English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

17 linn luchtaithe ardchumhachta nua ar fud Ghréasán Bóithre Náisiúnta na hÉireann fógartha ag an Aire Ryan

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 26 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Tá 131 pointe luchtaithe ardchumhachta nua d’fheithiclí leictreacha fógartha ag an Aire Eamon Ryan, agus iad le tógáil thar 17 linn luchtaithe feadh na bpríomhbhóithre.
  • Is é 45km an meánfhad a bheidh idir na linnte luchtaithe
  • Gnóthais phríobháideacha a thógfaidh an bonneagar, le cúnamh deontais ón Roinn Iompair.

D’fhógair an tAire Iompair, Eamon Ryan, inniu an áit a mbeidh 17 linn luchtaithe ardchumhachta nua d’fheithiclí leictreacha suite ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta. Soláthróidh gach ceann de na linnte luchtaithe seo múr de luchtairí meara agus rímheara ionas gur féidir le daoine a bhfeithicil leictreach a luchtú go tapa.

Treiseoidh an tionscnamh seo bonneagar luchtaithe na hÉireann d’fheithiclí leictreacha agus cuirfear an t-iompar inbhuanaithe chun cinn dá bharr. Is é an chéad chuid de phlean mór lena chinntiú go mbeidh níos mó pointí luchtaithe feadh ár mbóithre. Táthar ag súil go n-osclófar an dara scéim deontais, a bheidh dírithe ar bhóithre náisiúnta, amach sa bhliain. Tar éis an bonneagar luchtaithe deontaschúnta a shuiteáil, is é 45km an meánfhad a bheidh idir na linnte luchtaithe ardchumhachta feadh bhealaí na scéime.

Dúirt an tAire Iompair, Eamon Ryan:

“Is cuid thábhachtach dár n-aistear chun astaíochtaí san earnáil iompair a laghdú iad feithiclí leictreacha. Is gluaisteáin níos glaise, níos fearr iad ach ba mhaith linn cinnteacht bhreise a thabhairt do dhaoine a úsáideann feithiclí leictreacha anois nó do dhaoine atá ag smaoineamh ar cheann amach anseo. Céim thábhachtach dár dtiomantas do dhaoine agus do chóras iompair níos inbhuanaithe is ea na bainc seo de phointí luchtaithe ardchumhachta. Leanfaimid orainn ag cur go leor scéimeanna eile ar fáil ina dhiaidh seo lena chinntiú go mbeidh a fhios ag daoine gur féidir leo a bhfeithicil a luchtú go héasca. Beidh an méid sin ag teacht lenár ngealltanais eile, amhail an Scéim Deontais chun Feithicil Leictreach a Cheannach, nach n-athrófar arís an bhliain seo chugainn, ár ndeontais faoi chomhair luchtairí tí agus an laghdú CCF (nó VRT) d’Fheithiclí Leictreacha atá i bhfeidhm go fóill. Agus nuair a chuirtear an rogha níos mó agus iomaíochas praghsanna níos fearr ar an margadh san áireamh, tá súil againn go spreagfar níos mó daoine chun dul le feithiclí leictreacha.”

Dúirt Peter Walsh, Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann:

“Léiríonn ár gcomhoibriú le ZEVI (Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann) agus gnólachtaí príobháideacha an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a chur chun cinn. Ní hamháin go rachaidh na pointí luchtaithe seo chun tairbhe do thiománaithe ach cuirfidh siad le cuspóirí comhshaoil na hÉireann ar an iomlán freisin.”

Soláthróidh na 131 pointe luchtaithe ardchumhachta 24,260 cileavata (24 meigeavata) d’acmhainn luchtaithe breise. Is iad Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) a dhéanfaidh iad a mhaoiniú faoin gcéad Scéim Deontais um Bonneagar Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha Saothair Éadroim agus is é Bonneagar Iompair Éireann a bheidh i gceannas air. Seoladh an scéim deontais i mí Feabhra na bliana seo agus tá sé mar aidhm aici dlús a chur le forbairt bonneagair luchtaithe d’fheithiclí leictreacha ar fud gréasáin bóithre na hÉireann trí rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a spreagadh. Níor éirigh le haon iarratasóirí ar mhian leo linnte luchtaithe ardchumhachta breise a chur leis an linn luchtaithe atá ann cheana ag Caiseal, ar chonair an M8 idir Acomhal 3 Baile Cholla agus Dún Citeal, bealach a bhfreastalaíonn linnte luchtaithe eile air freisin. Mar sin féin, tá scéimeanna deontais breise d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim ar an tslí á bhforbairt agus beidh sé mar aidhm leo dul i ngleic le haon réimsí den líonra óna dteastaíonn tacaíocht bhreise, i gcás nach raibh sé indéanta méid leordhóthanach a bhronnadh faoin géad Scéim Deontais d’Fheithiclí Leictreacha Saothair Éadroim, chomh maith le clúdach breise ó thaobh bonneagar luchtaithe de a sholáthar ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta.

Is céim shuntasach í an chéad scéim seo i dtreo spriocanna fuinnimh ghlan na hÉireann a bhaint amach faoin bPlean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha. Réiteoidh an Plean an bealach leis an mbonneagar a chur ar fáil go gasta ar an tslí, ar na mótarbhealaí, agus ar na bpríomhbhóithre agus na bóithre tánaisteacha, taobh leis na gréasáin réigiúnacha agus áitiúla i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na hÉireann.

Tá an scéim ar cheann de roinnt príomhghníomhaíochtaí agus táirgí insoláthartha ó ZEVI agus TII in 2024.

Eolas cúlra:

  • Tá an scéim dírithe ar ghnóthaí laistigh d’achar tiomána 3km ón ngréasán mótarbhealaí, amhail ionaid seirbhísí, óstáin, ionaid díol*a, srl.
  • Mar chuid de sheoladh na scéime, bhailigh TII faisnéis ar na linnte luchtaithe atá ann cheana ar fud na tíre chun an soláthar agus an dáileadh is éifeachtaí de bhonneagar nua a chinntiú.
  • Próiseas iomaíoch deontais a bheidh sa tionscnamh, a bheidh ag cloí le rialacha Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (GBER). Ceadaítear do bhallstáit an Aontais Eorpaigh faoi na rialacha sin scéimeanna státchabhrach áirithe a thabhairt i bhfeidhm gan fógra a thabhairt roimh ré do Choimisiún an Aontais Eorpaigh. Tá siad deartha chun tacaíocht agus dreasacht a uasmhéadú do chuideachtaí príobháideacha.
  • Féadfar an cúnamh deontais seo a úsáid faoi chomhair na gcostas caipitil a bhaineann leis an mbonneagar nua a shuiteáil, agus d’fhéadfadh sé go dtabharfaí maoiniú suas le 60% de na costais incháilithe faoin scéim. Beidh raon leathan costais a bhaineann le bonneagar luchtaithe incháilithe faoin scéim seo, lena n-áirítear bonneagar luchtaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú, chomh maith le hoibreacha gaolmhara innealtóireachta sibhialta agus táillí toilithe forbartha na nÚdarás Áitiúil.
  • Éilítear agus íoctar cúnamh deontais nuair a thugtar dhá ócáid thábhachtacha chun críche go rathúil, is é an chéad cheann ná comhaontú nasctha eangaí a dhéanamh le ESB Networks, agus tá an dara ceann bunaithe ar thástáil agus ar choimisiúnú deiridh an bhonneagair nua luchtaithe agus é a bheith ag feidhmiú agus ar fáil don phobal.
  • Is aidhm leis an scéim deontais seo “Rogha 2 ZEVI: Meánacmhainn Luchtaithe Feithiclí Leictreacha” a chur ar fáil, rud a éilíonn go mbainfear amach spriocanna TEN-T AFIR 2030 d’Fheithiclí Leictreacha Saothair Éadroim in 2025.
ZEVI LDV1 Grant Locations Table
Download link for Íoslódáil
  • Is sraith tosaigh gníomhartha agus táirgí insoláthartha í an Tuarascáil Cur Chun Feidhme a chuireann le seachadadh an Bhonneagair Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha. Leagtar amach sa tuarascáil treochlár i gcomhair bonneagar luchtaithe a chur ar fáil idir 2023 agus 2025 in Éirinn, rud a thabharfaidh dearbhú d’úsáideoirí gluaisteán go bhfuil sé indéanta aistriú go feithicil leictreach agus a chuirfidh ar chumas na hÉireann ár spriocanna náisiúnta um laghdú carbóin a bhaint amach.
LDV1 Implementation Plan
Amharc amharc
  • Tá an Plean Náisiúnta um Luchtú Feithiclí Leictreacha comhdhéanta den Phlean um Líonra Luchtaithe Náisiúnta d’Fheithiclí Leictreacha agus den Phlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha. Foilsíodh an Plean Deiridh um Líonra Luchtaithe Náisiúnta d’Fheithiclí Leictreacha i mí na Bealtaine 2024 agus é dírithe ar an luchtú ar an tslí, ar na mótarbhealaí, agus ar na príomhbhóithre agus na bóithre tánaisteacha. Seoladh an Dréacht-Phlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha i gcomhair comhairliúchán poiblí i mí na Bealtaine 2024. Réitíonn an plean sin an bealach chun líonraí réigiúnacha agus áitiúla de bhonneagar luchtaithe poiblí d’fheithiclí leictreacha a chur ar fáil níos tapa i gcathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann, i gcomhréir le huaillmhianta náisiúnta agus Eorpacha araon maidir le hiompar níos glaine. Táthar ag súil go bhfoilseofar an plean deiridh go déanach in 2024.