English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Feithiclí Astaíochta Nialasacha Éireann: Faisnéis do chomhlachtaí san earnáil phoiblí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 21 Iúil 2022
  • An t-eolas is déanaí: 24 Feabhra 2023

An Deontas le haghaidh Luchtaithe Poiblí d'Fheithiclí Leictreacha

Tá forbairt á déanamh ar dheontas nua le haghaidh luchtú cónaithe lena ndíreofar ar réitigh luchtaithe comharsanachta agus cónaithe a sholáthar, go háirithe i gceantair ina bhfuil luchtú eas-sráide teoranta nó dodhéanta.


Soláthar

Tá creataí soláthair praghais sheasta dréachtaithe ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) chun carranna agus veaineanna paisinéirí leictreacha le ceallraí fadraoin agus meánraoin a sholáthar do chomhlachtaí san earnáil phoiblí. Is féidir sonraí iomlána faoin tslí leis an gcreat a úsáid chomh maith le sonraí teagmhála maidir le praghas agus soláthraithe a fháil ar shuíomh gréasáin na Oifige um Sholáthar Rialtais.

Cabhróidh na Creataí sin go mór le ranna rialtais agus comhlachtaí carranna agus veaineanna leictreacha a cheannach.

Tá roinnt réiteach láraithe soláthair á scrúdú chun tacú le heagraíochtaí san earnáil phoiblí ar mian leo bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha a shuiteáil.

Cinnteoidh soláthar láraithe go rollfar amach an líonra poiblí de réir caighdeán cuí. Áireofar leis na caighdeáin sin riachtanais maidir le sábháilteacht, inoibritheacht uilíoch agus inrochtaineachta úsáide agus déanfaidh siad foráil freisin maidir le nuálaíocht amach anseo a chur i bhfeidhm de réir mar a dhéantar forbairt ar an teicneolaíocht luchtaithe.