English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cad is pointe luchtaithe feithiclí leictreacha ann?

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 21 Iúil 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Go bunúsach, is é is pointe luchtaithe feithiclí leictreacha ann ná píosa trealaimh comhéadain lena nasctar feithicil leictreach aonair le soláthar leictreachais, rud lena gcumasaítear ceallra na feithicle a luchtú. Is leis an gceallra sin a sholáthraítear an chumhacht chun an fheithicil a thiomáint, lena n-áirítear feithiclí lánleictreacha nó feithiclí hibride inluchtaithe. Is minic a úsáidtear na téarmaí Béarla ‘charge point’ agus ‘charging point’ go hidirmhalartach. Is é ‘pointe luchtaithe’ an téarma coibhéiseach Gaeilge.

Is féidir le pointí luchtaithe a bheith ina gcomhéadain neamhspleácha (mar atá amhlaidh i gcás an chuid is mó de phointí luchtaithe baile) nó is féidir iad a eagrú i dteaglamaí éagsúla nó i gcnuasaigh éagsúla i láithreacha ar leith. Tá na pointí luchtaithe comhcheangailte aonair sin ina moil mar ar féidir níos mó ná feithicil leictreach amháin a luchtú san aon am amháin.

Tá an chuid is mó de na pointí luchtaithe feithiclí leictreacha a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu comhdhéanta de chuas páirceála aonair agus de phointe nasctha leictreachais in aice leis. I gcás ina soláthraítear níos mó ná pointe luchtaithe amháin, is féidir roinnt pointí nasctha a ghrúpáil le chéile i stáisiúin luchtaithe aonair. Is é an toradh atá air sin ná go laghdaítear an líon cáblaí agus crua-earraí a theastaíonn chun an pointe luchtaithe a nascadh leis an soláthar leictreachais agus is dóigh éifeachtúil í chun a chinntiú go mbeifear in ann níos mó ná feithicil amháin a luchtú san aon am amháin. Is socrú coitianta é dhá shoicéad chúplacha a bheith ann i stáisiún luchtaithe aonair lena bhfreastalaítear ar dhá chuas páirceála atá taobh le taobh nó cúl le cúl.

Nuair a bhí teicneolaíochtaí feithiclí leictreacha ag céim luath, d'fhorbair déantóirí éagsúla cineálacha éagsúla pointí agus soicéad nasctha, rud a d’fhág go raibh roghanna teoranta ag úinéirí feithiclí maidir le cá háit agus conas a d'fhéadfaidís a bhfeithiclí leictreacha a luchtú. De réir mar atá an margadh feithiclí leictreacha ag forbairt, tá pointí nasctha caighdeánacha idir-inoibritheacha ag éirí níos coitianta, go háirithe san Aontas Eorpach.

Le pointí nasctha níos caighdeánaithe agus soicéid phointe luchtaithe, déantar luchtú feithiclí leictreacha a dhifreáil go príomha anois de réir toilleadh cumhachta agus ceallraí feithicle, agus cibé an féidir an leictreachas a sholáthraítear don phointe luchtaithe a fháil as gnáthshocruithe soláthair baile nó an dteastaíonn toilleadh nasctha níos mó.