English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Slándáil Eitlíochta

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 18 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2022

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2013, sann an tAire freagracht as monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha náisiúnta agus AE maidir le slándáil eitlíochta d’Údarás Eitlíochta na hÉireann (ról a rinne an Roinn roimhe seo go dtí deireadh 2012). Coinníonn an Roinn freagracht iomlán as beartas slándála eitlíochta in Éirinn agus as a cuid oibleagáidí reatha um shlándáil eitlíochta faoi gach reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta lena n-áirítear:

  • An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar
  • Iarscríbhinn 17 ICAO
  • feidhmeanna an Bhallstáit atá leagtha amach i ngach Rialachán ábhartha de chuid an AE, agus
  • ECAC doiciméad 30

Cuireann an Roinn comhairle ar an Aire maidir le cúrsaí beartais slándála eitlíochta agus tá sí freagrach as beartas náisiúnta a fhorbairt agus a fhoirmiú i réimse na slándála eitlíochta.

A chuimsítear seo a leanas freisin ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na Roinne:

  • rannpháirtíocht agus ionadaíocht na hÉireann a threorú ag an leibhéal idirnáisiúnta ar gach ábhar a bhaineann le slándáil eitlíochta lena n-áirítear gach caibidlíocht maidir le forbairt agus leasú reachtaíochta an AE agus reachtaíocht idirnáisiúnta eile agus araile.
  • an Clár Náisiúnta um Shlándáil Eitlíochta Sibhialta (NCCASP) a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil
  • measúnú riosca náisiúnta na hÉireann ar shaincheisteanna slándála eitlíochta a fhorbairt agus a chothabháil
  • bainistíocht agus oibriú an Choiste Náisiúnta um Shlándáil Eitlíochta Sibhialta
  • an Plean Náisiúnta Fuadach