gCoiste Comhairleach ar Bheagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (BFSPanna).
- Foilsithe: 3 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Meitheamh 2025
Tá suim ag an Roinn Iompair cloisteáil ó dhaoine ar mian leo cur isteach ar ról ar an gCoiste Comhairleach ar Bheagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (BFSPanna). Tá sonraí an Choiste ar fáil sa tábla thíos. Tá roinnt folúntas ann faoi láthair, agus tá na mionsonraí a bhaineann leo sna leabhráin a ghabhann leis seo. Más spéis leat cur isteach ar cheann de na róil sin, tabhair faoi deara gurb é Am Dúnta Gnó ar an Luan, an 30 Meitheamh an dáta deiridh chun iarratais lánchríochnaithe a chur isteach. Níor cheart iarratais a sheoladh ach chuig an seoladh ríomhphoist atá sa leabhrán.
Sonraí an Choiste
Teideal an Choiste | Coiste Comhairleach ar Bheagfheithiclí Seirbhíse Poiblí |
An Roinn a bhfuil Freagracht uirthi: | An Roinn Iompair |
Táillí: | Níl aon táillí iníoctha as freastal ar an choiste |
Láthair an Chruinnithe: | Oifigí an Údaráis Náisiúnta Iompair, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7 |
Minicíocht na gCruinnithe (in aghaidh na bliana): | 10 |
Líon na bhfolúntas atá le líonadh: | 5 |
Téarma an cheapacháin: | Three |
Nasc leis an mBunús Reachtaíochta: | https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/act/2013/37/gle/enacted/a3713i.pdf#sec72 |
Cúlra
Is comhlacht neamhspleách é an Coiste Comhairleach ar Bheagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (“an Coiste Comhairleach”), ar a dtugtar an Coiste Comhairleach ar Thacsaithe de ghnáth, a bunaíodh agus a oibrítear faoi fhorálacha alt 72 den Acht um Rialáil Tacsaithe, 2013. Is é an phríomhfheidhm atá aige ná comhairle a chur ar fáil don Údarás Náisiúnta Iompair (“ÚNI”) agus/nó don Aire Iompair (“an tAire”), de réir mar is cuí, maidir le saincheisteanna a bhaineann le beagfheithiclí seirbhíse poiblí agus a dtiománaithe.
Tá cathaoirleach agus 17 ngnáthchomhalta ar an gCoiste Comhairleach. Forálann alt 72(4) go ndéanfar ionadaíocht ar leasanna earnála sonracha ar an gCoiste Comhairleach, chomh maith le roinnt daoine a bhfuil spéis speisialta nó saineolas acu i gcúrsaí a bhaineann le feidhmeanna ÚNI, an Choiste Chomhairligh nó nithe gaolmhara. Cuimsítear tacsaithe, hacnaithe agus limisíní le beagfheithiclí seirbhíse poiblí. Faoi fhorálacha an Achta um Rialáil Tacsaithe, 2013, is é ÚNI an t-údarás ceadúnaithe maidir le beagfheithiclí seirbhíse poiblí, agus is é an Garda Síochána an t-údarás ceadúnaithe do thiománaithe beagfheithiclí seirbhíse poiblí. Ina theannta sin, déanann ÚNI cuid de na gnéithe nós imeachta den fheidhm ceadúnaithe tiománaithe a riar, mar shampla tástáil ar eolas na dtiománaithe ionchasacha ar an tionscal agus ar a n-eolas ceantair.
Go ginearálta, tagann an Coiste Comhairleach le chéile go míosúil (gan mí Lúnasa agus mí na Nollag san áireamh), agus coinníoll ann go mbíonn líon ceisteanna go leor ann le tabhairt fúthu. Tionóltar cruinnithe in oifigí ÚNI, i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, faoi láthair.