Príomhoifigeach - Acmhainní Daonna’
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Dúnta anois le haghaidh iarratas
Tá an Roinn Iompair ag earcú le haghaidh ‘Príomhoifigeach - Acmhainní Daonna’ le ról ceannaireachta sinsearaí a líonadh ar Fhoireann Acmhainní Daonna ag a bhfuil gradaim buaite.
Deis iontach é seo do ghairmí sinsearach ag a bhfuil taithí AD le dul isteach i roinn rialtais ar a bhfuil clú as a cultúr oibre láidir agus tarraingteach.
Tugtar cuireadh dóibh siúd a bhfuil an saineolas agus an taithí chuí acu iarratas a chur isteach don phost ardbhainistíochta seo sa Rannóg Acmhainní Daonna. Is post buan é seo a bheidh lonnaithe inár n-oifigí ar Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2.
Cuireann muid Réimse leathan sochar ar fáil a thugann tacaíocht agus solúbthacht sa bhreis don fhostaí agus a chuireann ar a chumas cothromaíocht oibre is saoil thaitneamhach a bhaint amach.
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná 11.00 am, Dé Máirt, an 31 Deireadh Fómhair 2023.
Le tuilleadh eolais a fháil agus le hiarratas a dhéanamh féach thíos Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí agus Foirm Iarratais.
Ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh isteach chuig careers@transport.gov.ie.