Ardoifigeach Feidhmiúcháin TFC Speisialtóir Sinsearach Feidhmchlár
- Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Deireadh Fómhair 2025
Ardoifigeach Feidhmiúcháin TFC Speisialtóir Sinsearach Feidhmchlár
Tá an Roinn Iompair ag earcú le haghaidh duine proifisiúnta oilte in TFC le bheith linn in ár bhfoireann sa Mhol Digiteach sa tSionainn i gCo. an Chláir.
Is deis iontach í seo teacht ar bord le roinn rialtais iomráiteach. Is é misean ár roinne córas iompair inrochtana, éifeachtúil, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar a thacaíonn le pobail, teaghlaigh agus gnólachtaí.
Mar Speisialtóir Sinsearach Feidhmchláir (AOF), beidh ról lárnach agat i ndearadh, forbairt agus bainistíocht córas feidhmchlár TFC a thacaíonn le feidhmeanna ríthábhachtacha na roinne. Is deis uathúil í seo cur le turas claochlaithe digiteach na hÉireann, lena n-áirítear tionscnaimh ar nós Rialtas 2030, an straitéis náisiúnta do TFC agus seirbhísí digiteacha sa tSeirbhís Phoiblí.
Dáta deiridh: 11am, Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair 2025