English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oiriúnú Idirnáisiúnta

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 27 Márta 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

In Éirinn, tá an t‑oiriúnú náisiúnta agus oiriúnú na hearnála iompair don athrú aeráide bunaithe ar chreat eolaíochta agus fianaise, a n-áirítear ann dlíthe agus comhaontuithe idirnáisiúnta, caighdeáin sheanbhunaithe agus dea‑chleachtas.

Le chéile, tacaíonn na hacmhainní sin le gealltanais dlí atá tugtha ag náisiúin, Éire ina measc, le gáis ceaptha teasa a laghdú agus le daoine, pobail agus an comhshaol a chosaint i gcoinne dhroch‑iarmhairtí an athraithe aeráide.


Saothar na Náisiún Aontaithe ar an oiriúnú don athrú aeráide

Foinse thábhachtach faisnéise agus anailíse eolaíche ar iarmhairtí an athraithe aeráide agus ar an oiriúnú don athrú aeráide ar fud an domhain is ea saothar Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide. In 2022, chuir Grúpa Oibre II den Phainéal Idir-Rialtasach tuarascáil fhorleathan amach maidir le hiarmhairtí an athraithe aeráide, an t‑oiriúnú don athrú aeráide agus leochaileachtaí arb é is cúis leo mar chuid den Séú Tuarascáil Mheasúnaithe de chuid an Phainéil.

Chomh maith leis an tuarascáil iomlán maidir leis an oiriúnú, foilsíodh na príomhthorthaí agus doiciméad Ceisteanna Coitianta mar eolas don phobal.


Straitéisí agus treoir an Aontais Eorpaigh maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide

I measc phríomhchreataí agus príomhacmhainní an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an iompar agus le bonneagar náisiúnta tá:

Straitéis Oiriúnaithe an AE, agus

• Treoir theicniúil an Choimisiúin Eorpaigh maidir le bonneagar a dhéanamh aeráid‑díonach sa tréimhse ó 2021 go 2027,

• an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le rioscaí aeráide a bhainistiú – daoine agus rathúnas a chosaint.

Is acmhainn Eorpach an‑áisiúil é an t‑ardán ar líne Climate-ADAPT freisin dóibh siúd ar mian leo teacht ar raon leathan faisnéise agus cás-staidéar maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide. D’fhorbair an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus an Coimisiún Eorpach é i bpáirt le chéile, agus tá sé mar aidhm aige tacú le húsáideoirí teacht ar shonraí maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide ar fud na hEorpa agus sonraí dá leithéid a chomhroinnt.


Caighdeáin idirnáisiúnta oiriúnaithe

Tá caighdeán foilsithe ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) a dhíríonn ar an oiriúnú don athrú aeráide.

Leagtar amach in ISO 14090:2019 prionsabail, ceanglais agus treoirlínte maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide. Áirítear orthu sin cén chaoi an t‑oiriúnú a fhí isteach i ngach gné d’eagraíochtaí agus de ghnólachtaí, agus cén chaoi pleanáil a dhéanamh do ghníomhartha oiriúnaithe agus iad a chur i bhfeidhm. Áirítear ann freisin treoir maidir le tuiscint a fháil ar iarmhairtí an athraithe aeráide agus ar neamhchinnteachtaí a eascraíonn as, agus cén chaoi ar féidir iad sin a úsáid le bonn eolais a chur faoi chinntí.