Fhóraim Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre
Tá an tAire Iompair agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag cur fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí a thabharfadh réimse saineolais agus scileanna chuig cruinnithe an Fhóraim Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre. Moltar go mbeidh suas le 10 mball san Fhóram ó raon cúlraí éagsúla.
Agus na ceapacháin á ndéanamh, tabharfar aird ar éagsúlacht ar bhonn cúinsí inscne, eitneachta, ionadaíocht uirbeach/tuaithe, aoise, taithí agus saineolais, agus tá sé i gceist go mbeidh cothromaíocht scileanna agus taithí i measc an Ghrúpa. Ní bunriachtanas é taithí roimhe seo ar choistí.
Cé nach liosta cuimsitheach é seo, cuirfear fáilte roimh léirithe spéise ó dhaoine sa phobal a mheasann go bhfuil na scileanna nó taithí acu a chuirfidh ar a gcumas ionchur a bheith acu ar obair an Fhóraim sna réimsí seo:
• Abhcóideacht um shábháilteacht ar bhóithre
• Taisteal gníomhach
• Inrochtaine agus ionchuimsitheacht
• Forfheidhmiú
• Seirbhísí éigeandála agus céadfhreagróirí
• Tiománaithe
• Tiomáin don Obair
• Daoine óga
• Daoine scothaosta
• Pobail Tuaithe
Éascú
Éascóidh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre an Fóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre. Ina ról mar éascaitheoir, beidh an RSA freagrach as a chinntiú go mbíonn cruinnithe an fhóraim éifeachtach, éifeachtúil agus go reáchtáiltear ar bhealach measúil iad i gcónaí.
Rialachas
Déanfar torthaí agus moltaí an Fhóraim a thuairisciú don Bhord Comhpháirtíochta um Shábháilteacht ar Bhóithre a Bhunathrú chun Feabhais, atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme Straitéis an Rialtais um Shábháilteacht ar Bhóithre. Glacfaidh an RSA freagracht as an ngníomhaíocht ríthábhachtach sin a chomhordú agus déanfaidh cinnte de go gcuirfear léargas agus aiseolas an Fhóraim in iúl go héifeachtach don Bhord Comhpháirtíochta.
Bunriachtanais
I bhfianaise nádúr leathan an Fhóraim agus dearcthaí i leith saincheisteanna um shábháilteacht ar bhóithre, féadfaidh daoine aonair a bheith cáilithe le suí ar an bhFóram ar mhórán bealaí éagsúla. Go sonrach, ina n-iarratas, ba chóir d’iarratasóirí a thaispeáint go bhfuil saineolas, eolas agus/nó scileanna acu i gceann amháin de na réimsí seo a leanas ar a laghad:
1. Ionadaíocht agus abhcóideacht a dhéanamh ar son íospartaigh um shábháilteacht ar bhóithre
2. Ionadaíocht a dhéanamh ar leas rothaithe
3. Ionadaíocht a dhéanamh ar leas coisithe
4. Taithí ar fhorfheidhmiú reachtaíochta um shábháilteacht ar bhóithre agus póilíneacht bóithre, i suímh uirbeacha agus tuaithe araon.
5. Taithí dhíreach ar chéadfhregairt ag imbhuailtí tráchta ar bhóithre ina saol gairmiúil.
6. Ionadaíocht a dhéanamh ar thiománaithe agus/nó tiomáint don obair.
7. Ionadaíocht a dhéanamh ar leas daoine óga, go háirithe i dtaca le saincheisteanna um shábháilteacht ar bhóithre.
8. Ionadaíocht a dhéanamh ar leas daoine scothaosta, go háirithe i dtaca le saincheisteanna um shábháilteacht ar bhóithre.
9. Ionadaíocht a dhéanamh ar phobail tuaithe, háirithe i dtaca le saincheisteanna tuaithe um shábháilteacht ar bhóithre.
Inmhianaithe do gach ceann de na róil thíos
Tá sé inmhianaithe gur féidir le hiarratasóirí a léiriú go bhfuil taithí acu ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
• Taithí ar obair i réimsí a bhaineann leis an mbeartas poiblí, abhcóideacht nó forbairt straitéis
• Eolas ar shaincheisteanna um shábháilteacht ar bhóithre
• Eolas ar an earnáil iompar i gcoitinne
Téarma an Cheapacháin
Go ceann tréimhse thart ar 6 mhí a mhairfidh na ceapacháin chun an Fhóraim Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre ar an gcéad dul síos fad is a bheidh Plean Gníomhaíochta Chéim 2 á fhorbairt.
