English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Céard is oiriúnú ann?

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 27 Márta 2024
  • An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2024


Céard is oiriúnú aeráide ann agus cén fáth a bhfuil gá leis?

Dá gcuirfí stop iomlán inniu leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa is cúis le téamh domhanda, leanfadh roinnt d’éifeachtaí an athraithe aeráide dhomhanda ar aghaidh go ceann i bhfad mar sin féin. Is é is cúis leis sin ná nach bhfuil aon dul siar ar roinnt de na hathraithe atá tagtha ar chórais aimsire agus nádúrtha an domhain de dheasca na n‑astaíochtaí carbóin a scaoileadh cheana.

Le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide ar bhealach éifeachtach ní mór dúinn dhá rud a dhéanamh. Ní mór dúinn dul i mbun gnímh ar bhonn práinne Item was unpublished or removed trí na hastaíochtaí a ísliú chomh tapa agus is féidir. Ag an am céanna, ní mór dúinn beart a dhéanamh le cabhrú le córais dhaonna agus nádúrtha dul i ngleic le hiarmhairtí an athraithe aeráide agus teacht aniar a dhéanamh níos gasta, san am i láthair agus san am atá le teacht araon.

Má dhéanaimid gníomh anois leis na córais atá againn a oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide agus teacht aniar a chothú iontu, is féidir linn ár gcion féin a dhéanamh freisin le dúshláin agus fadhbanna eile a bhaineann leis an t‑athrú aeráide a chur ina gceart. Ina theannta sin, is féidir le gníomhartha dea‑dheartha oiriúnaithe tacú lenár ngeilleagar, le poist agus le pobail, chomh maith le tacú le gnáthóga agus leis an mbithéagsúlacht. Tá gá le pleanáil, bunaithe ar shaineolas agus ar eolaíocht, lena dhéanamh amach céard iad na gníomhartha is fearr le déanamh agus céard é an bealach is fearr leis na córais dhaonna agus nádúrtha atá againn a chosaint in aghaidh iarmhairtí an athraithe aeráide anois agus amach anseo.

Tá buntáistí ag baint freisin le cur chuige comhtháite a ghlacadh i leith pleanáil do na cineálacha athruithe atá i ndán don saol de dheasca an athraithe aeráide. Má dhéanaimid beart gan mhoill, tá súil againn gur féidir linn cuid de na hiarmhairtí nach bhfuil neart againn orthu a chur chun sochair dúinn agus, ar an gcaoi sin, ár gcion féin a dhéanamh leis an tsochaí atá againn a chosaint i ndomhan atá ag athrú. Má theipeann orainn déanamh amhlaidh, is é is dóichí ná gur mó go mór na hiarmhairtí agus na costais a bheidh le seasamh againn amach anseo.

Le tuilleadh eolais a fháil, féach ar Climate Ireland (Aeráid Éireann), an t‑ardán náisiúnta oiriúnaithe aeráide atá á chur ar fáil ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.


Cén sórt iarmhairtí aeráide ar féidir linn a bheith ag súil leo?

Tá saol na heolaíochta den tuairim go bhfuil an domhan mór thíos cheana féin le hathrú aeráide arb é an duine daonna ba chúis leis.na meánteochtaí ag ardú agus bíonn na teochtaí is airde riamh ann bliain i ndiaidh bliana. Tá athrú ag teacht ar na séasúir agus is minice a bhíonn cásanna fíor‑dhrochaimsire ann, amhail stoirmeacha agus triomaigh, gan trácht ar iarmhairtí eile nach bhfuil chomh follasach céanna, amhail ardú ar leibhéal na farraige. Meastar chomh maith go dtiocfaidh borradh faoi na hathruithe atá ag tarlú anois sna blianta amach romhainn.

In Éirinn, tá pobail agus córais dhaonna agus nádúrtha thíos leis na hathruithe cheana féin, athruithe amhail stoirmeacha geimhridh níos láidre agus níos minice, báisteach níos láidre agus tuilte san fhómhar agus sa gheimhreadh, chomh maith le teochtaí níos airde sa samhradh. Tá ráta ardaithe leibhéal na farraige tar éis éirí níos tapa freisin, rud a chuireann dúshlán roimh ár gcathracha agus ár bpobail cois cósta, agus rud is cúis le creimeadh agus le caitheamh agus cuimilt ar ár gcóstaí. Fágann dul chun cinn atá déanta san eolaíocht le déanaí gur féidir linn tosú ag meas cén bhaint go díreach atá ag an athrú aeráide leis an bhfíor‑dhrochaimsir a bhíonn againn na laethanta seo. Léiríonn an saothar sin gur de bharr an athraithe aeráide atá na cásanna drochaimsire sin ag éirí níos measa agus níos contúirtí.

