English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Plean Oiriúnaithe Earnála Iompair (POEI II): Cur chun feidhme agus rialachas (achoimre ar Chaibidil 7)

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 6 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 6 Meitheamh 2025


Conas a chuirfear an plean i gcrích

Leagtar amach sa Phlean Oiriúnaithe Earnála Iompair (POEI II) 39 ngníomhaíocht chun cabhrú le córas iompair na hÉireann ullmhú do thionchair an athraithe aeráide. Cumhdaíonn na gníomhaíochtaí sin an tréimhse ó 2025 go 2030, ach is próiseas leanúnach é an t-oiriúnú. Tógfaidh roinnt gníomhaíochtaí níos faide agus leanfaidh siad ar aghaidh i bpleananna amach anseo.


Cé atá freagrach?

Beidh an Roinn Iompair i gceannas ar an gcur chun feidhme, le tacaíocht óna leanas:

  • Grúpa Stiúrtha trasearnála inmheánach chun maoirseacht a dhéanamh ar sheachadadh
  • Grúpa Pleanála chun gníomhaíochtaí sonracha a chur i gcrích
  • Seaimpíní Oiriúnaithe Aeráide a cheaptar laistigh de gach eagraíocht chun dul chun cinn a rianú agus úinéireacht eagraíochtúil inmheánach a chur chun cinn

Faireachán agus tuairisciú

Tá táscairí athléimneachta aeráide forbartha ag an Roinn Iompair chun cuidiú le dul chun cinn ar fud na hearnála iompair a thomhas. Díreoidh na táscairí sin ar réimsí amhail:

  • oiriúnú a chomhtháthú i ndearadh agus i gcothabháil bonneagair
  • bainistíocht riosca agus pleanáil éigeandála
  • oiliúint foirne agus feasacht eagraíochtúil
  • infheistíocht fhadtéarmach san athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide

Rianófar an dul chun cinn trí chreat nua Faireacháin, Tuairiscithe, Meastóireachta agus Foghlama (MREL). Leis sin, beifear in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • nuashonruithe rialta maidir le gníomhaíochtaí a chur i gcrích
  • foghlaim chomhroinnte ar fud eagraíochtaí
  • bearnaí agus dúshláin a shainaithint go leanúnach
  • tuiscint níos soiléire ar an gcaoi a bhfuil oiriúnú á leabú

Leis na príomhtháscairí, rianófar an cur chun feidhme ar fud na modhanna iompair, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn faoin bPlean.

Déanfar na táscairí sin a chomhfhorbairt le gníomhaireachtaí iompair agus a chur in oiriúint chun na róil agus na freagrachtaí éagsúla ar fud na hearnála a léiriú. Tacóidh siad freisin le tuairisciú faoin gCreat Náisiúnta um Oiriúnú (NAF) níos leithne agus le nuashonruithe amach anseo ar chreat beartais aeráide na hÉireann.

Léigh tuilleadh i gCaibidil 7 den phlean