Cén chaoi a n-oibríonn luchtú feithiclí leictreacha?
- Foilsithe: 21 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chun feithicil leictreach a luchtú, páirceáiltear an fheithicil agus nasctar í leis an nasc pointe luchtaithe nó leis an soicéad pointe luchtaithe trí chábla pointe luchtaithe.
Is gnách go dtagann pointí luchtaithe feithiclí leictreacha faoi dhá chatagóir: luchtú caighdeánach agus mearluchtú. Tugtar luchtú srutha ailtéarnaigh (SA) agus luchtú srutha dhírigh (SD) orthu freisin. Tá dhá chineál luchtú srutha ailtéarnaigh ann: pas aonair nó trí phas. Le linn luchtú, seoltar leictreachas srutha ailtéarnaigh ón bpointe luchtaithe chuig an bhfeithicil. Braitear leis an luchtaire ar bhord na feithicle an uaschumhacht atá ar fáil ón bpointe luchtaithe. Tiontaíonn an fheithicil an chumhacht srutha ailtéarnaigh sin ina cumhacht srutha dhírigh agus bainistíonn sí luchtú gach cille i bpaca ceallra na feithicle.
Tríd is tríd, tá luchtú srutha dhírigh bainteach le mearluasanna luchtaithe. Is féidir le luchtú srutha dhírigh paca ceallra na feithicle a luchtú go mear. Sa chás seo, tiontaíonn an pointe luchtaithe srutha dhírigh leictreachas srutha ailtéarnaigh ina leictreachas srutha dhírigh, rud a sholáthraítear uaidh don fheithicil trí é a sheoladh díreach chuig an gceallra.
Déantar an próiseas a rialú agus a bhainistiú tríd an gcóras bainistíochta ceallraí laistigh den fheithicil a dhéanann cumarsáid leis an luchtaire SD tríd an gcábla nasctha, a insíonn don luchtaire cad é an méid cumhachta atá le soláthar ag aon phointe ar leith le linn an phróisis agus a rialaíonn tús agus deireadh an phróisis luchtaithe.
Luas agus cineál an phointe luchtaithe | Rátáil cumhachta | Neastréimhse luchtaithe** |
Baile (sruth ailtéarnach pas aonair) | 3-7 kW | 7-16 uair an chloig |
Caighdeánach (sruth ailtéarnach trí phas) | 11-22 kW | 2-4 uair an chloig |
Mear (SD) | Chomh fada le 50 kW | 30 nóiméad |
Ardchumhacht (SD) | > 50 kW | 30 nóiméad nó níos lú |
- Braitheann sé sin freisin ar acmhainn luchtaithe na feithicle, ar staid an luchta tráth thús an luchtaithe agus ar thosca eile amhail an paca ceallra agus teochtaí comhthimpeallacha.
Léirítear le leibhéal cumhachta phointe luchtaithe (in kW) an t-uasmhéid fuinnimh a d’fhéadfaí a sholáthar do phaca ceallra i dtréimhse uair an chloig. Beidh an méid iarbhír fuinnimh a aistreofar chuig an gceallra ina thoradh ar fhriotaíocht inmheánach an cheallra, an t-uasráta ar féidir leis an bpaca a sheasamh ag an leibhéal luchtaithe ar leith ar an luchtú a thosú, agus an córas fuaraithe ceallra, i measc nithe eile. Chomh maith leis sin, i gcás luchtú breisithe, go háirithe agus pointí mearluchtaithe ardchumhachta á n-úsáid acu, is minic nach gá d'úsáideoirí feithiclí leictreacha a bhfeithiclí leictreacha a luchtú go hiomlán; is féidir leo an ceallra a phlugáil isteach agus gan ach an méid luchta a theastóidh chun a gceann scríbe a bhaint amach a chur sa cheallra.
Is féidir le pointí luchtaithe de gach luas leictreachas srutha ailtéarnaigh a úsáid, cé nach féidir ach le pointí mearluchtaithe nó le pointí luchtaithe ardchumhachta leictreachas srutha dhírigh a úsáid. Sa chuid is mó de limistéir chónaithe, is iad soláthairtí cumhachta leictrí srutha ailtéarnaigh pas aonair na soláthairtí is coitianta, toisc go bhfuil an cineál sin córais soláthair oiriúnach do lóid leictreacha measartha íseal, amhail soilsiú agus teas, mar aon le roinnt bheag mórmhótar leictreach. I gcás mórfhoirgneamh tionsclaíoch nó tráchtála, is minic a úsáidtear córas srutha ailtéarnaigh ardchumhachta trí phas. Is leis an gcineál soláthair srutha ailtéarnaigh atá ar fáil a chinntear an cineál pointe luchtaithe is féidir a shuiteáil toisc gur gnách go dteastaíonn soláthar srutha ailtéarnaigh trí phas le haghaidh pointí luchtaithe lena soláthraítear leictreachas atá i bhfad níos mó ná 7 kW (amhail 11 kW go 22 kW).
Ina theannta sin, níl an chuid is mó de na carranna leictreacha atá ar an margadh faoi láthair in ann freastal ar níos mó ná c. 7 kW ar sholáthar srutha ailtéarnaigh pas aonair nó, i gcás ina bhfuil siad in ann freastal ar luchtanna srutha ailtéarnaigh níos airde suas le 11 kW, dearadh iad chun a chinntiú nach luchtófar iad os cionn 7 kW má úsáidtear soláthar leictreachais srutha ailtéarnaigh pas aonair. Fágann sé sin gurb amhlaidh, i limistéir chónaithe, is iad na cineálacha pointí luchtaithe is éifeachtaí ná na pointí luchtaithe ísealvatachta idir 7 kW agus 11 kW a oibríonn ar an dóigh is fearr thar thréimhsí luchtaithe níos faide, amhail thar oíche. Tríd is tríd, tá pointí luchtaithe srutha ailtéarnaigh níos lú ó thaobh méide de, rud a fhágann go bhfuil siad níos oiriúnaí do chomhthéacsanna baile mar a bhfuil teorainn leis an spás atá ar fáil le haghaidh bonneagar luchtaithe.
Tá cineálacha éagsúla nascóirí ag feithiclí leictreacha freisin le haghaidh luasanna éagsúla luchtaithe, agus ní féidir iad a phlugáil isteach ach amháin i bpointí luchtaithe a bhfuil an cineál céanna nascóra acu, mura n-úsáidtear cuibheoir.
Cineálacha nascóirí 1 agus 2: I gcás luchtú srutha ailtéarnaigh (luchtú caighdeánach /mearluchtú), is gnách go n-úsáideann feithiclí leictreacha nascóir Chineál 1 nó Chineál 2. Tá teicneolaíochtaí nascóir Chineál 2 níos coitianta i bhfeithiclí leictreacha níos nuaí, agus tacaíodh le húsáid an chineáil phointe luchtaithe sin mar bhealach chun luchtú caighdeánaithe, idir-inoibritheach a bhaint amach ar fud an Aontais Eorpaigh.
Cineálacha nascóirí an Chomhchórais Luchtaithe (CCS) nó CHAdeMO: Tá níos mó ná cineál nascóra amháin i roinnt stáisiún luchtaithe (mar shampla: CCS agus CHAdeMO araon), rud a fhágann gur féidir raon samhlacha feithiclí leictreacha a luchtú. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go mbeidh formhór na bhfeithiclí leictreacha in ann formhór na bpointí luchtaithe a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a úsáid.