Ráiteas Beartais um Shoghluaiseacht Chomhroinnte
- Foilsithe: 19 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Meitheamh 2025
Tá Ráiteas Beartais um Shoghluaiseacht Chomhroinnte agus Sholáthar Mol forbartha ag an Roinn Iompair. Tógann an Ráiteas ar ghealltanais atá sa Bheartas Náisiúnta um Shoghluaisteachta Inbhuanaithe (SMP) agus i bPleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide bliantúla chun tacú le leathnú roghanna soghluaisteachta comhroinnte, le béim ar leith ar fhorbairt na mol soghluaisteachta comhroinnte. Tá an Ráiteas seo, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2025, ar fáil thíos.
I gcomhthéacs an Ráitis, ‘séard is brí le soghluaiseacht chomhroinnte ná sócmhainní iompair (m.sh. rothair, rothair leictreacha, scútair leictreacha, rothair lasta, feithiclí leictreacha etc.) a chuirtear ar fáil ar bhonn comhroinnte ar chíos príobháideach, seachas turais a chomhroinnt le húsáideoirí eile ar sheirbhísí iompar phoiblí nó comhroinnt carranna.
Athluaitear sa Ráiteas an uaillmhian atá i gClár an Rialtais 2025 go mbunófar moil soghluaisteachta i ngach limistéar údaráis áitiúil ar fud na hÉireann.
Chun eolas a dhéanamh ar fhorbairt an Ráitis Beartais, d’fhoilsigh an Roinn Páipéar Saincheisteanna dar teideal Shared Mobility Hubs: Issues, Challenges and Opportunities mar chuid de phróiseas comharliúchán i 2024. Tá na tuairimí ón bpróiseas seo gafa sa Tuarascáil ar Chomarliúchán Poiblí thíos.
Chomh maith leis seo i 2024, agus bainteach leis an réimse beartais seo, d’fhoilsigh an Roinn Nóta Faisnéise do na húdaráis áitiúla i dtaca le Seirbhísí Micrea-Shoghluaisteacht Comhroinnte. Is é cuspóir an nóta ná cur chuige dea-chleachtais a fhorbairt i dtaca le soláthar na seirbhísí seo, chun comhleanúnachas a chruthú i dtaca lena soláthar go náisiúnta, agus chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla ina gcuid rannpháirtíocht le hoibreoirí príobháideacha ar na saincheisteanna amhail, ach gan a bheith teoranta dóibh, sábháilteacht, comhroinnt sonraí, bonneagar, páirceáil, oibríochtaí, luchtú agus monatóireacht. Táthar ag súil go ndéanfar ábhar an nóta seo a nuashonrú de réir mar a fhorbraíonn samhlacha maidir le soláthar seirbhísí i gcomhréir leis an obair atá ar bun ag an Roinn agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair.