English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

3,500 km de chonairí sábháilte rothaíochta le cur ar fáil mar chuid den Ghréasán Náisiúnta Rothaíochta, atá chun 2.8 milliún duine a nascadh i gcathracha agus i mbailte ar fud na tíre

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 10 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2024

Chuir an tAire Iompair, Eamon Ryan T.D., fáilte inniu roimh fhoilsiú an phlean nua le haghaidh an Ghréasáin Náisiúnta Rothaíochta (GNR), ina leagtar amach an chaoi a mbeidh 3,500 km de bhealaí rothaíochta anonn is anall ar fud na tíre. Beidh na bealaí sin slán sábháilte, ar ardchaighdeán agus fáilteach, agus nascfaidh os cionn 200 cathair, baile agus sráidbhaile agus suas le 2.8 milliún duine go náisiúnta.

Beidh an Gréasán comhdhéanta de 85 conair, ina gcomhtháthófar glasbhealaí agus bonneagar rothaíochta eile atá ann cheana agus atá beartaithe, ar nós bhealaí Eurovelo, chomh maith le gréasán fairsing nua de bhealaí rothaíochta sábháilte taobh le bóithre atá ann cheana féin. Beidh sé nasctha freisin le cinn scríbe amhail moil iompair, ionaid oideachais, ionaid fostaíochta, ionaid fóillíochta agus áiteanna is díol spéise do thurasóirí, rud a fhágann go mbeidh sé níos éasca agus níos sábháilte do dhaoine ar fud na tíre dul ar an rothar mar chuid dá saol laethúil. Is é an aidhm go mbeidh 80% de theaghlaigh agus beagnach 90% de phoist lonnaithe nach mó ná 5 km ón ngréasán.

Sheol an tAire plean nua an Ghréasáin Náisiúnta Rothaíochta ag oscailt an tsínidh is déanaí le Glasbhealach na Canálach Móire – stráice 11 km ó Dhroichead an Aighlmearaigh go dtí na Solláin, Co. Chill Dara. Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh an Glasbhealach sin ina bhealach leanúnach 130 km, é go hiomlán scartha, feadh na canála ó Bhaile Átha Cliath go dtí an tSionainn.

Dúirt an tAire Ryan:

“Is iontach an rud é an plean seo a sheoladh inniu anseo ar Ghlasbhealach na Canálach Móire toisc gur léiriú maith é ar an méid dul chun cinn atá déanta againn cheana leis an nGréasán Náisiúnta Rothaíochta a fhorbairt, gréasán nua atá ceannródaíoch ann féin. Tá pleananna ar bun freisin chun 1,000 km eile de bhealaí rothaíochta a chur ar fáil ar bhonn tosaíochta faoi 2030.”

“Croíghréasán a bheidh sa Ghréasán Náisiúnta Rothaíochta, a nascfaidh bailte, cathracha agus cinn scríbe ar fud na tíre le bonneagar slán sábháilte don rothaíocht a bheidh scartha amach ón trácht eile gach áit ar féidir é. Sílim go ndéanfaidh sé sin a chion féin le muinín a spreagadh sa rothaíocht agus, dá réir sin, go gcuirfear le líon na dturas a dhéantar de shiúl na gcos agus ar rothar i measc mhuintir na háite, úsáideoirí fóillíochta agus turasóirí araon.”

Dúirt Peter Walsh, Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann:

“Tá Bonneagar Iompair Éireann agus ár gcuid comhpháirtithe sna hÚdaráis Áitiúla ag caitheamh dúthrachta le roghanna inbhuanaithe iompair a chur ar fáil ar fud na tíre. Ar dhea-shampla den chaoi a bhfuil muid ag cur leis an ngealltanas sin tá an stráice de Ghlasbhealach na Canálach Móire ó Dhroichead an Aighlmearaigh go dtí na Solláin.”

