Cén fáth a bhfuil do thuras tábhachtach
- Foilsithe: 4 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 8 Lúnasa 2025
- An fáth a bhfuil tábhacht le do thuras
- Plean Gnímh ar son na hAeráide don Iompar
- Na buntáistí a bhaineann leis an taisteal inbhuanaithe
- Na Buntáistí a Bhaineann le Brú Tráchta a Laghdú
- Turais Taistil Ghníomhaigh
- Taighde ar dhearcadh i leith siúlóide, rothaíochta agus iompar poiblí
- Turais Paisinéirí ar an Iompar Poiblí
Tá tábhacht le do thuras. Toisc gur roghnaigh tú dul de shiúl na gcos, ar do rothar nó ar an gcóras iompair poiblí inniu, tá tú ag cur leis an iarracht náisiúnta le hastaíochtaí iompair a laghdú 50% faoi 2030.
An fáth a bhfuil tábhacht le do thuras
Maidir le hastaíochtaí iompair
- in 2022, is ón earnáil iompair a tháinig 19.1% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann
- tá an t-iompar ar bhóithre taobh thiar de bheagnach 95% de na hastaíochtaí iompair go léir
- carranna paisinéirí is cúis le thart ar 50% de na hastaíochtaí ón iompar ar bhóithre
Idir 1990 agus 2022, tháinig méadú níos mó ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil taistil ná mar a tháinig in aon earnáil eile. Mhéadaigh sé níos mó ná a dhá oiread le himeacht na tréimhse sin.
(Foinse: EPA)
Monatóireacht agus Measúnú: An tAthrú Aeráide: Foilseacháin maidir le hAstaíochtaí Aeir
Plean Gnímh ar son na hAeráide don Iompar
Toisc gur roghnaigh tú dul ar an mbus, de shiúl na gcos, nó ar an rothar in ionad dul sa charr inniu, tá tú ag cur leis an iarracht náisiúnta le hastaíochtaí iompair a laghdú 50% faoi 2030.
I measc ár ngealltanas sa Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 tá:
- an t-achar iomlán a thiomáintear thar gach turas cairr a laghdú 20%
- 50% dár dturais a bheith de shiúl na gcos, ar rothar nó ar sheirbhís iompair phoiblí
- feithicil leictreach a bheith i gceann amháin de gach 3 charr phríobháideacha
- cur le gréasáin siúil agus rothaíochta
- fáil a bheith ag 70% de na daoine i gceantair thuaithe ar bhusanna a théann chuig an mbaile áitiúil ar a laghad 3 huaire gach lá faoi 2030
Na buntáistí a bhaineann leis an taisteal inbhuanaithe
Buntáistí Aeráide
Scaoileann modhanna éagsúla iompair (amhail carr, bus, traein) méideanna éagsúla astaíochtaí CO2 do gach ciliméadar a thaistealaítear in aghaidh an phaisinéara (PKM). Scaoileann busanna agus traenacha astaíochtaí carbóin níos ísle do gach ciliméadar a thaistealaítear in aghaidh an phaisinéara ná carranna agus is féidir leo níos mó daoine a iompar in aghaidh an turais, rud a shábhálann líon mór CO2.
Mar shampla:
- dá dtaistealódh na paisinéirí go léir ar ghnáth-thraein ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath i gcarr seachas ar an traein, bheadh 90 carr sa bhreis ar bhóithre na hÉireann. Anuas air sin, sábhálann an traein 1.6 tonna CO2 in aghaidh gach turais
- dá rachadh na paisinéirí ar ghnáthbhus dhá stór i mBaile Átha Cliath i gcass in ionad an bhus, bheadh 16 charr sa bhreis ar bhóithre na hÉireann
Má théann tú de shiúl na gcos nó ar an rothar aon uair is féidir leat é, is féidir leat níos mó astaíochtaí carbóin a shábháil fós.
Mar shampla:
- má dhéanann tú turas ceithre chiliméadar go dtí an scoil ar rothar seachas sa charr, d’fhéadfá 200kg CO2 a shábháil gach bliain
- dá bhféadfaimis gach turas cairr atá níos lú ná 4km a dhéanamh ar an rothar seachas sa charr, d’fhéadfaimis na hastaíochtaí náisiúnta ón iompar paisinéirí a laghdú 9%
- dá ndéanfaimis amhlaidh le gach turas atá níos lú ná 6km, d'fhéadfaimis na hastaíochtaí náisiúnta ón iompar paisinéirí a laghdú 21%
Tógadh na léargais thuas ó staidéar de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a foilsíodh in 2022, inar ríomhadh na hastaíochtaí CO2 ón iompar paisinéirí in Éirinn de réir achair, modha agus cuspóir turais (UCC MarEI).
Buntáistí Sláinte agus Folláine
Baineann buntáistí suntasacha sláinte le gníomhaíocht choirp a dhéanamh go rialta, amhail siúl, rothaíocht, dul amach ar chathaoir rotha, agus a bheith i mbun spóirt nó caithimh aimsire gníomhach.
Má bhítear níos gníomhaí i rith an lae ar bhealaí réasúnta simplí, is féidir na leibhéil ghníomhaíochta a mholtar a bhaint amach go héasca.
