Scéim Tacaíochta um Tharlú Ceadúnaithe 2023
- Foilsithe: 31 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2023
Is féidir iarratais a chur isteach ar Scéim Tacaíochta um Tharlú Ceadúnaithe 2023 anois.
Cheadaigh an Rialtas Scéim ar an 14 Feabhra 2023 a bhfuil maoiniú €18 milliún ag baint léi chun cabhrú le gnólachtaí ceadúnaithe tarlaithe dul i ngleic le brú ó chostais. Tá an Scéim á riar ag an Roinn Iompair.
Tá curtha in iúl d’oibreoirí ceadúnaithe tarlaithe bóthair an tslí le hiarratas a dhéanamh. Is é an t-am agus an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe ná 11:59 i.n. ar an 31 Bealtaine 2023.
Caithfidh iarratasóirí gach ceann de na critéir seo a leanas a shásamh le bheith incháilithe don Scéim:
*An Cineál Gnó: Ní mór don iarratasóir, ar an 15 Nollaig 2022, ceadúnas bailí mar oibritheoir tarlaithe bóthair a bheith aige arna eisiúint ag an Aonad Ceadúnaithe um Oibritheoirí Iompair de Bhóthar sa Roinn Iompair i gcomhréir le halt 2 den Acht um Thrácht ar Bhóithre agus Iompar, 2006.
*Oibríochtaí reatha: Ní mór don iarratasóir a bheith ag oibriú mar ghnóthas leantach agus ceadúnas bailí mar oibritheoir tarlaithe bóthair aige nuair a dhéanfar an t-iarratas.
*Dócmhainneacht: Tá sé riachtanach nach mbeidh an gnólacht tar éis tús a chur (nó nach meastar go gcuirfear tús) le haon chéimeanna i dtreo imeachtaí dócmhainneachta/leachtaithe am déanta an iarratais.
*Stádas cánach: Ní mór d’iarratasóirí a bheith bunaithe agus cláraithe i gcomhair cánach sa Stát agus stádas imréitigh cánach acu nuair a dhéanfar an t-iarratas. Beidh ar iarratasóirí a n-uimhir thagartha cánach a chur ar fáil mar chuid den phróiseas iarratais. Déanfar an stádas imréitigh cánach a sheiceáil leis na Coimisinéirí Ioncaim mar chuid de riarachán na Scéime. Má tharlaíonn nach mbeidh stádas bailí ag iarratasóir ó thaobh imréiteach cánach de, ní bhfaighidh an t-iarratasóir sin íocaíocht faoin Scéim.
*Feithiclí ar féidir cúnamh a dheonú ina leith: Ní dhéanfar íocaíocht faoin Scéim ach i leith feithiclí earraí troma incháilithe atá údaraithe ar cheadúnas tarlaithe bóthair iarratasóra cháilithe ón 15 Nollaig 2022.
Déanfar íocaíocht iomlán an deontais i gcás gach iarratasóir cáilithe bunaithe ar an tábla grádaithe íocaíochtaí thíos:
Íocaíocht | Banda Feithiclí |
€1,200 an fheithicil | suas le 5 fheithicil an t-oibritheoir |
€700 an fheithicil | 6 fheithicil go 20 feithicil an t-oibritheoir |
€200 an fheithicil | €200 an fheithicil má bhíonn 21+ feithicil ann |
Úsáidfear Ríomhaistriú Airgid le híocaíochtaí a dhéanamh.
Déanfar an scéim a oibriú i gcomhréir le rialacha an AE maidir le Státchabhair - féach Téarmaí agus Coinníollacha mionsonraithe na Scéime thíos.
Chun an Scéim a riar, éilíonn an Roinn Iompair ar iarratasóirí sonraí pearsanta áirithe a thabhairt - tá tuilleadh sonraí san Fhógra Príobháideachais thíos.