Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

Breoslaí In-athnuaite don Iompar Ráiteas Beartais

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 25 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 16 Lúnasa 2023

D’fhoilsigh an tAire Iompair an Ráiteas Beartais Iompair um Breosla In-athnuaite 2021 - 2023.

Leagtar amach sa Ráiteas Beartais treochlár maidir le soláthar agus úsáid breoslaí in-athnuaite i bhfuinneamh iompair chun na spriocanna a leagtar amach Phlean Gnímh don Aeráid 2021 agus oibleagáidí Eorpacha maidir le soláthar agus úsáid fuinnimh in-athnuaite san iompar a bhaint amach.

Tagraíonn gealltanais atá sa Ráiteas Polasaí do mhéaduithe i soláthar bithbhreoslaí a thosaíonn in 2022, agus ag an am céanna cinntíonn siad go gcoinnítear na caighdeáin is airde inbhuaine i dtaca le soláthar bithbhreoslaí ón bhfoinse, agus dreasachtaí chun raon níos leithne breoslaí in-athnuaite a fhorbairt agus a sholáthar.

Soláthraíonn an Ráiteas Polasaí creat do phróiseas leanúnach comhairliúcháin agus athbhreithnithe maidir leis na hathruithe fadtéarmacha atá beartaithe.

Beidh an méid leanúnach a chuireann bithbhreoslaí le tiomantas na hÉireann hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go 2030 faoi réir anailíse agus athbhreithnithe.

Breoslaí In-athnuaite don Iompar
Ráilteas Beartais Samhain 2021
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat