English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cosaint Sonraí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 19 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 4 Márta 2025

Tá an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint SonraíIs é atá i (GDPR) Rialachán an Aontais Eorpaigh a dearadh chun Cosaint Sonraí laistigh den AE a neartú agus a aontú. Soláthraíonn sé roinnt ceart maidoir le hábhair sonraí.

Comhlíonfaidh an roinn a cuid freagrachtaí faoin reachtaíocht de réir na bprionsabal cosanta sonraí mar a leanas:

• Próiseálfar sonraí pearsanta go dleathach agus go cothrom

• Baileofar sonraí pearsanta chun críche sonraithe, sainráite agus dlisteanacha amháin nó níos mó agus ní phróiseálfar iad ar bhealach nach luíonn leis na críocha sin

• Beidh sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha agus ní bheidh siad iomarcach i ndáil leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil

• Beidh sonraí pearsanta cruinn, agus, más gá, coinnithe suas chun dáta, agus glacfar gach céim réasúnach lena chinntiú go ndéantar sonraí atá míchruinn, ag féachaint do na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil, a scriosadh nó a cheartú gan mhoill

• Coinneofar sonraí pearsanta i bhfoirm a cheadaíonn ábhar sonraí a shainaithint nach faide ná mar is gá chun na gcríoch a ndéantar na sonraí a phróiseáil ina leith

• Próiseálfar sonraí pearsanta ar bhealach a chinntíonn slándáil iomchuí na sonraí, lena n-áirítear, trí bhearta teicniúla nó eagrúcháin iomchuí a chur chun feidhme, cosaint i gcoinne

• Próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach

• Caillteanas, scriosadh nó damáiste de thaisme


Sonraí pearsanta

Faoin GDPR, sonraí pearsanta is ea sonraí a bhaineann le duine beo nó a fhéadann duine beo a aithint, leo féin nó in éineacht le faisnéis eile atá ar fáil. I measc samplaí de shonraí pearsanta tá ainm, uimhir fóin, sonraí bainc agus stair leighis an duine.

Sonraí pearsanta de chatagóir speisialta

Ciallaíonn sonraí pearsanta de chatagóir speisialta sonraí pearsanta a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

• bunús ciníoch nó eitneach an duine is ábhar do na sonraí, a thuairimí polaitiúla nó a chreideamh reiligiúnach nó fealsúnachta

• cibé an bhfuil an duine is ábhar do na sonraí ina bhall de cheardchumann

• sláinte choirp nó mheabhrach nó riocht nó saol gnéis an duine is ábhar do na sonraí

• cibé an ndearna an duine is ábhar do na sonraí cion nó a líómhnaíodh go ndearna sé cion

• aon imeachtaí i leith ciona a rinneadh nó a líomhnaítear a rinne an duine is ábhar do na sonraí, diúscairt na n-imeachtaí sin nó pianbhreith aon chúirte in imeachtaí den sórt sin

• duine is ábhar do na sonraí is ea an duine lena mbaineann na sonraí pearsanta. Is féidir leat níos mó a léamh inár ndoiciméad

Duine is ábhar do na sonraí is ea an duine lena mbaineann na sonraí pearsanta. Is féidir leat níos mó a léamh inár ndoiciméad

Tugtar rialaitheoirí sonraí agus próiseálaithe sonraí ar eagraíochtaí a bhailíonn nó a úsáideann sonraí pearsanta.

Doiciméid Bheartais um Chosaint Sonraí

Mar ullmhúchán don GDPR, bhíomar ag nuashonrú agus ag forbairt polasaithe cosanta sonraí mar ár mBeartas um Chosaint Sonraí 2020 (ar a dtugtar ár mbeartas príobháideachais freisin), ár bhfógra príobháideachais roinne agus treoir maidir le hiarratas a dhéanamh ar do shonraí pearsanta. Táimid ag forbairt roinnt beartas eile a fhoilseofar ar an leathanach seo gan mhoill.

Cad iad mo chearta?

Tá na cearta atá ag daoine aonair faoin GDPR mar an gcéanna leis na cearta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, ach le roinnt athruithe.

