English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Bí Ullamh don Samhradh

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 6 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Seo an cúigiú bliain den fheachtas eolais ‘Bí Réidh don Samhradh’, a théann leis an bhfeachtas ‘Bí Réidh don Gheimhreadh’ atá ar an bhfód le fada an lá.

Is é is aidhm leis an bhfeachtas ná eolas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le rudaí a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu i míonna an tsamhraidh in Éirinn agus daoine a spreagadh le heolas a chur go réamhghníomhach ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Ar an gcaoi sin, táthar ag súil go mbeidh siad ullamh le hiad féin a choinneáil slán sábháilte agus go mbeidh a fhios acu cén áit ar féidir leo cúnamh a fháil i gcás práinne.

Is é ‘Taisteal go Cliste’ téama an fheachtais in 2024. Is é is aidhm leis ná aird an phobail a tharraingt ar na bealaí ar féidir leo iad féin a choinneáil slán sábháilte agus iad ag taisteal thar lear an samhradh seo, chomh maith le rudaí ar féidir leo a dhéanamh roimh an turas.

Gabhann bileog eolais leis an bhfeachtas, ina leagtar amach comhairle agus eolas tábhachtach maidir le pasanna, árachas taistil, árachas sláinte agus cúnamh consalachta. Tá naisc ann freisin le foinsí breise comhairle d’fhonn cabhrú le daoine den phobal pleanáil agus ullmhú sula mbuaileann siad an bóthar.

Mholfaimis do dhaoine roinnt ama a ghlacadh le heolas a chur ar an gcomhairle thábhachtach shábháilteachta atá san fheachtas seo – ábhair amhail sábháilteacht uisce, sábháilteacht ar bhóithre, ullmhacht sláinte, agus sábháilteacht feirme.

Tá tuilleadh eolais faoin bhfeachtas ar fáil ar an siúomh Item was unpublished or removed

Bí Ullamh don Samhradh 2024
Amharc amharc
Bí Ullamh don Samhradh 2024 Bileog
Amharc amharc