Barúlacha ón Aire Stáit Jack Chambers ag seoladh an Fheachtais Bí Réidh don Samhradh 2024
-
By: Jack Chambers
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2024
Dia dhaoibh a chairde. Tá an-áthas orm páirt a ghlacadh arís i seoladh an fheachtais Bí Réidh don Samhradh agus gabhaim buíochas libh as a bheith linn anseo inniu.
Tugann sé seo deis dúinn roinnt príomhtheachtaireachtaí agus príomhréimsí a leagan amach ar chóir do dhaoine aird a thabhairt orthu anois agus míonna teo an tsamhraidh ag druidim linn.
I mo cháil mar an tAire atá freagrach as Garda Cósta na hÉireann, ba mhaith liom béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar an bhfarraige agus ar an ngá atá le gníomhaíochtaí a phleanáil go cúramach, beag beann ar mhéid na ngníomhaíochtaí sin, roimh dul chun farraige.
Snámhaithe, cadhcálaithe, bádóirí – molaim daoibh go léir i gcónaí 'Smaoinigh ar Shábháilteacht Uisce - Bíodh plean agaibh agus bígí Réidh':
- is minic gur féidir le céimeanna praiticiúla agus simplí beatha duine a shábháil - mar shampla réamhaisnéis na haimsire agus amanna taoidí a sheiceáil do do cheantar áitiúil;
- dul ag snámh ag tránna ag a bhfuil garda tarrthála agus gan gabháil amach ródhomhain;
- déan cinnte go bhfuil an trealamh ceart agat don ghníomhaíocht uisce atá tú ar tí tabhairt fúithi, cabhróidh sé sin lena chinntiú go bhfillfidh tú abhaile go sábháilte
Insint do dhuine éigin go bhfuil tú ag dul chun farraige agus bealach a bheith agat i gcónaí chun glaoch ar chúnamh.
In 2023, tháinig Garda Cósta na hÉireann i gcabhair ar níos mó ná 600 duine, rud a d'fhág gur sábháladh beatha daoine nó gur sábháladh daoine ar dul san ospidéal go fadtéarmach nó ar ghortuithe a athraíonn an saol dóibh. Tá freagairt tugtha ag an nGarda Cósta ar bhreis is 500 teagmhas i mbliana agus tá sé ag súil le tréimhse ghnóthach eile i rith an tsamhraidh.
Faoi stiúir Gharda Cósta na hÉireann freisin, déanann an Grúpa Oibre um Chumarsáid maidir le Sábháilteacht Mhuirí sonraí a thiomsú maidir le treochtaí teagmhais ar an uisce amhail snámhaithe a tháinig sruthanna cuilitheála aniar aduaidh orthu; daoine a sáinníodh ag taoidí isteach; báid inséidte a scuabadh amach chun na farraige; nó daoine atá i gcruachás agus nach bhfuil an trealamh ceart acu chun cúnamh a iarraidh.
Cuireann obair an ghrúpa seo bonn eolais faoi fheachtais bhreise oideachais phoiblí agus teachtaireachtaí meán i rith an tSamhraidh, lena n-áirítear an tseachtain Feasachta ar Shábháilteacht Uisce agus an Lá Idirnáisiúnta um Bhá a chosc. Is mór againn an obair seo.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil agus aitheantas a thabhairt d'obair ár n-oibrithe deonacha iontacha tiomanta go léir atá ina ngné lárnach dár seirbhísí Cuardaigh agus Tarrthála (SAR).
Áirítear leis sin oibrithe deonacha an Gharda Cósta 900+, an RNLI agus Seirbhísí Tarrthála Cladaigh Pobail ag obair go dlúth lenár seirbhís héileacaptair cuardaigh agus tarrthála den chéad scoth - agus arna gcomhordú ag foireann an Gharda Cósta ag na hIonaid Chomhordúcháin Tarrthála Mara i mBaile Átha Cliath, Cionn Mhálanna agus Dairbhre.
Thug an Rialtas cead anuraidh an conradh do sheirbhís nua eitlíochta SAR de chuid an Gharda Cósta a bhronnadh, agus cuirfear tús leis an aistriú chuig an gconradh nua níos deireanaí i mbliana.
Leis an gconradh seo déantar foráil maidir le coinneáil ceithre bhonn Héileacaptair, iad uile in ann seirbhísí SAR 24 uair an chloig a sholáthar chomh maith le tacaíocht aerleighis de lá agus d'oíche dár n-oileáin amach ón gcósta agus tacaíocht don tseirbhís Náisiúnta Otharcharanna.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh lenár gcairde agus lenár gcomhghleacaithe in Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála ar a gcomóradh 200 bliain agus mo bhuíochas a chur in iúl as a dúthracht agus a fónamh le 200 anuas ar feadh ár gcóstaí.
Meabhraítear duit arís:
- ullmhaigh do ghníomhaíocht go cúramach agus ná téigh ag snámh ach ar thránna cosanta ag a bhfuil garda tarrthála nó in áiteanna a bhfuil cur amach agat orthu
- má fheiceann tú duine éigin i i mbaol, glaoigh ar 112 nó bain úsáid as cainéal VHF Mara 16 agus iarr le haghaidh an Gharda Cósta. Cuimhnigh, 'Smaoinigh ar Shábháilteacht ar an bhFarraige– Bíodh plean agat agus Bí Ullmhaithe'
Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun labhairt faoi shábháilteacht ar na bóithre sna míonna amach romhainn.
Tá méadú mór tagtha ar líon na mbásanna ar bhóithre le tamall anuas, rud a chuir alltacht ar dhaoine ar fud na tíre agus a chuaigh i bhfeidhm ar theaghlaigh, ar chairde agus ar phobail ó cheann ceann na tíre.
B'fhéidir go bhfuil cuma bun os cionn ar an scéal, ach go deimhin tá an samhradh ar an tréimhse is contúirtí ar na bóithre – agus tuigim go rímhaith na tragóidí ar na bóithre a tharla an samhradh seo caite agus a bhain de dhaoine óga.
Agus na scoileanna dúnta, tá níos mó daoine óga amuigh i measc ár bpobail, agus tá níos mó daoine ar na bóithre ag tabhairt cuairte ar theaghlaigh agus ar chairde.
Is am gnóthach den bhliain é freisin dár bpobail feirmeoireachta agus is féidir linn a bheith ag súil le méadú ar líon na bhfeithiclí talmhaíochta a úsáideann an bóthar.
Tá níos mó rioscaí sábháilteachta ag baint leis na nithe sin go léir. Mar thiománaithe, ní mór dúinn a bheith an-chúramach chun a bheith ar an eolas faoi úsáideoirí soghonta bóthair.
Beidh feachtais sábháilteachta ar bhóithre á reáchtáil againn i rith an tsamhraidh. Mar Rialtas, ag obair le gníomhaireachtaí ar nós an Gharda Síochána, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus daoine nach iad, táimid meáite ar gach rud atá ar ár gcumas a dhéanamh chun an treocht atá feicthe againn a aisiompú agus impím ar gach duine ár mbóithre a úsáid go sábháilte an samhradh seo.
Go raibh maith agaibh as a bheith linn inniu. Tá súil agam go mbeidh samhradh sábháilte taitneamhach agaibh agus ag bhur dteaghlaigh.
Go raibh míle maith agaibh.