Rannpháirtíocht an Phobail maidir leis an nGníomhú ar son na hAeráide agus Soghluaisteacht Inbhuanaithe, 2024-25
- Foilsithe: 20 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá foilsithe ag an Roinn Iompair an Cur Chuige Straitéiseach i leith Rannpháirtíocht an Phobail maidir leis an nGníomhú ar son na hAeráide agus Soghluaisteacht Inbhuanaithe, 2024-25.
Is é is cuspóir straitéiseach dó ná an conradh sóisialta idir an pobal agus an Stát a láidriú ar mhaithe leis an ngníomhú ar son na haeráide agus soghluaisteacht inbhuanaithe, é sin bunaithe ar chlár ionchuimsitheach rannpháirtíochta ar na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus phobail, agus é mar aidhm aige an chumhacht a thabhairt do mhuintir na hÉireann féin gníomhú ar son na haeráide.
Is é an treoirphrionsabal atá mar bhonn faoi ná gur próiseas dhá threo atá sa rannpháirtíocht. Próiseas í a bhfuil an Stát i gceannas air, ina bhfuil sé ag éisteacht, ag foghlaim, agus ag tabhairt treorach, ina dtéann sé i gcomhar le pobail agus le páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann, agus é mar aidhm acu ar fad córas iompair níos fearr, níos glaine agus níos cothroime a thabhairt isteach in Éirinn anois san am i láthair agus san am atá le teacht.
Tá na cuspóirí a leagtar amach sa Straitéis ina gcuid lárnach den chur chuige uile-Rialtais atá á ghlacadh maidir le rannpháirtíocht agus cumarsáid aeráide, mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, agus iad ag teacht leis an ngealltanas atá tugtha ag Éirinn Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, go háirithe SFI 13, ‘Gníomhú ar son na hAeráide’, agus SFI 11, ‘Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe’.