Athbhreithniú ar Chéimeanna 2 agus 3 Dhorchla Iarnróid an Iarthair (Baile Átha an Rí go Clár Chlainne Mhuiris)
- Foilsithe: 8 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Thug an Clár don Rialtas gealltanas ‘Breithniú a dhéanamh ar an tuarascáil ar thodhchaí Chonair Iarnróid an Iarthair agus gníomh cuí a dhéanamh’. Tugtar ‘Tuarascáil EY’ ar an tuarascáil dá dtagraítear, arna coimisiúnú ag Iarnród Éireann agus a cuireadh faoi bhráid na Roinne go foirmiúil i mí Iúil 2020.
Ag teacht le cinneadh an Rialtais roimhe seo, bhí an tuarascáil seo faoi réir athbhreithniú neamhspleách a choimisiúnaigh an Roinn agus a rinne JASPERS (Comhchúnamh chun Tacaíocht a thabhairt do Thionscadail i Réigiúin na hEorpa), gníomhaireacht de chuid an AE/BEI.
Tá conclúidí ‘Tuarascáil EY’ agus ‘Athbhreithniú JASPERS’ tugtha ar aird ag an Rialtas agus, mar atá geallta ag an Aire, tá an dá thuarascáil foilsithe anseo, ar fáil ag na naisc thíos.
Chuir an tAire Ryan an Rialtas ar an eolas faoi Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid atá beartaithe ar an ngréasán iarnróid idir-uirbeach agus idir-réigiúnach ag tabhairt aird ar an ngá atá le forbairt réigiúnach chothromaithe agus nascacht trasteorann. Déanfar an tAthbhreithniú Straitéiseach Iarnróid seo ar bhonn uile-oileáin agus tá an Roinn Iompair agus an Roinn Bonneagair (Tuaisceart Éireann) ag comhoibriú ar théarmaí tagartha cuí a fhorbairt d’fhonn tús a chur leis an staidéar in 2021.