Na hathruithe aeráide siúd a mbíonn tionchar acu ar shaoránaigh, ar phobail agus ar chórais nádúrtha, bíonn tionchar acu chomh maith ar bhonneagar agus córais iompair toisc gurb iad sin a nascann daoine, earraí agus áiteanna le chéile agus a nascann Éire leis an gcuid eile den domhan. Tá aitheanta gur Item was unpublished or removed do na bóithre, na hiarnróid, na haerfoirt agus na calafoirt iad tuile, báisteach, gaoth ard, borradh stoirme agus ardú ar leibhéal na farraige. Tosaíocht eile a bhaineann leis an mbonneagar iompair atá suite gar don fharraige is ea athléimneacht in aghaidh creimeadh cósta. Má dhéantar bonneagar a oiriúnú do theas níos airde sa samhradh, rachaidh sé chun leas taistealaithe chomh maith. Tacóidh sé le nascacht ar fud an oileáin ó cheann ceann na bliana.


Céard iad na cineálacha gnímh is féidir a dhéanamh le hoiriúnú don athrú aeráide?

Is féidir an-chuid gníomhartha oiriúnaithe don athrú aeráide a dhéanamh, ag brath ar cé atá thíos, céard air a mbeidh tionchar agus cén cineál tionchair aeráide atá i gceist.

Is féidir cosaintí tuile a thógáil feadh aibhneacha agus cóstaí le pobail, tithe agus talamh feirme a chosaint in aghaidh borrthaí stoirme agus tuilte. Is féidir córais luathrabhaidh fíor‑dhrochaimsire a chur i bhfeidhm le gur féidir le pobail iad féin a dhéanamh réidh don aimsir atá ag teacht. Is féidir leas a bhaint as taighde agus teicneolaíocht lena thuar agus lena mhapáil céard iad na hearnálacha is mó a bheidh thíos le hiarmhairtí aeráide. Is féidir leis an rialtas, le gnólachtaí, le pobail agus le saoránaigh úsáid a bhaint as taighde agus teicneolaíocht lena aithint céard iad na freagairtí is fearr agus cén chaoi féachaint chuige go seasfaidh caiteachas ar an ngníomhú ar son na haeráide an aimsir. Beidh buntáistí oiriúnaithe i gceist le go leor gníomhartha le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair a laghdú (i.e. Item was unpublished or removed) agus is féidir leo siúd tacú le cineálacha cur chuige atá bunaithe ar nádúr chomh maith.


Céard go baileach atá i gceist le bonneagar iompair a oiriúnú don aeráid?

Is féidir bonneagar iompair a oiriúnú le teacht aniar aeráide a chothú ar go leor bealaí éagsúla, ag brath ar na cineálacha bonneagair agus ar na hiarmhairtí atá i gceist. Breathnaigh ar an bPlean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide don Earnáil Iompair le tuilleadh eolais a fháil.

Ar shamplaí de na gníomhartha oiriúnaithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá:

• bearta a phleanáil agus a chur i bhfeidhm leis an oiriúnú a dhéanamh ina chuid de na gnáthphróisis ghnó i ngach gné de phleanáil rialtais agus iompair le páirtithe leasmhara,

• an t‑oiriúnú a chur ar an gclár oibre ag bord bainistíochta na n‑eagraíochtaí iompair go léir toisc gur féidir a chinntiú ar an gcaoi sin go gcoinnítear súil ar an oiriúnú agus go mbíonn bearta éifeachtacha á ndéanamh,

• oiliúint a chur ar an bhfoireann ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar na rioscaí aeráide agus ar ar cheart dóibh a dhéanamh fúthu.

Is den ríthábhacht é eolas agus feasacht ar an oiriúnú a mhéadú ar fud na hearnála iompair. Cuireann sé bonn faoin obair phleanála agus dearaidh innealtóireachta ar bhóithre, ar iarnróid, ar chalafoirt agus ar aerfoirt le himeacht a saolré. Is féidir leis bonn eolais a chur faoi chláir chothabhála agus dheisiúcháin ó lá go lá freisin, chomh maith le reáchtáil líonraí iompair. Is féidir le húdaráis próisis pleanála éigeandála a úsáid i leith iarmhairtí an athraithe aeráide freisin. Fágann sé sin gur féidir córais a chur i bhfeidhm a chabhróidh lenár líonraí teacht ar ais chucu féin arís nuair a thagann droch‑iarmhairtí an athraithe aeráide chun cinn, lena n-áirítear cásanna fíor‑dhrochaimsire san am i láthair agus san am atá le teacht.

