English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Prótacail maidir le Bainistiú Sábháilte Paisinéirí (san aer agus ar muir araon) i bhfianaise COVID-19

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 22 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Prótacail maidir le Bainistiú Sábháilte Paisinéirí (san aer agus ar muir araon) i bhfianaise COVID-19

Tá na prótacail earnála forbartha tar éis comhairliúchán a bheith déanta leis na húdaráis sláinte poiblí agus leis an tionscal, a bhfuil na bearta á gcur i bhfeidhm acu cheana féin.

Leagtar amach sna prótacail na hionchais agus na riachtanais ar thionscal chun sábháilteacht an tsláinte poiblí a dheimhniú, maidir le paisinéirí, foirne agus criúnna.

Clúdaíonn na bearta turas an phaisinéara ó chríoch-go-críoch chomh maith leis na riachtanais phríomhacha seo a leanas:

• dearbhuithe sláinte ó phaisinéirí ag an tseiceáil isteach

• ní féidir ach amháin paisinéirí a bhfuil sé ar intinn acu taisteal dul isteach san aerfort nó sa chríochfoirt farantóireachta, seachas amháin daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRM)

• an scaradh fisiciúil agus clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh ag paisinéirí agus baill foirne

• bearta sláintíochta méadaithe maidir le haerárthaí agus aerfoirt, soithí paisinéirí agus calafoirt

Prótacal COVID-19 maidir leis an Aerthaisteal
Nuashonraithe an 22 Iúil 2021
Amharc amharc
Prótacal COVID-19 maidir leis an Muirthaisteal Leagan 3
Nuashonraithe an 30 Iúil 2021
Amharc amharc

Foirm Aimsithe Paisinéirí um COVID-19

Beidh ar phaisinéirí a thagann i dtír in Éirinn an Fhoirm Aimsithe Paisinéirí um COVID-19 ar líne a chomhlánú agus luaite uirthi an seoladh ina mbeidh siad lonnaithe fad is a bheidh a gcuid gluaiseachtaí srianta acu.

Ní mór an fhoirm seo a chomhlánú sula dtagann tú i dtír in Éirinn.

Tá díolúintí i bhfeidhm do sholáthraithe seirbhísí riachtanacha sa slabhra soláthair, mar shampla tharrthóirí, píolótaí agus foireann mhuirí.