achoimre
Réamhrá
Tá beartas iompair na hÉireann bunaithe ar ghluaiseacht éifeachtach daoine agus ar inrochtaineacht mhéadaithe a chinntiú do phaisinéirí uile a úsáideann an gréasán iompair.
Le córas iompair láidir, déantar iomaíochas a fheabhsú, dul chun cinn eacnamaíoch a choinneáil ar siúl, forbairt chomhardaithe réigiúnach a chur chun cinn agus comhtháthú sóisialta a mhéadú.
Iompar Poiblí
Is iad seo a leanas mórspriocanna na hÉireann ó thaobh an iompair de:
- córas iompair poiblí comhtháite a fheidhmíonn go maith a chur ar fáil
- iompair poiblí ardchaighdeáin a chur ar fáil ar chostas réasúnach don chustaiméir agus don cháin íocóir
- a chinntiú go gcuireann forbairtí nua iompair phoiblí nó bóithre le inbhuanaitheacht na hÉireann
- a chinntiú go gcuirtear an clár infheistíochta Iompair Poiblí i ngníomh i gcomhréir leis na Torthaí Straitéiseacha Náisiúnta arna leagan amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 agus in Éire 2040 – An Tionscadal.
Bóithre
Laistigh de chreat beartais iompair comhardaithe agus comhtháite, tá sé ríthábhachtach go ndéanann an Stát foráil do ghluaiseacht daoine agus earraí ar na bóithre ar bhealach atá sábháilte agus éifeachtach ó thaobh costais de. Agus 5306 ciliméadar de bhóithre náisiúnta in Éirinn (chomh maith le 916 ciliméadar de mhótarbhealach), is réimse é seo a dhéanann difear do gach duine sa tír, geall leis.
Tá spriocanna sonracha leagtha amach in Éire 2040 - An Tionscadalagus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 mar seo a leanas:
- a chinntiú go soláthraítear gréasán de bhóithre réigiúnacha, bóithre áitiúla agus bóithre náisiúnta atá sábháilte agus éifeachtúil
- a chinntiú go mbaintear an úsáid is fearr is féidir agus úsáid shábháilte as an ngréasán bóithre poiblí
- breithniú a dhéanamh ar riachtanais úsáideoirí bóithre uile, lena n-áirítear rothaithe agus coisithe, agus bonneagar bóthair á thógáil
Eitlíocht
Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonann cleachtais agus nósanna imeacht eitlíochta na hÉireann na caighdeáin idirnáisúnta is fearr; go ndéanann sí forbairt earnála eitlíochta bríomhaire, iomaíche agus rialáilte diadh ar ndiaidh a chur chun cinn; agus bonneagar leordhóthanach aerfoirt agus seirbhísí iomaíocha aerfoirt a sholáthar.
Tá beartas eitlíochta na hÉireann bunaithe ar thrí phríomhaidhm:
- nascacht na hÉireann a fheabhsú trí rochtain shábháilte, dhaingean agus iomaíoch a chinntiú atá freagrúil ar riachtanais ghnó, riachtanais turasóireachta agus riachtanais tomhaltóirí
- forbairt fhiontar na heitlíochta in Éirinn a chothú chun tacú le poist a chruthú agus Éire a bhunú mar cheannaire domhanda aitheanta in earnáil na heitlíochta
- uasmhéadú a dhéanamh ar an mbealach a chuireann earnáil na heitlíochta le fás agus forbairt eacnamaíochta na hÉireann
- Department of Transport Aviation Statistics Snapshot
Iompar Mara
Is ardtosaíocht í forbairt a dhéanamh ar earnáil iompair mara na hÉireann, trí bhaint amach na leibhéil sábháilteachta a éascú agus trí fheabhas a chur ar an mbonneagar atá ag teastáil chun fostaíocht a chinntiú san earnáil loingseoireachta, san earnáil iascaireachta agus san earnáil áineasa.
Tá sé mar aidhm ag an rialtas coinníollacha a chothú a thugann tacaíocht chun úinéireacht, bainistiú agus gníomhaíochtaí long atá lonnaithe in Éirinn a fhorbairt. Tá sé ríthábhachtach freisin sábháilteacht loingseoireachta a chinntiú agus truailliú an chomhshaoil muirí ó fhoinsí longbhunaithe a chosc.
Caithfidh soithí uile (lena n-áirítear soithí atá á modhnú) a bheith deimhnithe mar shoithí atá sábháilte dul ar uisce na hÉireann.
Is mór an chabhair é Garda Cósta na hÉireann ó thaobh an bheartais sábháilteachta mara, ag freastal ar 3,000 éigeandála mara gach bliain, ag cabhrú le 4,500 duine agus ag sábháil 2,000 duine ón mbás. Is iad príomhróil Gharda Cósta na hÉireann daoine a tharrtháil ó dhainséar ar muir is ar tír, iompar liachta a eagrú láithreach agus cabhair a thabhairt do bháid agus longa laistigh de dhlínse na hÉireann.
Mar a leagtar amach sa Bheartas Náisiúnta um Chalafoirt, is ríthábhachtach an caidreamh idir earnáil na gcalafort tráchtála agus an córas pleanála agus forbartha chun forbairt inbhuanaithe leanúnach earnáil na gcalafort a chinntiú.
Is cuspóir straitéiseach ríthábhachtach é acmhainn a sholáthar amach anseo; níl an beartas um chalafoirt saintreorach, áfach, maidir le suíomh todhchaí na hacmhainne calafoirt sin.
Iompar agus Athrú Aeráide
Faoi 2040 meastar go mbeidh méadú breis agus 1 mhilliún tagtha ar dhaonra na hÉireann go 5.7 milliún duine. Mar thoradh ar an méadú sin, beidh éileamh níos mó ar iompar. Cé gur comhartha geilleagair bhríomhair é sin, treisíonn sé an dúshlán atá romhainn carbón a bhaint den aer toisc gur bhain 19.8% de gháis ceaptha teasa in Éirinn in 2017 le cúrsaí iompair.
Chomh maith leis sin, cuireann truailliú aeir ón iompar le heaspa cáilíochta an aeir áitiúil, rud a íoslaghdaíonn caighdeán saoil na ndaoine agus a dhéanann dochar don tsláinte.
Leagtar amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2019 spriocanna sonracha na hÉireann, lena n-áirítear:
- forbairt a dhéanamh ar ghréasán na bhfeithiclí leictreacha chun tacú le 800,000 gluaisteán ar a laghad faoi 2030
- cosc ar chur le carranna nua breosla iontaise a dhíol ó 2030 ar aghaidh, agus stop a chur leis an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG) faoi 2045
- tosú ar an bhflít busanna poiblí a aistriú go flít leictreach
- gréasán an Luas a leathnú amach
- an gréasán rothaíochta náisiúnta a leathnú mar a leagtar amach i [external-link http://www.smartertravel.ie/sites/default/files/uploads/2013_01_03_0902 02 EnglishNS1274 Dept. of Transport_National_Cycle_Policy_v4%5b1%5d%5b1%5d.pdf | gCreat an Pholasaí Náisiúnta Rothaíochta ]