Is cuma cén gníomh a chuirtear i bhfeidhm, is léir ón dea‑chleachtas gur cheart príomhphointí áirithe a chur san áireamh i ngach pleanáil, beartas agus gníomh oiriúnaithe aeráide. Ba cheart go mbeadh gníomhartha oiriúnaithe iompair bunaithe ar an eolaíocht agus ar an bhfianaise i gcónaí, lena n-áirítear an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil maidir leis na patrúin agus na hiarmhairtí aimsire atá ag athrú. Ba cheart go mbeadh gníomhartha cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar riachtanais agus cearta na bpobal. Ba cheart go ndéanfadh na heagraíochtaí cearta, an chuid cheart den rialtas nó na páirtithe leasmhara cearta iad ag an am ceart.


Cé air a bhfuil an fhreagracht as oiriúnú aeráide an iompair?

Is é an Rialtas atá freagrach as an oiriúnú don athrú aeráide a phleanáil agus a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta, agus is í an Roinn Iompair atá freagrach as an oiriúnú don athrú aeráide a chomhordú don earnáil iompair. Chun eolas níos mionsonraithe a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn sé sin, breathnaigh ar an bhfaisnéis atá againn maidir le Struchtúir Oiriúnaithe Náisiúnta agus Struchtúir Oiriúnaithe don Earnáil Iompair.

In Éirinn, is iad gníomhaireachtaí rialtais, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí iompair atá freagrach as bearta oiriúnaithe don athrú aeráide a chur i bhfeidhm chomh fada is a bhaineann siad le bonneagar iompair. Fágann sé sin go n-oibríonn eagraíochtaí éagsúla thar raon réimsí, lena n-áirítear bainistíocht, pleanáil, infheistíocht, measúnú riosca agus struchtúir oibriúcháin. Mar shampla, cuirtear an t‑oiriúnú san áireamh i gcláir oibre bóithre, sa phróisis bhuiséadaithe le haghaidh iarnróid níos aeráid‑díonaí agus i bpleananna straitéiseacha fadtéarmacha maidir le bonneagar. Is é an rud a cheanglaíonn na próisis sin go léir le chéile ná an gá le luach ar airgead a fháil, le saolré sócmhainní iompair a dhéanamh níos faide, le seirbhísí agus córais a choinneáil ag dul, le háiteanna a choinneáil ceangailte, agus leis na seirbhísí agus córais sin a bheith in ann teacht chucu féin arís níos tapa tar éis cásanna fíor‑dhrochaimsire.


Cén chaoi ar féidir liom mo chuid féin a dhéanamh le bonneagar iompair a oiriúnú don athrú aeráide?

Is ar eagraíochtaí bonneagair iompair agus ar Chomhairlí Cathrach agus Contae atá an fhreagracht as bonneagar iompair a oiriúnú den chuid is mó. Is é freagra a thabhairt ar chomhairliúchán poiblí an príomhbhealach ar féidir le saoránaigh a lorg a fhágáil ar an gcaoi a ndéanfar bonneagar iompair a oiriúnú don athrú aeráide go náisiúnta agus ina gceantar áitiúil féin. De réir an dlí, ní mór comhairliúchán a reáchtáil maidir le gach plean gníomhaithe ar son na haeráide atá sé i gceist ag údarás áitiúil a eisiúint. Mar chuid den phróiseas pleanála, téann eagraíochtaí iompair i gcomhairle leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara maidir le pleanáil, dearadh agus tionchar comhshaoil tograí bonneagair.

Chun tacú le bonneagar iompair a bhfuil níos mó teacht aniar ann is féidir le saoránaigh tuilleadh eolais a chur ar an athrú aeráide agus ar na droch‑iarmhairtí a bhaineann leis. Bíodh cead cainte agat ar na saincheisteanna a bhaineann leatsa ach aighneacht a dhéanamh ar na pleananna agus na moltaí leis an earnáil iompair a oiriúnú don athrú aeráide.

Más mian leat do thuairim a nochtadh, coinnigh súil amach don dréacht nua den Phlean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide don Earnáil Iompair atá le seoladh ag deireadh 2024.