I measc na gceart aonair tá:

• an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta. Tá sé de cheart ag daoine is ábhar do shonraí cóipeanna dá gcuid sonraí pearsanta a sholáthar chomh maith le sonraí áirithe maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta

• an ceart chun faisnéise. Tá sé de cheart ag daoine is ábhar do shonraí faisnéis áirithe a sholáthar, go ginearálta ag an am a bhfaightear a gcuid sonraí pearsanta. Comhlíonaimid an oibleagáid seo trínár bhfógra(í) príobháideachais

• ceart chuig ceartúchán. Tá sé de cheart ag daoine is ábhar do shonraí sonraí pearsanta míchruinn a bheith ag rialtóir maidir leo a cheartú

• an ceart agóid a dhéanamh agus próiseáil a shrianadh. Tá sé de cheart ag daoine is ábhar do shonraí a cheangal go gcuirfidh rialaitheoir srian ar phróiseáil a gcuid sonraí i gcúinsí áirithe, agus go bhfuil sé de cheart aige agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta in imthosca áirithe

• cearta maidir le cinnteoireacht uathoibrithe. Tá sé de cheart ag daoine is ábhar do shonraí gan a bheith faoi réir próiseála atá uathoibrithe go hiomlán agus a tháirgeann éifeachtaí dlíthiúla nó eile a théann i bhfeidhm go mór orthu, agus a bhfuil sé mar aidhm aici ábhair phearsanta áirithe a mheas, amhail acmhainneacht creidmheasa nó feidhmíocht ag an obair, mura rud é go bhfuil feidhm ag eisceacht amháin as eisceachtaí teoranta

• an ceart a iarraidh go ndéanfaí sonraí pearsanta a scriosadh. Faoi imthosca áirithe tá sé de cheart ag an duine is ábhar do na sonraí a gcuid sonraí pearsanta a scriosadh.

Má tá iarratas rochtana ábhair á dhéanamh agat, agus chun cabhrú linn d’iarratas a fhreagairt, líon isteach an Fhoirm Iarrata Rochtana ar Ábhar

Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig dataprotection@Transport.gov.ie nó a sheoladh tríd an bpost chuig:

Oifigeach Cosanta Sonraí

An tAonad um Chosaint Sonraí

An Roinn Iompair

Lána Líosáin

Baile Átha Cliath D02 TR60

Tá tú i dteideal go dlíthiúil cinneadh a fháil maidir le d’iarratas laistigh de mhí amháin ó fhaightear iarratas bailí ar rochtain ar ábhar. Déanfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí gach iarracht, áfach, déileáil le d’iarratas a luaithe is féidir. D’fhonn d’iarratas a bhailíochtú, iarrfar ort cruthúnas ar d’aitheantas a sholáthar.

Chun aon cheann de do chearta cosanta sonraí a fheidhmiú déan teagmháil dhíreach leis an Oifig um Chosaint Sonraí.

Má tá tú míshásta le cinneadh an Oifigigh Chosanta Sonraí tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí a dhéanfaidh an t-ábhar a imscrúdú ar do shon. Tá cumhachtaí dlí ag an gCoimisinéir lena chinntiú go seasfar le do chearta.

Tá tuilleadh sonraí faoi do chearta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí ar fáil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Cosanta Sonraí anseo..

Má tá aon cheist nó imní ort déan teagmháil leis an Oifig um Chosaint Sonraí ar 00353 1 604 1652 nó dataprotection@Transport.gov.ie .


Ráiteas Príobháideachais

Éilímid ar chustaiméirí sonraí pearsanta áirithe a sholáthar d’fhonn ár bhfeidhmeanna reachtacha agus riaracháin a chomhlíonadh. Caithimid leis an bhfaisnéis agus na sonraí pearsanta go léir a sholáthraíonn tú faoi rún, de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí.

Féadfar do chuid sonraí pearsanta a mhalartú le ranna nó gníomhaireachtaí rialtais eile faoi shainchúram DOT de réir dlí. Tá sonraí iomlána faoi bheartas cosanta sonraí na roinne a leagann amach conas a úsáidfimid do chuid sonraí pearsanta chomh maith le faisnéis maidir le do chearta mar duine is ábhar do na sonraí ar fáil anseo. Tá sonraí an bheartais seo ar fáil i gcóip chrua ach iad a iarraidh trí ríomhphost dataprotection@transport.gov.ie nó i scríbhinn chuig an Aonad Cosanta Sonraí, An Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath D02 TR60.


