An Bille um Thaismí Muirí a Imscrúdú chun cabhrú le dul i ngleic leis an earnáil seirbhísí amach ón gcósta atá ag athrú
- Foilsithe: 26 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 26 Iúil 2024
Inniu, d’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan foilsiú an Bhille um Thaismí Muirí a ImscrúdúBhille um Thaismí Muirí a Imscrúdú, a réiteoidh an bealach d’Aonad nua um Thaismí Muirí a Imscrúdú (MAIU).
Déantar foráil sa bhille do bhunú an MAIU laistigh den Roinn Iompair. Tiocfaidh sé in áit an Bhoird um Thaismí Muirí a Imscrúdú mar an gcomhlacht buan atá freagrach as taismí muirí a imscrúdú.
Is é téama an Bhille creat a chur ar fáil do MAIU chun imscrúduithe sábháilteachta muirí a dhéanamh ar thaismí muirí a bhaineann le hárthaí in uiscí na hÉireann agus le hárthaí faoi bhratach na hÉireann áit ar bith ar domhan.
Déantar foráil sa Bhille Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú), 2024 freisin don chumhacht chun rialacháin a dhéanamh le freastal ar na cineálacha nua árthaí a úsáidtear san earnáil seirbhísí amach ón gcósta agus oibrithe tionsclaíocha á n-iompar acu, oibrithe a lonnóidh bonneagar agus a dhéanfaidh saoráidí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a sheirbhísiú, mar shampla.
Dúirt an tAire Ryan:
“Baineann an Bille seo lenár gcóras sábháilteachta muirí a fheabhsú, go háirithe maidir le taismí muirí a imscrúdú, ach freisin le féachaint chuige go seasfaidh an córas an aimsir maidir le méadú ar na héilimh agus ar na castachtaí a eascróidh as forbairt na hearnála fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.”
Nótaí
Taismí Muirí a Imscrúdú
Is é an Bord um Thaismí Muirí a Imscrúdú (MCIB) an comhlacht neamhspleách a bunaíodh faoin Acht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú), 2000 chun taismí muirí a imscrúdú agus chun tuarascálacha ar a leithéid d’imscrúduithe a fhoilsiú.
Rinneadh athbhreithniú neamhspleách in 2021 chun measúnú a dhéanamh ar struchtúir eagraíochtúla maidir le taismí muirí a imscrúdú. Moltar sa Tuarascáil ar an athbhreithniú gur cheart imscrúdú taismí muirí in Éirinn a athrú ón socrú páirtaimseartha atá ann faoi láthair (maidir le húsáid a bhaint as painéal imscrúdaitheoirí) go dtí cur chuige lánaimseartha.
Tá sé sin i gcomhréir le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus bheadh sé ag teacht leis an gcleachtas reatha maidir le himscrúdú eitlíochta agus timpistí iarnróid sa Stát.
Árthaí Seirbhíse Amach ón gCósta
Tá gealltanas tugtha ag Éirinn an neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoin mbliain 2050. Chun an sprioc sin a bhaint amach, ní mór don tír méadú mór a chur ar chion a riachtanas fuinnimh a chomhlíontar le foinsí in-athnuaite, lena n-áirítear foinsí Fuinnimh In-Athnuaite Amach ón gCósta (ORE), mar shampla an ghaoth.
Tá go leor cineálacha árthaí, ar a dtugtar árthaí seirbhíse amach ón gcósta, i gceist le tionscadail ORE a fhorbairt agus a fheidhmiú.
Déantar foráil sa Bhille Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú), 2024 don chumhacht chun rialacháin a dhéanamh le freastal ar na cineálacha nua árthaí a úsáidtear san earnáil seirbhísí amach ón gcósta agus le pearsanra tionsclaíoch a iompar ar na hárthaí sin.