English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Iompar Poiblí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 10 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 22 Samhain 2023


Réamhrá

Tá cuspóir straitéiseach ag an rialtas córas iompair poiblí atá ag feidhmiú go maith, inrochtana agus comhtháite a sholáthar:

  • cuireann sé le hiomaíochas
  • a chothaíonn dul chun cinn eacnamaíoch
  • cuireann sé forbairt réigiúnach chothrom chun cinn
  • cuireann sé le comhtháthú sóisialta

Tá sé tábhachtach go mbeadh caighdeán sainithe iompair phoiblí ann atá inacmhainne don chustaiméir agus don cháiníocóir.

Tá sé mar chuspóir ag an rialtas freisin seachadadh tráthúil agus costéifeachtach an chláir infheistíochta san Iompar Poiblí a chinntiú de réir na dtorthaí atá leagtha amach sa mar chuid de Project Ireland 2040.


Bus agus Cóiste

Tá baint ag an Údarás Náisiúnta Iompair le soláthar seirbhísí bus poiblí éagsúla in Éirinn mar Bus Éireann, Bus Átha Cliath agus Local Link.

Aicmítear busanna agus cóistí mar Fheithiclí Móra Seirbhíse Poiblí lena n-áirítear 'feithiclí a bhfuil an cumas níos mó ná ochtar paisinéirí a iompar ar luaíocht'.

Díríonn maoirseacht bheartais don earnáil ar na nithe seo a leanas:

  • creat ceadúnaithe le haghaidh Feithiclí Móra Seirbhíse Poiblí
  • creat ceadúnaithe do Cheadúnais Oibreoirí Iompar Paisinéirí Bóthair
  • creat beartais maidir le hoibriú seirbhísí bus ar fruiliú agus luach saothair lena n-áirítear ceadúnú seirbhísí sceidealaithe arna riaradh ag an Údarás Náisiúnta Iompair

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta um chearta paisinéirí bus agus cóiste in Éirinn.


Tacaíochtaí Sealadacha Covid-19 d’Oibreoirí Tráchtála Bus (CBO)

Soláthraíodh tacaíochtaí Státchiste faoi Scéim Tacaíochta Forlíontach d’Oibreoirí Busanna Tráchtála na hÉireann in 2021, agus é mar chuspóir aici leanúnachas na seirbhísí iompair poiblí a sholáthraíonn oibreoirí ceadúnaithe bus a chaomhnú le linn na paindéime COVID-19.

Is é an réasúnaíocht le tacaíocht a thabhairt do na hoibreoirí laistigh den scéim ná tionchar suntasach leanúnach na paindéime ar líon na bpaisinéirí agus ar ioncam ó tháillí, chomh maith leis an gcomhthéacs socheacnamaíoch a bhaineann le gréasáin iompair phoiblí riachtanacha a chothabháil. In éagmais tacaíochtaí airgeadais ní bheadh na seirbhísí seo inmharthana ó thaobh an gheilleagair de, agus mar a léiríodh i gcéimeanna tosaigh na paindéime, is dócha go n-aistarraingeofaí seirbhísí ag na hoibreoirí tráchtála dá mbainfí na tacaíochtaí sin amach.

Féach thíos an nasc chuig Cinneadh an Aontais Eorpaigh lena gceadaítear an Scéim, atá á riaradh ag an Roinn Iompair i gcomhréir le Creat Sealadach an AE do bhearta cúnaimh Stáit chun tacú leis an ngeilleagar san éigeandáil reatha de COVID-19, agus Airteagal 107(2) (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Chabhraigh an maoiniú seo le tionchar na paindéime Covid-19 ar oibreoirí bus tráchtála na hÉireann a mhaolú agus chinntigh sé oibriú leanúnach na seirbhísí riachtanacha seo.

Príomhearnáil Eacnamaíoch: NACE H.49 Iompar ar Thalamh - Bus

Regiún: NUTS Leibhéal II (Cód IE04, II05 agus IE06)

Cineál Gnóthais: Fiontair beaga agus Micrifhiontair

Cliceáil anseo chun na sonraí iomlána a léamh.