Fógraí Príobháideachais

Fógra Príobháideachais don Fhoirm Iarratais - Seirbhísí Aeir Sceidealta

Fógra Príobháideachais Iompar Muinisean Cogaidh ar Aerárthaí Sibhialta

Foirm Iarratais ar Fhógra Príobháideachais Scéim Scrúdaithe Leighis Mairnéalach

Teastas Saoil i ndáil le pinsin agus liúntais a íoc le mairnéalaigh nó lena gcleithiúnaithe

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí Conarthaí POF

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí do Bhoird Stáit

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: Foirm 5 IMO FAL (Liosta Criú)

Fógra príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: Foirm 6 IMO FAL (Liosta Paisinéirí)

Fógra Príobháideachais do Chód Aitheantais Déantúsóirí

Fógra Príobháideachais d’Uimhir Aitheantais Déileálaí Mótair

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí Deontas AFHDV ón Roinn Iompair

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm Iarratais ar Cheadúnas Oibreora um Iompar Paisinéirí Bóthair

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm Iarratais ar Cheadúnas Oibreora um Iompar Bóthair

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí d’Fhoirm RF105 d’Úinéireacht Feithicle chuig Déileálaí Mótair

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: Dearbhú ó dhuine a fhaigheann Mótarfheithicil.

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: RF101 “Fógra maidir le hAistriú Úinéireachta Feithicle (seachas chuig Déileálaí Mótair) nó Athrú Seolta nó Sloinne (m.sh. ar Phósadh)

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí maidir le hIarratas chun clárú le haghaidh Uimh. Saoráidí Cóireála Údaraithe

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm Iarratais chun a chur ar chumas na Saoráide Cóireála Údaraithe rochtain a fháil ar an tSeirbhís Feithiclí i nDeireadh Ré Ar Líne (ELV)

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí d’Iarratas Mótarchánach RF 100 ar Ghluaisrothar Nua nó Athláimhe

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí maidir le Foirm Iarratais ar Fhoirm Díolúine Mhótarchánach RF3.

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm Iarratais chun athrú seoladh ar Uimhir Aitheantais Déileálaí Mótair a chlárú.

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: TF 200 - Fógra faoi Aistriú Úinéireachta Leantóra

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: TF 300 - Deimhniú Aitheantais Meáchain Leantóra/Leathleantóra

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: RF 111 Athrú Sonraí

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: Iarratas ar Cheadúnas Trádála TF 700

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: TF 100 - Ceadúnú Leantóra/Leathleantóra nó Athrú Sonraí

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: RF 200 Fógra faoi Aistriú Úinéireachta Feithicle

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: RF 150 Dearbhú maidir le Neamhúsáid Mótarfheithicle

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: RF 134 - Doiciméad Athsholáthair

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: RF 120 Iarratas ar Aisíocaíocht Mhótarchánach

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm Iarratais chun a chur ar chumas Déileálaithe Mótair rochtain a fháil ar an tSeirbhís chun Úinéireacht Feithicle a Athrú Ar Líne

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: Iarratas Mótarchánach RF 100 ar Fheithicil (Seachas gluaisrothar)

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí le haghaidh Foirm le haghaidh Dearbhuithe Reachtúla

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: Athnuachan Mótarchánach RF 100B

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí maidir le hIarratas chun Clárú le haghaidh Uimhir Aitheantais Déileálaí Mótair

Timpiste/Teagmhas Aerárthaí - Foirm Ráiteas Finné

Foirm Tuairiscithe an Aonaid um Imscrúdú Aerthionóiscí

Timpiste/Teagmhas Aerárthaí - Foirm Ceistneora Paisinéirí

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don Fhoirm: (Iarratas ar Dhíolúine ó thoirmeasc ar airm nó muinisin a iompar)

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí don fho-thacar seo a leanas d’fhoirmeacha a bhaineann le Riarachán Deonach Gharda Cósta na hÉireann (IRCG) faoi Fhoirm 1a IRCG

Fógra Príobháideachais Iarratas ar Cháin Charbóin Glasbhealaigh

Fógra Príobháideachais Ceadúnas Deochanna Meisciúla

Eitiltí Neamhsceidealta Foirm iarratais CSO - Fógra príobháideachais

Eitiltí Neamhsceidealta Foirm iarratais MFO - Fógra príobháideachais

Eitiltí Neamhsceidealta Foirm iarratais SFO - Fógra príobháideachais

Fógra Príobháideachais - Safe Seas Ireland (SSI)

Fógra Príobháideachais - Córas Faisnéise na Maraithe (SIS)

Data Protection Privacy Notice for CEO contracts for the State agencies under the aegis of the Department of Transport