Is cineálacha gníomhaíochta choirp iad an siúl agus an rothaíocht gcomhair iompair nó fóillíochta ar féidir le go leor daoine iad a thabhairt isteach go héasca ina ngníomhaíochtaí laethúla. Ina theannta sin, má dhéanaimid taisteal ar bhealach níos inbhuanaithe, is fearr a bheimid in ann an pobail na tíre a spreagadh lena meon a athrú ionas go mbeidh siad níos dírithe ar dhaoine agus ar áiteanna ar féidir cónaí iontu go héasca.
Is iomaí staidéar a rinne imscrúdú sonrach ar thionchar na siúlóide agus na rothaíochta. Ina measc sin, léiríodh an méid seo a leanas:
- má bhíonn tú ag siúl ar feadh 30 nóiméad nó ag rothaíocht ar feadh 20 nóiméad nach mór gach lá, laghdaítear an baol báis 10% ar a laghad
- luaitear taisteal gníomhach chun na hoibre le laghdú thart ar 10% ar an riosca go dtiocfadh galar cardashoithíoch ar dhuine agus laghdú 30% ar an riosca go dtiocfadh diaibéiteas de chineál 2 ar dhuine; agus
- tá an bás de bharr ailse 30% níos ísle ina measc siúd a bhíonn ag dul chun na hoibre ar rothar
Caighdeán an Aeir
Aithníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) gurb é an truailliú aeir an riosca sláinte comhshaoil is mó san Eoraip agus gur cúis mhór é le bás roimh am agus galar.
Tá léirithe gur mó an dochar a dhéanann sé do shláinte an duine ná mar a dhéanann droch-aiste bia nó caitheamh tobac.
Fágann an méadú atá ag teacht ar thrácht go bhfuil sé ag éirí níos dúshlánaí ardcháilíocht aeir a choinneáil do dhaoine in aice láimhe in áiteanna ina mbíonn go leor brú tráchta ann, nó in áiteanna a mbíonn sé deacair truailleáin aeir a bhaineann le hiompar a scaipeadh (mar shampla i sráideanna cathrach a bhfuil mórchuid foirgneamh iontu).
Na Buntáistí a Bhaineann le Brú Tráchta a Laghdú
Má thagann laghdú ar thrácht carranna, tiocfaidh laghdú ar an mbrú tráchta, agus dá bharr sin, beidh daoine in ann taisteal ar bhealach níos éifeachtúla. Anuas air sin, má thagann laghdú ar an mbrú tráchta, beidh na seirbhísí iompair níos éifeachtúla agus beifear in ann brath orthu.
Léirigh an t-innéacs Siúil agus Rothaíochta maidir le Baile Átha Cliath (2021) go mbeadh suas le 330,000 carr sa bhreis ar an mbóthar i gCeantar Chathair Bhaile Átha Cliath gach lá murach iad siúd a bhíonn ag siúl agus ag rothaíocht. Dá mbeadh na carranna seo ar fad i dtranglam tráchta bheadh sé thart ar 1600km ar fhad, níos mó ná an t-achar ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Sciobairín agus ar ais arís, faoi dhó.
Turais Taistil Ghníomhaigh
Fuarthas amach i nDaonáireamh 2022:
- gur tháinig méadú ar líon na ndaoine a roghnaigh dul chun na hoibre, na scoile nó an choláiste de shiúl na gcós nó ar an rothar idir 2016 agus 2022
- go raibh 88% níos mó páistí bunscoile ag taisteal chun na scoile ar rothar in 2022 ná mar a bhí in 2016
- go ndeachaigh suas le 79% de na daltaí idir 13 agus 18 mbliana d'aois chun na scoile ar rothar
Taighde ar dhearcadh i leith siúlóide, rothaíochta agus iompar poiblí
Léirigh taighde a rinne Red C, agus ar choimisiúnaigh an Roinn Iompair é, roinnt léargais shuimiúla ar dhearcadh an phobail i leith an iompair. I measc na dtorthaí bhí:
Turais Paisinéirí ar an Iompar Poiblí
In 2023, d’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair go raibh líon na dturas ar iompar poiblí níos airde ná riamh.
Chuir na seirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) breis agus 308 milliún turas ar fáil do phaisinéirí in 2023. Ba í seo an chéad bhliain riamh gur sháraigh líon na bpaisinéirí ar sheirbhísí OSP an 300 milliún.
- Is ionann na figiúirí seo agus méadú foriomlán 24% ar líon na bpaisinéirí le linn 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus méadú 5% os cionn na bliana roimhe sin in 2019.
- Tharla meastachán de 45.5 milliún turas paisinéara ar iarnród le linn na bliana, méadú ó 35.8 milliún in 2022.
Ó 2022 i leith, seoladh os cionn 100 seirbhís nua agus fheabhsaithe i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na hÉireann, faoin bPlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana le Connecting Ireland. In 2023[PN1] , d’iompair seirbhísí bus rialta an Nasc Áitiúil le TFI 3.2 milliún paisinéir, méadú 78% ar an 1.8 milliún paisinéir in 2022.
[PN1]An Plean Soghluaisteachta Tuaithe
Éire a Nascadh on NTA website (Also title of GA version of plan)
Plean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana Connecting Ireland. TFI website
Éire á Nascadh – An Plean Soghluaisteachta Tuaithe. DoT website