Cé gur cheadaigh an AE an Scéim ar dtús an 06 Lúnasa 2021 le buiséad de €15m, fuair leasú ina dhiaidh sin chun an Scéim a leathnú faomhadh an AE an 20 Nollaig 2021.

Cliceáil anseo chun na sonraí iomlána a léamh


Iarnród:

Síneann líonra iarnróid na hÉireann faoi láthair go thart ar 2,400 km de rian oibriúcháin, le níos mó ná 4,400 droichead, 144 stáisiún agus os cionn 930 crosaire comhréidh. Rinne sé freastal ar 50.1 milliún paisinéir in 2019 tar éis roinnt blianta d’fhás suntasach.

Cuimsíonn an líonra línte faoi stiúir Iarnród Éireann a oibríonn seirbhísí InterCity, réigiúnacha, comaitéireachta agus DART, chomh maith le seirbhísí lasta iarnróid.

Tá freagracht ann beartas agus reachtaíocht a tháirgeadh le haghaidh rialú eacnamaíoch na n-iarnród. Cinntíonn an rialtas go gcomhlíonann an margadh iarnróid in Éirinn ceanglais an AE.

D’fhonn réimeas láidir rialála a chinntiú don mhargadh iarnróid in Éirinn, éilíonn an AE go gcomhlíonfar na rialacha a bhaineann le limistéar iarnróid aonair a bhunú, agus le rochtain ar an margadh.

Go háirithe, forbraíodh rialacha chun na margaí do lasta iarnróid intíre agus idirnáisiúnta agus do sheirbhísí idirnáisiúnta iarnróid a oscailt. Sa Cheathrú Pacáiste Iarnróid , a thrasuítear isteach i nDlí na hÉireann in 2020, tá tograí breise maidir le margaí baile a oscailt.


Feithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí

Is éard is Feithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí ann feithiclí a bhfuil sé d’acmhainn acu suas le hochtar paisinéirí a iompar (gan an tiománaí san áireamh) ar luaíocht, lena n-áirítear tacsaithe, hacnaithe, feithiclí atá oiriúnach do chathaoir rothaí, agus limisíní.

Tá freagracht ar an Roinn as creataí polasaí agus reachtúla don earnáil. Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) freagrach as rialú oibríochtúil na hearnála.


Inrochtaineacht Iompair Phoiblí

Ag leibhéal an Rialtais, tá roinnt príomhstraitéisí agus príomhbheartas ann a chuireann iompar inrochtana chun cinn, lena n-áirítear:

Bunaíodh an Coiste Comhairleach Inrochtaineachta (ACC) faoin NDIS agus bhain sé úsáid as Clár Oibre Inrochtaineachta Iompair Phoiblí na Roinne Iompair chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le hiompar poiblí a dhéanamh níos inrochtana.

Cuimsíonn an Clár Oibre (a bhí i bhfeidhm le linn shaolré an NDIS) gníomhartha ó raon straitéisí Rialtais a chuidíonn le hiompar poiblí a dhéanamh inrochtana de réir a chéile do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine a bhfuil a gcuid soghluaisteachta laghdaithe agus do dhaoine scothaosta. Rinneadh é a nuashonrú gach ráithe.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag Inrochtaineacht Iompair Phoiblí.


Iompar Poiblí i gCeantair Thuaithe

Tá an Roinn freagrach as beartas agus maoiniú foriomlán maidir le hinrochtaineacht na seirbhísí iompair phoiblí.

Tá freagracht reachtúil ar an Údarás Náisiúnta Iompair as soláthar seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a dhaingniú go náisiúnta. Tá sé freagrach freisin as iompar comhtháite áitiúil agus tuaithe, lena n-áirítear bainistíocht fhoriomlán a dhéanamh ar sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI agus ar Éire á Nascadh – An Plean Soghluaisteachta Tuaithe.

An Clár Iompair Tuaithe - Nasc Áitiúil TFI

Feidhmíonn an Clár Iompair Tuaithe faoi bhranda Nasc Áitiúil TFI agus tá sé mar aidhm aige 'córas iompair phoiblí pobalbhunaithe ar ardchaighdeán a sholáthar i gceantair thuaithe na hÉireann a fhreastalaíonn ar riachtanais áitiúla'. I measc na bpríomhthosaíochtaí atá aige tá: aghaidh a thabhairt ar eisiamh sóisialta tuaithe, comhtháthú sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI le líonraí iompair phoiblí eile, agus naisc níos fearr a sholáthar idir bailte agus sráidbhailte agus laistigh díobh.

