An Líonra Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF)
- Foilsithe: 18 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 25 Meán Fómhair 2024
- An Líonra Tras-Eorpach Iompair
- An tSaoráid um Nascadh na hEorpa don Iompar
- Glaonna Cistiúcháin CEF
- Déan teagmháil linn
An Líonra Tras-Eorpach Iompair
Is líonra bóithre, línte iarnróid, calafort, aerfort, críochfoirt lastais agus nóid uirbeacha ar fud na hEorpa é an líonra tras-Eorpach iompair (TEN-T). Tá comhpháirteanna líonra TEN-T agus na ceanglais bhonneagair a bhaineann leis leagtha amach i Rialachán (AE) 2024/1679, a dtugtar Rialachán TEN-T air.
Ceanglaítear bonneagar iompair atá ina chuid den Chroí-Líonra a chur i gcrích de réir an chaighdeáin atá leagtha amach sa Rialachán faoi 2030. Is líonra níos leithne é an Líonra Cuimsitheach, a chaithfear a chur i gcrích faoi 2050.
Tá leagtha amach sa rialúchán freisin conairí ardtosaíochta darb ainm ‘Conairí Eorpacha Iompair’, a nascann líonraí paisinéirí agus lastais ar fud na hEorpa. Baineann dhá cheann de na conairí sin le hÉirinn – Conair an Atlantaigh agus Conair na Mara Thuaidh, na Réine agus na Meánmhara.
Is féidir léarscáileanna den líonra TEN-T a fheiceáil ar an tairseach idirghníomhach TENtec .
An tSaoráid um Nascadh na hEorpa don Iompar
Is í an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) don Iompar ionstraim chistiúcháin an Aontais a thacaíonn le forbairt ar an líonra tras-Eorpach iompair (TEN-T).
Leagtar amach rialacha agus cuspóirí na Saoráide um Chónascadh na hEorpa don tréimhse 2021-2027 i Rialachán CEF.
Is é cuspóir ginearálta an chláir Iompair CEF reatha ná an líonra TEN-T a fhorbairt agus a chur i gcrích, agus spriocanna fadtéarmacha aeráide an Aontais Eorpaigh á gcur san áireamh ag an am céanna. Is é €25.81 bhilliún an buiséad foriomlán a leithdháiltear ar thionscadail iompair le linn na tréimhse seo.
Seachadtar cistiú CEF i bhfoirm deontas a leithdháiltear tar éis glaonna iomaíocha ar thograí. Bíonn rátaí cistiúcháin éagsúla ann ag brath ar choinníollacha gach glao agus ar chineál an tionscadail, idir 20% agus 50% de na costais incháilithe, de ghnáth.
Cuirtear iarratais ar chistiú CEF faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA), a oibríonn i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach. Déanann CINEA measúnú ar gach iarratas agus monatóireacht ar chur i bhfeidhm na dtionscadal a n-éiríonn leo.
Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi rannpháirtíocht na hÉireann sa CEF go dtí seo agus faoi thionscadail aonair ar shuíomh gréasáin CINEA.
Glaonna Cistiúcháin CEF
Tá faisnéis faoi ghlaonna reatha agus faoi ghlaonna cistiúcháin roimhe seo le fáil ar Thairseach Chistiúcháin agus Tairiscintí an AE.
Glao Iompair CEF, 2024
Tá Glao Iompair na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (CEF), 2024 ar oscailt anois.
Tá buiséad beagnach €1bn ag an nglao cistiúcháin seo le tacú le bonneagar agus le córais iompair uasghrádaithe agus fheabhsaithe a fhorbairt ar Chroí-Líonraí agus ar Líonraí Cuimsitheacha TEN-T sna limistéir seo a leanas:
• athléimneacht bhonneagair
• córais digiteacha iompair
• gníomhartha le tacú le bealaí loingseoireachta gearrthurais a fhorbairt
• moil ilmhódacha paisinéirí
• áiseanna páirceála do HGVanna
Reáchtálfaidh CINEA seisiún faisnéise fíorúil faoin nglao an 2 Deireadh Fómhair 2024. Is féidir leat clárú anseo.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán gréasáin CINEA.
Amlíne agus Próiseas Aighneachta
Ionas go mbeidh iarratas bailí, ní mór don Bhallstát ina ndéanfar an tionscadal tacú leis an iarratas agus é a shíniú. In Éirinn, is í an Roinn Iompair atá freagrach as an bpróiseas seo.
Leis an gceanglas sin a éascú, ba cheart d’iarratasóirí foirm líonta achoimre tionscadail a sheoladh chuig CEF@transport.gov.ie faoin 29 Deireadh Fómhair 2024.
Ní mór d’iarratasóirí a n-iarratas líonta a chur isteach ar líne trí chóras ríomhaighneachta Thairseach Chistiúcháin agus Thairiscintí an AE, faoi 4pm (am na hÉireann) an 21 Eanáir 2025.
Glao um an tSaoráid um Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIF)
Tá sé mar aidhm ag an tSaoráid um Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIF) tacú le bonneagar malartach soláthair breosla a imscaradh ar an líonra TEN-T.
Osclaítear an Glao AFIF is déanaí an 29 Feabhra 2024. Tá tionscadail ó Éirinn i dteideal iarratas a dhéanamh faoin gclúdach ‘Ginearálta’, a bhfuil buiséad €780m san iomlán ag baint leis. Cuirfear maoiniú ar fáil faoi na glaonna seo le tacú le cur ar fáil bonneagair breoslaí malartacha, lena n-áirítear:
• Bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a bhfuil fáil ag an bpobal air ar ghréasán bóithre TEN-T agus i nóid uirbeacha TEN-T
• Leictriú oibríochtaí ag calafoirt agus aerfoirt TEN-T
• Bonneagar athbhreoslaithe hidrigine d’fheithiclí tromshaothair, feithiclí saothair éadroim, iompar poiblí, árthaí muirí, oibríochtaí calafoirt, iarnróid, agus aerfoirt atá ar ghréasán TEN-T
• Saoráidí stórála amóinia agus meatánóil i gcalafoirt TEN-T
Is 'glao cumaisc' é AFIF, rud a chiallaíonn nach mór d'iarratasóirí tacaíocht ó institiúid airgeadais a fháil le haghaidh 10% ar a laghad de chostas foriomlán an tionscadail sula ndéanann siad iarratas.
Is glao rollach é AFIF agus roinnt spriocdhátaí éagsúla i gceist. Seo a leanas na spriocdhátaí:
• 24 Meán Fómhair 2024
• 11 Meitheamh 2025
• 17 Nollaig 2025
Tá tuilleadh eolais faoin nglao ar fáil anseo.
Más spéis leat iarratas a dhéanamh ar chistiú AFIF, déan teagmháil linn ag CEF@transport.gov.ie ar a laghad dhá mhí roimh an spriocdháta taiscthe.
Déan teagmháil linn
Má tá ceisteanna agat faoi CEF nó TEN-T agat, déan teagmháil linn ag CEF@transport.gov.ie