Tá Glasbhealach na Canálach Móire ina chuid de ghréasán breis is 400 km de ghlasbhealaí agus bonneagar rothaíochta eile atá ann cheana féin agus atá anois le cur san áireamh mar phríomhchonairí sa Ghréasán Náisiúnta nua. Ina theannta sin, cuirfear os cionn 900 km de ghlasbhealaí eile, atá pleanáilte agus beartaithe, san áireamh sa ghréasán. Cuirfear an 2,200 km eile den Ghréasán Náisiúnta ar fáil taobh le bonneagar bóthair atá ann cheana féin. Cinnteoidh sé sin go mbeidh an bonneagar rothaíochta scartha amach ón trácht eile den chuid is mó, rud a ligfidh do rothaithe a mbealach a dhéanamh go slán sábháilte compordach ina spás féin amach ó fheithiclí eile nuair is féidir é.

Tá an Gréasán Náisiúnta Rothaíochta ina chuid de ghealltanas atá tugtha ag an Rialtas le cur leis an ngréasán bonneagair Taistil Ghníomhaigh agus Glasbhealaí. Is í an Roinn Iompair, i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann, a choimisiúnaigh an plean le cathracha agus bailte a bhfuil cónaí ar os cionn 5,000 duine iontu a nascadh trí ghréasán conairí rothaíochta. Is príomhthionscnamh é chomh maith d’fhonn laghdú 51% ar na hastaíochtaí iompair a bhaint amach faoi 2030, mar atá sainordaithe sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Mar chuid de Chlár na nGlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha tá thart ar €12 mhilliún infheistithe ag an Roinn Iompair, trí Bhonneagar Iompair Éireann, ó bhí 2020 ann i bhforbairt Ghlasbhealach na Canálach Móire, agus thart ar €5 mhilliún ar an stráice ó Dhroichead an Aighlmearaigh go dtí na Solláin. Bhain an obair a rinneadh go príomha le huasghrádú an dromchla agus leathnú an chosáin tarraingthe a bhí ann cheana chun a chinntiú go mbeadh sé ag teacht leis na caighdeáin dea-chleachtais maidir le Glasbhealaí.

Is féidir plean an Ghréasáin Náisiúnta Raonta Rothar a fheiceáil ag Item was unpublished or removed

Nótaí d’Eagarthóirí:

• Cuirfear Plean an GNRR i bhfeidhm de réir a chéile. Meastar go gcuirfear thart ar 1,000 km den phlean (28% den ghréasán) i bhfeidhm faoi dheireadh 2030 mar chuid de Chéim 1 agus Céim 2. Cuirfear Céim 3 i bhfeidhm idir 2031 agus 2040.

• Maoineofar an Gréasán Náisiúnta Rothaíochta trí leithdháiltí atá á ndéanamh cheana faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, go háirithe an €360 milliún a chuirtear i leataobh don taisteal gníomhach agus do ghlasbhealaí gach bliain. Is ionann an costas iomlán a bhfuiltear ag súil leis chun Céim 1 agus Céim 2 den Ghréasán foriomlán a chur ar fáil agus thart ar €677 milliún go dtí 2030.

• Mar bhonn eolais faoi fhorbairt an Ghréasáin Náisiúnta Rothaíochta bhí measúnú ar na gréasáin rothaíochta a bhí ann cheana agus a bhí beartaithe, mar aon le hanailís ar dhlúis daonra agus ar an éileamh dóchúil taistil. Bhí aithint riachtanais na n-úsáideoirí deiridh ina hardtosaíocht agus an plean á fhorbairt agus rinneadh amach iad trí thaighde margaidh agus trí mheasúnú ar an dea-chleachtas i dtíortha eile. Forbraíodh an plean i gcomhar le grúpa comhairleach a bhí comhdhéanta d’ionadaithe ón Roinn Iompair, ó Bhonneagar Iompair Éireann, ón Údarás Náisiúnta Iompair agus ó Chumann Bainistíochta na gContaetha agus na gCathracha, agus a thug tuairimí agus aiseolas ar an bplean. Reáchtáladh comhairliúchán poiblí maidir leis an bplean chomh maith d’fhonn cead cainte a thabhairt don phobal ar na tograí.