English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oiriúnú Aeráide agus Fo‑earnálacha Iompair

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 27 Márta 2024
  • An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2024

Tá an earnáil iompair ríthábhachtach do gheilleagar agus do shochaí na hÉireann toisc go gcumasaíonn sí gluaiseacht daoine agus earraí isteach sa tír agus thart uirthi. Is cumasóir bunriachtanach í le haghaidh gach gníomhaíocht gheilleagrach eile. Earnáil ilghnéitheach é an t‑iompar, ón mbonneagar a chumasaíonn gluaiseacht na bhfeithiclí agus na n‑earraí féin, chuig na gnólachtaí, na heagraíochtaí agus na pobail a bhraitheann air.

Faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe atá i bhfeidhm faoi láthair, aithnítear líonraí bonneagair iompair mar ‘bhonneagar criticiúil’. Sa Item was unpublished or removed liostaítear an t‑iompar mar chuid ‘dár dtimpeallacht thógtha agus dár mbonneagar’.

Is féidir bonneagar iompair – lena n-áirítear na hoibreacha agus sócmhainní innealtóireachta, na foirgnimh agus an talamh atá inár líonraí iompair – a roinnt a bheag nó a mhór ina thrí fho‑earnáil. Is iad sin (1) bonneagar iompair ar tír, lena n-áirítear bóithre agus glasbhealaí, agus na gréasáin iarnróid éadroim agus throm; (2) bonneagar muirí; agus (3) bonneagar eitlíochta.


Iompar ar tír: bóithre, glasbhealaí agus bonneagar iarnróid éadroim

Cuimsítear lenár mbonneagar iompair ar tír ár líonraí bóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.

Is ar Bhonneagar Iompair Éireann atá an fhreagracht as an ngréasán bóithre náisiúnta, na mótarbhealaí san áireamh, agus is é an státchiste a mhaoiníonn é tríd an Roinn Iompair. Tá Bonneagar Iompair Éireann freagrach chomh maith as glasbhealaí, agus as gréasán iarnróid éadroim Luas i mBaile Átha Cliath. Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as na líonraí bóithre réigiúnacha agus áitiúla, a mhaoinítear trí bhuiséid na n-údarás áitiúil agus trí mhaoiniú ón Rialtas.

Tá an t‑oiriúnú don athrú aeráide ar cheann de na príomhcheisteanna atá le cur san áireamh i bhfo-earnáil an bhonneagair bóithre. Is iad na bóithre agus na glasbhealaí is mó atá thíos le hiarmhairtí reatha an athraithe aeráide, agus tá siad i mbaol guaiseacha méadaithe a bhaineann leis an aeráid. Chomh maith le gnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt, agus patrúin úsáide atá ag athrú, ní mór do na bóithre teacht aniar a bheith iontu agus a bheith in ann teacht chucu féin arís tar éis tuilte nó fíor‑dhrochaimsir.

Tá pleananna straitéiseacha agus treoir forbartha ag Bonneagar Iompair Éireann agus ag na hÚdaráis Áitiúla, le tacaíocht ón Roinn Iompair, le dul i ngleic leis na hiarmhairtí sin agus le teacht aniar an ghréasáin bóithre a fheabhsú san am i láthair agus san am atá le teacht. D’fhoilsigh Bonneagar Iompair Éireann Straitéis Oiriúnaithe don Athrú Aeráide le déanaí le haghaidh an ghréasáin bóithre náisiúnta agus na nglasbhealaí náisiúnta, mar aon leis an ngréasán iarnróid éadroim, atá faoi chúram Bhonneagar Iompair Éireann freisin. Tá stratitéis oiriúnaithe do athrú aeráide le haghaidh and ghréasáin bóithre réigiúnacha agus aitiúla curtha le chéile ag Oifigí Réigiúnacha na nÚdarás Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide i bpáirt leis an Roinn Iompair chomh maith. Tá treoir d’údaráis áitiúla sa straitéis le cabhrú leo tuiscint a fháil ar na bealaí ar féidir bóithre ar fud na hÉireann a chosaint agus a fheabhsú le go mbeidh siad in ann iarmhairtí an athraithe aeráide a sheasamh.


Iompar ar tír: bonneagar iarnróid throm

Áirítear lenár ngréasán náisiúnta iarnróid throm línte iarnróid idirchathracha, stáisiúin agus iostaí, chomh maith le córas leictrithe DART i mBaile Átha Cliath.

Is sócmhainn ríthábhachtach bonneagair náisiúnta é an gréasán iarnróid throm a bhféadfadh fíor-dhrochaimsir cur isteach air. Tá a leithéid d’fhíor‑dhrochaimsir ag tarlú níos minice agus níos déine le 10 mbliana anuas. Tá réimse clár agus gníomhartha á gcur i bhfeidhm le bonneagar iarnróid, stáisiúin san áireamh, a chosaint i gcoinne iarmhairtí an athraithe aeráide agus le seirbhísí a choinneáil ag dul. Ina measc siúd tá clár cosanta a chur i bhfeidhm le haghaidh stráicí d’Iarnród an Chósta Thoir atá i mbaol ó leibhéal na farraige agus ó stoirmeacha. Áirítear leo freisin gníomhartha le tuilte a chosc agus a mhaolú ag roinnt láithreacha criticiúla ar fud an líonra. Cuirtear iarmhairtí an athraithe aeráide, lena n-áirítear an gá atá le teacht aniar níos fearr, san áireamh chomh maith i gcláir bhliantúla chothabhála agus athnuachana an Bhainisteora Bonneagair maidir le bonneagar iarnróid. Fágann soláthairtí cúltaca leictreachais don DART agus do na córais chomharthaíochta freisin gur fearr atá bonneagar agus seirbhísí iarnróid in ann déileáil le cásanna fíor‑dhrochaimsire agus le hiarmhairtí an athraithe aeráide.


