English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Feithiclí Astaíochta Nialasacha Éireann: Faisnéis don phobal i gcoitinne

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 21 Iúil 2022
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2024


Cad is feithicil leictreach ann?

Tá go leor cineálacha feithiclí leictreacha ar an margadh sa lá atá inniu ann. Faigh amach an difríocht idir feithiclí leictreacha ceallra (BEVanna) agus feithiclí leictreacha hibrideacha inluchtaithe (PHEVanna) agus foghlaim conas a oibríonn siad.

Cad is Carr Leictreach ann? Conas a oibríonn Carranna Leictreacha? - SEAI


Cén fáth cheart feithicil leictreach a thiomáint?

Ar mhaith leat níos lú truaillithe a dhéanamh, do chostais tiomána a laghdú, nó leas a bhaint as an teicneolaíocht is déanaí agus tú ag tiomáint? Is feithicil leictreach atá uait!

Buntáistí a bhaineann le Carranna Leictreacha: Cén Fáth cheart duit feithicil leictreach a thiomáint? - Feithiclí Leictreacha - SEAI


Cá mhéad a shábhálfá?

Déan ríomh ar na costais a bhaineann le feithiclí leictreacha, agus déan comparáid idir iad agus carranna peitril nó díosail.

Déan Comparáid idir Carranna Leictreacha - Feithiclí Leictreacha - SEAI


Feithicil leictreach a cheannach

An bhfuil tú réidh chun feithicil leictreach a thiomáint? Táimidne réidh chun cabhrú le comhairle, treoracha agus faisnéis faoi dheontais.

Carr Leictreach a Cheannach in Éirinn - Feithiclí Leictreacha - SEAI

Chun liosta de na deontais ar fad atá ar fáil d’fheithiclí leictreacha a léamh, téigh chuig Lacáistí Carranna Leictreacha agus Méideanna Deontais - Deontais d’Fheithiclí Leictreacha - SEAI. Tabhair faoi deara go bhfuil deontais ar fáil freisin do veaineanna leictreacha tráchtála – féach an rannán gnó ar ár suíomh gréasáin.


Conas is féidir feithicil leictreach a luchtú?


Luchtaire feithicle leictrí a shuiteáil ag d’áit chónaithe

Cabhraíonn Deontas an Luchtaire Baile d'Fheithiclí Leictreacha le húinéirí tí a shuiteálann pointe luchtaithe feithiclí leictreacha ar a réadmhaoin.

Deontas an Luchtaire Baile d'Fheithiclí Leictreacha - SEAI


Luchtaire feithicle leictrí a shuiteáil ag árasán nó ag árasán dhá urlár

Is le haghaidh áiteanna cónaithe nach bhfuil rochtain acu ar chabhsán, amhail árasáin, árasáin dhá urlár agus áiteanna cónaithe measctha, é an Deontas le haghaidh Luchtaire Árasáin Feithicle Leictrí.

Deontas le haghaidh Luchtaire Árasáin Feithicle Leictrí - SEAI


Luchtaire feithicle leictrí a shuiteáil le haghaidh páirceáil ar an tsráid

Tá tionscnamh rialtais ann chun tacú le rolladh amach na bPointí Luchtaithe Poiblí d’Fheithiclí Leictreacha ar shráideanna poiblí, nó i gcarrchlóis phoiblí a chuireann páirceáil thar oíche ar fáil do chónaitheoirí áitiúla.

Déan teagmháil le d’Údarás Áitiúil lena fháil amach conas is féidir leo cabhrú.

Deontas le haghaidh Luchtaithe Poiblí d'Fheithiclí Leictreacha - SEAI


Feithicil Leictreach a luchtú agus tú as baile

Chomh maith le líonra , tá roinnt oibreoirí pointí luchtaithe príobháideacha ann in Éirinn a bhfuil suíomhanna i bhfeidhm acu cheana féin.

Déanfaidh an Oifig nua a bunaíodh i mí Iúil comhordú ar aon idirghníomhach amháin a fhorbairt chun suíomh agus infhaighteacht na bpointí luchtaithe feithiclí leictreacha ar fad in Éirinn a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a mhapáil, agus cuirfidh sí foinse lárnach faisnéise ar fáil d’úinéirí feithiclí leictreacha.


Feithiclí Leictreacha agus an tSábháilteacht Dóiteáin

De réir taighde idirnáisiúnta arna dhéanamh ag Gníomhaireacht Teagmhasachta Sibhialta na Sualainne agus ag EVFireSafe san Astráil, is lú an seans go mbeidh feithicil leictreach (EV) nó teicneolaíocht na bhfeithiclí leictreacha ina gcúis le tine ná feithicil innill peitril nó díosail.

Tá tús curtha ag an gCoimisiún Eorpach freisin le taighde ar Mheasúnú Riosca Dóiteáin Feithiclí Leictreacha i gCarrchlóis Laistigh, atá le críochnú i mí Aibreáin 2025.

Is minic a chuirtear tinte i leith teicneolaíocht na bhfeithiclí leictreacha, go háirithe ceallraí litiam, de bharr aineolas ar fheithiclí leictreacha agus toisc go gceaptar gur teicneolaíocht nua atá sna ceallraí.

Is teicneolaíocht sheanbhunaithe iad ceallraí litiam agus meastar iad a bheith sábháilte de ghnáth nuair a láimhseáiltear agus a úsáidtear i gceart iad, agus nuair a ghlactar réamhchúraimí cuí. Tá ceallraí litiam coitianta go leor in an-chuid gléasanna, idir bheag agus mhór, agus i gcás gur tháinig fadhbanna chun cinn in earnálacha eile roimhe seo, rinneadh bearta cuí le dul i ngleic leo, amhail aistarraingt.

Tá na ceallraí i bhfeithiclí leictreacha i spás cosanta atá deartha leis na ceallraí a chosaint in aghaidh damáiste agus le haon eachtra a choinneáil faoi smacht dá dtarlódh a leithéid.

Ní mór do mhonaróirí feithiclí leictreacha cloí le hardchaighdeáin agus le ceanglais a bhaineann lena ról mar úsáideoirí teicneolaíochta ceallraí, chomh maith leis an gcreat níos leithne rialuithe sábháilteachta a gcaithfidh monaróirí aon chineáil feithicle a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais cloí leis.

Ba cheart d’aon tomhaltóir a bhfuil imní air nó uirthi faoi shábháilteacht a f(h)eithicle é sin a thuairisciú don mhonaróir nó do mheicneoir cáilithe feithiclí leictreacha, agus cloí leis an gcomhairle a thabharfar dó nó di ansin.