€658 milliún fógartha ag na hairí do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla
- Foilsithe: 15 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tiocfaidh méadú suas go 5%, do gach Údarás Áitiúl, ar na deontaisí atá ar fáil d’obair athshlánú agus cothabhála.
D’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan T.D. agus an tAire Stáit Jack Chambers T.D. clár infheistíochta €658 milliún inniu do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla in 2024.
Is ionann é sin agus méadú €32m ar an maoiniú i mbliana le go mbeifear in ann dea-bhail a choinneáil ar thart ar 2,640km de bhóithre réigiúnacha agus áitiúla de réir na gcaighdeán riachtanach agus 2,160km eile a neartú le caighdeán foriomlán na mbóithre ar an ngréasán a fheabhsú.
Agus an maoiniú á fhógairt aige dúirt an tAire Ryan:
“Is í sábháilteacht gach uile úsáideora bóithre an chloch is mó ar mo phaidrín arís in 2024 agus braithfidh sí sin go mór ar an obair atá ag leanúint ar aghaidh le gréasán na mbóithre réigiúnacha agus áitiúla atá ann cheana féin a chosaint agus a athnuachan. Tá an chuid is mó den mhaoiniú seo le dul d’athbhunú an ghréasáin, rud is gá le nascacht shóisialta agus eacnamaíoch a choinneáil agus le daoine agus áiteanna ar fud na tíre a nascadh. Chuige sin, is gá a chinntiú go mbíonn na turais a dhéanann daoine, bídís ina dturais ghasta suas an bóthar nó ina dturais fhada, chomh hintuartha agus chomh sábháilte agus is féidir.
“Tá €16 milliún le leithdháileadh againn freisin do 335 tionscadal oiriúnaithe aeráide d’fhonn féachaint chuige go mbeidh ár mbóithre in ann an aimsir a sheasamh. I measc na dtionscadal atá le cur i gcrích in 2024 faoin deontas oiriúnaithe aeráide tá oibreacha cosanta balla mara ag Cionn Mhálanna, Contae Dhún na nGall agus oibreacha maolaithe tuilte i Seanbhaile Chamrois, Contae Loch Garman.”
Dúirt an tAire Chambers:
“Infheistíocht riachtanach é seo inár ngréasán bóithre áitiúla agus réigiúnacha a rachaidh chun tairbhe do bhailte, sráidbhailte agus pobail fud fad na tíre. Feabhsóidh an maoiniú seo nascacht agus tacóidh le gnólachtaí. Fágfaidh sé go mbeidh sé níos éasca agus níos sábháilte do theaghlaigh a mbealach a dhéanamh ina saol laethúil, i.e. chuig an scoil nó chuig an obair. Leis an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú go sonrach, tá maoiniú le leithdháileadh sa chaoi gur féidir tabhairt faoi níos mó ná 250 tionscadal sábháilteachta ar an ngréasán bóithre i mbliana. Beidh na scéimeanna sábháilteachta sin dírithe ar bhearta leasúcháin leis an tsábháilteacht fhoriomlán ar an ngréasán bóithre a fheabhsú ar mhaithe le gach úsáideoir bóithre.
“Chomh maith le bearta amhail feasacht ar an tsábháilteacht ar bhóithre, athchóiriú beartais agus forfheidhmiú méadaithe, is den ríthábhacht iad réitigh innealtóireachta le básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre a laghdú agus, chuige sin, le timpeallacht iompair níos sábháilte a chruthú do chách.”
Tá €50 milliún le chur ar fáil le roinnt tionscadail bhóthair a bhfuil tábhacht straitéiseach leo a chur chun cinn, lena n-áirítear tionscadail atá sainaitheanta faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, amhail:
- Bóthar Faoisimh Thuaidh Thrá Lí (2km de chosán/rotharbhealach san áireamh);
- Seachbhóthar Chill Dalua, Bealach Trasna Dhroichead na Sionainne agus Scéim Feabhsúcháin an R494 (12.4km de chosán/rotharbhealach san áireamh, mar aon le rochtain fhéideartha ar an nglasbhealach atá beartaithe idir Luimneach agus an Scairbh); agus
- An Bóthar Dáileacháin idir Cuanach agus Cnoc an Lisín (2.2km de chosán/rotharbhealach san áireamh).
Tá tacaíocht le tabhairt do thionscadail straitéiseacha eile ar fud na tíre, a bhfuil céimeanna éagsúla forbartha bainte amach acu cheana, amhail Athailíniú Dhroichead agus Bóthar Fhionntrá (an R263) i gContae Dhún na nGall agus Bóthar Faoisimh Bhaile Átha an Rí i gCo. na Gaillimhe.
Tá maoiniú €20 milliún le chur ar fáil freisin mar Dheontais Shonracha faoi chomhair feabhsuithe bóthair ar an mionchóir. Beidh meascán de scéimeanna i gceist leis na deontais sin, lena n-áirítear oibreacha droichid, tionscadail athchumraithe acomhal, chomh maith le scéimeanna le brú tráchta i mbailte a mhaolú agus le rochtain ar ionaid oideachais, gnólachtaí agus roghanna iompair phoiblí a fheabhsú. I measc na dtionscadal maoinithe do 2024 tá Bóthar Faoisimh Éadan Doire i gContae Uíbh Fhailí agus Athshlánú Dhroichead Chaisleán Stráinse i gContae Ros Comáin.
Nótaí don Eagarthóir
Seo a leanas miondealú ar an gclár infheistíochta €658 milliún do 2024:
- €303m le haghaidh oibreacha neartaithe pábhála bóthair;
- €75m le haghaidh obair choisctheach cóirithe dromchla;
- €84m le haghaidh oibreacha cothabhála agus neartaithe, agus an lánrogha ag údaráis áitiúla na bóithre a roghnú;
- €70m le haghaidh Tionscadail Shonracha agus Straitéiseacha a bhaineann le Bóithre Réigiúnacha agus Áitiúla;
- €16m le haghaidh tionscadail athchóirithe droichead;
- €11m le haghaidh oibreacha feabhsaithe sábháilteachta;
- €18m le haghaidh oibreacha draenála;
- €13m le haghaidh Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail;
- €16m le haghaidh oibreacha oiriúnaithe/teacht aniar aeráide;
- €1m le haghaidh comharthaíochta;
- €22.5m le haghaidh oibreacha drochaimsire;
- €12m le haghaidh Iar‑Bhóithre Náisiúnta; agus
- Thart ar €16.5m de dheontais ilghnéitheacha, lena n-áirítear ceannach salainn, oiliúint, bainistíocht sócmhainní, suirbhéanna pábhála agus roinnt tionscnaimh phíolótacha.