Aerfort Weston Bainte Amach ag an gCéad Héileacaptar AW189 i bhFlít Nua an Gharda Cósta
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Iompair le freagracht as an nGarda Cósta, James Lawless, fáilte inniu [Déardaoin, an 29 Lúnasa] roimh an gcéad héileacaptar AW189 i bhflít nua aerárthach Gharda Cósta na hÉireann ar theacht isteach dó chuig Aerfort Weston.
Beidh sé héileacaptar AW189 sa fhlít, cúig cinn acu a bheidh nuathógtha, chomh maith le dhá aerárthach sciathán dobhogtha. Beidh na héileacaptair lonnaithe ag Weston (Baile Átha Cliath), Sligeach, Port Láirge agus Sionainn, agus seirbhís á cur ar fáil acu de lá is d’oíche ó cheann ceann na bliana. Is i Sionainn a bheidh an tseirbhís aerárthach sciathán dobhogtha lonnaithe. Cuirfidh an flít ar chumas Gharda Cósta na hÉireann leanúint air ag cur seirbhísí mara, cósta agus intíre Cuardaigh agus Tarrthála den scoth ar fáil, seirbhísí a shábháil os cionn 300 duine ón mbás in 2024. Bainfear úsáid as an bhflít aerárthach freisin i gcomhair faireachán comhshaoil, chomh maith le seirbhísí riachtanacha eile, amhail héileacaptair leighis éigeandála agus Seirbhísí Aerárthaigh Othar thar ceann FSS agus na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna.
Ag fáiltiú dó roimh an héileacaptar nua, dúirt an tAire Lawless:
“Sprioc thábhachtach é seo maidir le seirbhís eitlíochta nua Gharda Cósta na hÉireann a thabhairt isteach. Feabhsóidh an flít seo cumas an Gharda Cósta seirbhísí Cuardaigh agus Tarrthála agus seirbhísí faireacháin comhshaoil mara den chéad scoth a chur ar fáil, mar aon leis an tseirbhís riachtanach tacaíochta eitlíochta a sholáthraíonn sé d’eagraíochtaí eile Stáit, leithéidí an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, an Garda Síochána, agus Stiúrthóireacht Náisiúnta na Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála.
“Caitheann foireann an Gharda Cósta an-dúthracht le cabhrú leis an bpobal, rud a dhéanann siad i gcásanna fíordhúshlánacha in amanna. Cinntíonn an flít nua seo go mbeidh siad in ann leanúint de na caighdeáin is airde a bhaint amach ó thaobh sábháilteachta agus gairmiúlachta de agus iad i mbun a gcuid oibre tarrthála.”
Is é Bristow Éireann Teoranta a oibreoidh an tseirbhís aerárthach faoi chonradh deich mbliana a thiocfaidh i bhfeidhm go hiomlán i mí Iúil 2025.
Beidh libhré nua an Gharda Cósta ar na héileacaptair agus ar na haerárthaí sciathán dobhogtha araon. Sna seachtainí amach romhainn, tosóidh soláthraithe Cuardaigh agus Tarrthála, lena n-áirítear Oibrithe Deonacha an Gharda Cósta, an RNLI agus foirne pobail Tarrthála Cladaigh agus Sléibhe, ag obair leis an héileacaptar nua le cleachtadh a dhéanamh ar ghnáthghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála. Tá tús le cur leis an aistriú ón gconradh reatha ar an 31 Deireadh Fómhair 2024, tráth a nglacfaidh Bristow leis an bhfreagracht as na hoibríochtaí atá bunaithe i Sionainn. Beidh oiliúint agus cleachtaí taithíochta ar siúl idir an dá linn sula gcuirfear an tseirbhís i ngníomh. Aistreofar na trí bhunáit eile (Sligeach, Port Láirge, agus Baile Átha Cliath – Weston) chuig an tseirbhís nua de réir a chéile idir seo agus Iúil 2025.
Héileacaptar nua-aimseartha is ea an AW189, atá chun cinn ó thaobh teicneolaíochta de agus tíosach ar bhreosla. Téann sonraíochtaí teicniúla an AW189 níos faide ná na riachtanais a bhaineann le raon iomlán na dtascanna eitlíochta a fheidhmíonn Garda Cósta na hÉireann.
Dúirt Stiúrthóir Bristow Éireann, Philip Bartlett:
“Is iontach an rud é an héileacaptar seo a fheiceáil anseo in Éirinn. Tá an próiseas sceidealaithe leis an tseirbhís nua Cuardaigh agus Tarrthála a thabhairt isteach do Gharda Cósta na hÉireann faoi lánseol anois.
“Beimid ag tabhairt isteach trealamh agus teicneolaíocht nua de réir a chéile don tseirbhís seo a bhfuil ardmhuinín ag an bpobal aisti agus a shábhálann beatha daoine.”