English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta á Éascú ag Calafoirt Tráchtála in Éirinn

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 20 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 25 Lúnasa 2022

Tá forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta (ORE) ríthábhachtach chun uaillmhianta Athrú Aeráide na hÉireann a bhaint amach le sprioc de 5GW de ghaoth amach ón gcósta faoi 2030 agus an acmhainneacht de 30GW ar a laghad de chumhacht gaoithe amach ón gcósta ar snámh mar atá leagtha amach i gClár an Rialtais agus sa Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2021.

Go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar Bheartas Náisiúnta na gCalafort foriomlán in 2022, rinne an Roinn, i gcomhar le hOifig Forbartha Muirí na hÉireann (IMDO), measúnú ar na roghanna atá ann do Chalafoirt Stáit tráchtála na hÉireann chun an earnáil ORE a éascú agus chun cabhrú le hÉirinn a cuid spriocanna a bhaint amach i dtaca le laghduithe astaíochtaí.

Is é an príomh-mholadh a eascraíonn as an measúnú ná go mbeidh gá le roinnt saoráidí calafoirt le haghaidh gníomhaíochta imlonnaithe agus go mbeidh gá le iliomad calafort le haghaidh oibríochtaí O&M. Sa deireadh thiar thall, ligfidh sé sin d’infheistíochtaí atá inmharthana ó thaobh tráchtála sa fadtéarma de dul ar aghaidh gan dochar do chumas calafoirt ar bith a phríomhoibleagáidí a chomhlíonadh maidir le trádáil idirnáisiúnta a éascú.

Cabhróidh an cur chuige ilphort seo leis na tairbhí eacnamaíocha a uasmhéadú ar an leibhéal réigiúnach chomh maith leis an leibhéal náisiúnta ó thaobh poist agus fiontair nua FBM a chruthú a fhéadfaidh tacú le forbairt an tionscail ORE.

Tá Ráiteas Beartais a léiríonn an cur chuige ilphort le fáil ag an nasc thíos. Tá an ráiteas Beartais ar aon dul le Beartas Náisiúnta na gCalafort reatha a aithníonn cheana féin an ról a d'fhéadfadh a bheith ag Calafoirt Stáit tráchtála maidir le seirbhísiú na hEarnála Fuinnimh Amach ón gCósta.

Leagtar amach sa ráiteas Beartais:

  • Spriocanna cúlra AE agus Náisiúnta maidir le ORE
  • Go dtiocfaidh forbairt ar thionscadail ORE timpeall chósta na hÉireann i roinnt céimeanna agus gurb é cur chuige ilphort an Beartas is fearr a éascóidh freagairt láidir ó earnáil na gcalafort agus ó aonáin phríobháideacha laistigh de na calafoirt.
  • Go bhféadfaidh calafoirt incháilithe TEN-T iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do bhonneagar calafoirt a bhaineann le ORE faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF), arb é an ionstraim maoinithe é do Ghréasán Iompair Tras-Eorpach an AE (TEN-T).
  • Deiseanna eile maidir le fuinneamh in-athnuaite tonnta agus taoide sna huiscí timpeall na hÉireann agus an cumas do thionscadail ar scála an-mhór do hidrigin ghlas agus amóinia ghlas, cé gur teicneolaíochtaí réamhthráchtála go mór iad seo ag an bpointe seo.

Bunóidh an Roinn Iompair Grúpa Comhordaithe Calafort chun freagairtí na gcalafort a chomhordú agus chun ailíniú beartais a choinneáil.

Ráiteas Beartais maidir le Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta ag Calafoirt Tráchtála in Éirinn a éascú
Amharc amharc