Tá méadú suntasach tagtha ar mhaoiniú do sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI, ó €12.2 milliún in 2016 go dtí €43 milliún in 2023. Leis an maoiniú breise, bhíothas in ann breis agus 100 seirbhís rialta comaitéireachta nua agus seirbhísí nua tráthnóna/oíche a thabhairt isteach, chomh maith le feabhas a chur ar sheirbhísí ó dhoras go doras. Feidhmíonn na Seirbhísí Rialta Tuaithe nua cúig huaire sa lá ar a laghad, 5,6 nó 7 lá in aghaidh na seachtaine. Dearadh iad chun nascadh le seirbhísí iompair phoiblí eile, chun naisc sna seirbhísí idir bailte agus sráidbhailte agus laistigh díobh a fheabhsú, agus chun turais ar aghaidh a éascú ionas gur féidir le daoine rochtain a fháil ar dheiseanna oideachais, fostaíochta, sláinte, áineasa agus eile.

Le linn 2022, rinneadh 2.8 milliún turas paisinéirí ar mheascán d'iompar a fhreagraíonn don éileamh agus seirbhísí rialta comaitéireachta.

Tá seirbhísí Nasc Áitiúil TFI á bhfeidhmiú agus á mbainistiú ag 15 Aonad Comhordaithe Iompair ar fud na tíre. Bainistíonn gach oifig seachadadh na seirbhísí bus sa cheantar sin ó lá go lá, chomh maith le bheith ag plé le hiarratais a bhaineann leis na seirbhísí.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Nasc Áitiúil TFI - Iompar d’Éirinn. Tá na seirbhísí san áireamh freisin sa Phleanálaí Náisiúnta Turais , ar féidir teacht air ag Iompar d’Éirinn .

Éire á Nascadh – An Plean Soghluaisteachta Tuaithe

Is mórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí é Éire á Nascadh – An Plean Soghluaisteachta Tuaithe a bhfuil sé mar aidhm aige nascacht a mhéadú, go háirithe do dhaoine atá ina gcónaí lasmuigh de chathracha agus de bhailte móra na tíre. Táthar ag súil go mbainfidh os cionn 100 sráidbhaile tuaithe tairbhe as seirbhís rialta iompair phoiblí (trí thuras fillte ar a laghad gach lá) den chéad uair. Faoi dheireadh an phlean, tá an tÚdarás ag súil go dtiocfaidh méadú 25% ar sheirbhísí bus tuaithe, agus os cionn 60 nasc nua le cathracha réigiúnacha ó na ceantair máguaird.

Ní hamháin go gcuirfidh na bearta seo tuilleadh feabhais ar nascacht sna ceantair sin, ach cuirfidh siad roghanna inmharthana eile ar fáil in ionad carranna príobháideacha do mhuintir na háite.

Tá an Plean á bhainistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus ag Oifigí Nasc Áitiúil TFI, le cabhair maoinithe ón Roinn Iompair.

Seoladh Éire á Nascadh i mí Dheireadh Fómhair 2021 le céim chomhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl ó Dheireadh Fómhair 2021 go Nollaig 2021. Seoladh 38 seirbhís nua agus seirbhísí feabhsaithe in 2022. Tá a mheasúnú ar na seirbhísí sin foilsithe ag an Údarás.

Is clár cúig bliana é seo, agus tá 67 seirbhís nua agus seirbhísí feabhsaithe beartaithe do 2023.

Tá clár forfheidhmithe Éire á Nascadh do 2023 ar fáil.

Seirbhísí Nua Baile

Tá sé beartaithe ag an Údarás feabhas a chur ar roinnt seirbhísí baile atá ann cheana féin le linn 2023 agus 2024 agus seirbhísí baile úra a thabhairt isteach in Inis, i bPort Laoise, sa Mhuileann gCearr agus i Leitir Ceanainn roimh dheireadh 2025.

Seoladh seirbhís bhaile Cheatharlach an 30 Iúil 2023 agus tá sí á feidhmiú ag Bus Éireann.