Bonneagar muirí

Óir gur tír oileánda í Éire, is moil ríthábhachtacha iad na calafoirt i gcomhair gluaiseacht earraí agus feithiclí isteach sa tír agus amach aisti. Tacaíonn siad leis an ngeilleagar, éascaíonn rochtain ar an domhan mór agus is áiteanna tábhachtacha iad i gcuid mhaith de chathracha na tíre. Agus na córais fuinnimh atá againn ag tabhairt droim láimhe do bhreoslaí iontaise, táthar ag súil freisin go dtacóidh na calafoirt leis na hiarrachtaí le foinsí nua fuinnimh ghlain a fhorbairt agus a rolladh amach, ar nós an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Is féidir leis na calafoirt tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach laistigh dá saoráidí calafoirt féin agus i measc na ngnólachtaí go léir a oibríonn sna calafoirt agus a fhreastalaíonn orthu (comhlachtaí bainistithe dramhaíola, cuir i gcás).

Ós rud é gur ar na cóstaí atá na calafoirt, tá siad i mbaol rioscaí aeráide a bhaineann leis an bhfarraige sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon. I measc na rioscaí sin tá stoirmeacha, borrthaí stoirme, athruithe ar ghluaiseacht gainimh agus siolta ar na cóstaí, agus ardú ar leibhéal na farraige.

Le féachaint chuige go seasfaidh oibríochtaí agus bonneagar calafoirt an aimsir, cuireann comhlachtaí calafoirt in Éirinn gníomhaíochtaí lena straitéisí agus lena bpleananna forbartha le cur lena dteacht aniar. Is féidir le comhlachtaí calafoirt in Éirinn leas a bhaint as dea‑chleachtas idirnáisiúnta agus as ciall cheannaithe ó áiteanna eile ar fud an domhain, a bhfuil achoimre déanta orthu ag comhlachtaí tionscail. Níos gaire don bhaile, cuireadh ceisteanna tábhachtacha Item was unpublished or removed ar tháinig deireadh leis an 15 Eanáir 2024, lena chinntiú go mbeadh teacht aniar inár gcalafoirt ó thaobh aeráide de as seo go ceann i bhfad. Sna deich mbliana amach romhainn, táthar ag súil go mbeidh ár gcalafoirt dírithe ar ghníomhaíocht a dhéanamh le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a laghdú, leis na rioscaí sin a mhaolú, agus le tairbhe a bhaint as aon deiseanna a bhaineann leis an athrú aeráide, amhail bogadh i dtreo geilleagar ciorclach.


Bonneagar eitlíochta

Cuireann aerfoirt an Stáit bonneagar agus seirbhísí iompair atá idir straitéiseach agus riachtanach ar fáil, a thacaíonn le gníomhaíochtaí geilleagracha agus sóisialta an Stáit. Tá ról ríthábhachtach ag na haerfoirt sin le tacú lenár rannpháirtíocht i sochaí atá ag éirí níos domhanda i gcónaí, agus le forbairt gheilleagrach a éascú trí thrádáil, turasóireacht agus infheistíocht isteach a chumasú.

Tá ról tábhachtach ag aerfoirt réigiúnacha freisin ina gceantair féin agus i bhforbairt réigiúnach. Tá tábhacht leis na haerfoirt sin i gcónaí mar gheall ar an leibhéal nascachta idirnáisiúnta a thugann siad chun réigiúin i gcomhair turasóireachta agus gnó.

Tá treoracha mionsonraithe agus sraitheanna uirlisí foilsithe ag comhlachtaí tionscail, amhail [external-link https://www.icao.int/environmental-protection/Documents/Climate resilient airports.pdf | an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ] agus ag Comhairle Idirnáisiúnta na nAerfort, d’fhonn cabhrú le haerfoirt sainaithint a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus freagairt dóibh. Tá anailís ar rioscaí athraithe aeráide d’aerfoirt Eorpacha foilsithe ag Eurocontrol agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) chomh maith.

Ar an leibhéal áitiúil, coinneoidh na haerfoirt orthu ag obair ar cheisteanna inbhuanaitheachta agus aeráide d’fhonn iarmhairtí an athraithe aeráide a mhaolú agus teacht aniar a chothú.

Na haerfoirt réigiúnacha siúd in Éirinn a chuireann nascacht ar fáil agus a láimhseálann níos lú ná milliún paisinéir (ar an meán le dhá bhliain anuas), féadfar tacú leo sa saothar seo trí Chlár na nAerfort Réigiúnach, 2021-2025, atá maoinithe ag an Státchiste. Cé gurb é is príomhchuspóir don Chlár sin ná tacú le hoibríochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí sábháilteachta agus slándála, d’fhéadfadh sé go dtacófaí le tionscadail inbhuanaitheacht‑dírithe a chabhródh le haerfort a spriocanna laghdaithe carbóin a bhaint amach, chomh maith le teacht aniar a chothú nó oiriúnú don athrú aeráide a chur chun cinn.