D’iarratas a chur isteach
Cé go gcuirtear fáilte roimh dhaoine aonair léirithe suime a chur isteach chun bheith ar an bhFóram, cuirimid fáilte chomh maith roimh ionadaithe ó ghrúpaí eile abhcóideachta nó leasa. I gcás grúpaí ar mian leo a bheith páirteach san Fhóram, molaimid daoibh léiriú spéise a chur isteach mar bhall aonair a bheidh ann thar ceann bhur ngrúpa. Má táthar ag déanamh iarratais ar son grúpa, léirigh é sin i do litir chumhdaigh.
Nuair a dhéanann tú breithniú ar na critéir ghinearálta inoiriúnachta do bhallraíocht san Fhóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre, ba chóir duit a bhreithniú ansin cén chaoi a dtagann do chúlra agus do thaithí le ceann amháin nó níos mó de na bunriachtanais shonracha a bhaineann le ballraíocht. Breithnigh go cúramach an ann d’aon choinbhleacht leasa fhéideartha agus déan plé léi sin i do litir chumhdaigh. D’fhéadfadh sé go ndéanfadh an Painéal Measúnaithe cinneadh gan d’ainm a chur chun cinn lena bhreithniú bunaithe ar choinbhleacht áirithe a bheith ann.
Ba cheart d’iarratasóirí curriculum vitae gairid a chur isteach, mar aon le litir chumhdaigh (leathanach amháin), chuig roadusersafetyforum@transport.gov.ie tráth nach déanaí ná 5:00 i.n., Dé hAoine, an 14 Meitheamh.
Sonraigh chomh maith aon ní a chuideodh leat a bheith mar chuid den phróiseas seo.
Nóta Tábhachtach
Bí cúramach agus do léiriú spéise á chur isteach agat. Mar gheall go ndéanfaidh an Painéal
Measúnaithe a mholadh (a mholtaí) go ginearálta bunaithe ar bhreithniú a dhéanamh ar an
bhfaisnéis a chuireann tú isteach, tá sé tábhachtach go gcinntíonn tú go sonraítear go soiléir i do litir chumhdaigh (agus sa CV leis) an chaoi a dtagann do chúlra agus taithí le riachtanais bhallraíochta an Fhóraim. Cabhróidh sé sin a chinntiú go bhfuil an oiread eolais agus is féidir ag an bPaineál Measúnaithe maidir leis an bhfáth a bhfuil iarratas á dhéanamh agat.
Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an bpróiseas iarratais, cuir ríomhphost chuig
Próiseas Measúnaithe
Is é Painéal Measúnaithe, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ón Roinn Iompair agus ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, a dhéanfaidh na hiarratais a fhaightear a bhreithniú agus a mheasúnú.
Déanfaidh an Painéal an méid seo:
• déanfaidh athbhreithniú ar na hiarratais a fhaightear agus cuirfidh i gcomparáid leis na riachtanais bhallraíochta iad; agus,
• déanfaidh breithniú ar éagsúlacht na n-iarratasóirí ó thaobh inscne, eitneachta,
ionadaíocht uirbeach/tuaithe, aoise, taithí agus saineolais lena chinntiú
go bhfuil cothromaíocht scileanna i measc an Fhóraim.
Déanfaidh an Painéal Measúnaithe moltaí maidir le ceapacháin chun an ghrúpa agus cuirfidh iad faoi bhráid an Aire Iompair atá freagrach as sábháilteacht ar bhóithre.
Rúndacht
Faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, déileálfar le hiarratais faoi rún daingean. Caithfear le gach fiosrú, iarratas agus gach gné de na himeachtaí faoi rún daingean agus ní chuirfear faoi bhráid aon duine eile iad, seachas iad siúd a bhfuil baint dhíreach acu leis an ngné sin den phróiseas.
Is chun críocha staidrimh ghinearálta amháin a bhaintear roinnt míreanna faisnéise, nach mbaineann go sonrach le haon duine ar leith, ó thaifid ríomhairí.
Cosaint Sonraí
Tabhair do d’aire go gcuirfear do litir chumhdaigh agus do curriculum vitae ar aghaidh chuig an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus féadfaidh sé go gcoinneofar iad go ceann tréimhse suas le bliain i gcás na n-iarratasóirí nár éirigh leo agus go ceann dhá bhliain i gcás na n-iarratasóirí ar éirigh leo.