English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Príomhoifigeach Cúnta TFC – Ceannasaí Cibearshlándála

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 24 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an Roinn Iompair ag earcú le haghaidh ‘Príomhoifigeach Cúnta TFC – Ceannasaí Cibearshlándála’.

Is deis iontach í seo teacht ag obair le roinn rialtais mheasúil. Is é an misean atá ag an roinn córas iompair atá inrochtana, éifeachtúil, sábháilte agus inbhuanaithe a chur ar fáil, córas a thacaíonn le pobail, teaghlaigh agus gnólachtaí.

Tugtar cuireadh dóibh siúd a bhfuil an saineolas agus an taithí chuí acu iarratas a chur isteach don phost ardbhainistíochta seo. Post buan atá ann agus d’fhéadfaí a bheith bunaithe inár n-oifig i mBaile Átha Cliath, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2, é sin nó inár n-oifig i Sionainn, Contae an Chláir.

Cuireann muid Réimse leathan sochar ar fáil a thugann tacaíocht agus solúbthacht sa bhreis don fhostaí agus a chuireann ar a chumas cothromaíocht oibre is saoil thaitneamhach a bhaint amach.

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná 3.00pm Déardaoin, 13ú Meitheamh 2024.

Le tuilleadh eolais a fháil agus le hiarratas a dhéanamh féach thíos Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí agus Foirm Iarratais.

Ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh isteach chuig careers@transport.gov.ie.

Príomhoifigeach Cúnta TFC - Ceannasaí Cibearshlándála
Amharc amharc
Comórtas le haghaidh Ceapacháin chuig an bPost mar Príomhoifigeach Cúnta TFC – Ceannasaí Cibearshlándála
Download link for Íoslódáil