English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An chéad chéim glactha i dtreo Moil Soghluaiseachta Comhroinnte agus comhairliúchán poiblí seolta

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 12 Márta 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’oscail an tAire Iompair, Eamon Ryan T.D., inniu, comhairliúchán poiblí mar an gcéad chéimi dtreo Moil Soghluaiseachta Comhroinnte a fhorbairt.

Is moil iad seo ina dtagann réimse roghanna iompair chomhroinnte – lena n-áirítear, mar shampla, rothair, rothair leictreacha nó carranna leictreacha comhroinnte – le chéile agus inar féidir leis na daoine a dteastaíonn uathu iad teacht orthu in aon áit amháin. Is minic iad seo a bheith lonnaithe gar do mhoil taistil phoiblí eile amhail stáisiúin traenach nó bus.

Tar éis an chomhairliúcháin seo, tá sé i gceist triail a bhaint as líonraí mol comhroinnte ar bhonn píolótach taobh istigh de roinnt láithreacha. Tugtar le fios san fhianaise idirnáisiúnta gur gné lárnach den spleáchas ar charranna a laghdú, go háirithe i gcás achair níos giorra, is ea éascaíocht na hinrochtana, chomh maith le roghanna taistil idir na moil féin, chuig acomhail iompair phoiblí agus ar ais uathu. Sula dtugtar na scéimeanna píolótacha seo isteach, tá an Roinn ag iarraidh ar dhaoine a dtuairim a thabhairt faoi mhoil soghluaiseachta comhroinnte agus cén chaoi ar mhaith leo go n-oibreoidís.

Áirítear Item was unpublished or removed (PGA24) agus Item was unpublished or removed (BSI) roinnt gníomhartha chun infhaighteacht roghanna soghluaisteachta comhroinnte in Éirinn a leathnú.

Mar chuid dá hiarrachtaí chun na gealltanais seo a chomhlíonadh, tá páipéar saincheisteanna forbartha ag an Roinn ina dtugtar achoimre ar an réasúnaíocht a bhaineann leis an tsoghluaisteacht chomhroinnte agus le moil soghluaisteachta i gcomhthéacs spriocanna na hÉireann maidir le hastaíochtaí a laghdú, agus roinnt de na príomhcheisteanna a leagan amach a ndéanfar iniúchadh orthu agus a dtabharfar aghaidh orthu i gcomhthéacs na hÉireann.

Tugtar achoimre sa pháipéar ar cheisteanna féideartha maidir leis an rialachas, oibríochtaí, sonraí, cumarsáid, inrochtaineacht, sábháilteacht agus ionchuimsiú, agus iarrtar ann freagraí a thabhairt orthu seo agus ar réimsí breise eile ar mhaith le geallsealbhóirí a dtuairimí a thabhairt ina leith. Tá sé i gceist go mbreithneofar gach freagra ar an gcomhairliúchán seo mar chuid de phróiseas chun ráiteas beartais náisiúnta nua um Moil Soghluaisteachta Comhroinnte a fhorbairt.

Agus é ag seoladh an chomhairliúcháin phoiblí, leag an tAire Ryan béim ar an tábhacht leis an tsoghluaiseacht chomhroinnte chun cineálcha nua cur chuige a éascú maidir leis an gcaoi a mbogaimid thart inár saol laethúil:

“Ach margadh fuinniúil a fhorbairt do sheirbhísí soghluaiseachta comhroinnte, tá an fhéidearthacht ann nósanna iompair daoine a chlaochlú. Tá sé seo ar bun againn cheana féin i gcás leithéidí na scéimeanna rothar comhroinnte inár gcathracha agus inár mbailte.

Táimid ag iarraidh tógáil air seo ach moil soghluaiseachta comhroinnte a fhorbairt ina mbeidh daoine in ann rothar, rothar lastais nó carr leictreach a thógáil, mar shampla, le húsáid le haghaidh turas nó riachtanas ar leith, nó chun an chéad mhíle agus an míle deireanach dá dturais a chlúdach agus naisc a dhéanamh lenár gcóras iompair phoiblí atá ag fás i gcónaí. Cuid lárnach den chlaochlú iompair is ea an tsoghluaiseacht chomhroinnte.

Cabhróidh moil dá leithéid le riachtanais pháirceála a laghdú, rochtain a chur ar fáil ar charranna leictreacha do dhaoine a rachadh sé deacair orthu teacht ar a leithéid de ghnáth, agus le laghdú nó díothú a dhéanamh ar na costais a ghabhann go hiondúil lenár gcarr féin a bheith againn.

An chéad chéim i dtreo líonra cuimsitheach seirbhísí ná moil soghluaiseachta phíolótacha a bhunú, a chuirfidh samhail ar fáil is féidir a leathnú amach ar fud na tíre. Mholfainn don oiread daoine agus is féidir a dtuairimí a thabhairt agus bonn eolais a chur faoin earnáil soghluaiseachta comhroinnte a oibreoidh d’Éirinn.”

Beidh bunról ag na haighneachtaí a chuirfidh saoránaigh agus páirtithe leasmhara isteach maidir le todhchaí na soghluaiseachta comhroinnte in Éirinn a mhúnlú agus a áit sa chóras iompair i gcoitinne. Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin chun críche ar an 3ú Bealtaine, agus is féidir teacht ar thuilleadh eolais ag Item was unpublished or removed.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Is féidir soghluaisteacht chomhroinnte a shainiú go ginearálta mar sheirbhísí iompair a roinntear i measc úsáideoirí amhail iompar poiblí, micrea-shoghluaisteacht (comhroinnt rothar, comhroinnt scútar), agus modhanna carr-bhunaithe amhail carr-roinnt, comhroinnt carranna, agus léasú gearrthéarmach carranna.

Tá dlúthbhaint idir seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte a fhorbairt agus coincheap ‘an mhoil soghluaisteachta’. Is féidir mol soghluaisteachta a shainiú mar shuíomh feiceálach ina dtugtar le chéile modhanna difriúla soghluaisteachta comhroinnte amhail rothair, rothair lasta, agus feithiclí leictreacha agus ina bhfeabhsaítear iad le fóntais, seirbhísí agus faisnéis bhreise.’ D’fhéadfadh rothair, rothair leictreacha, modhanna micrea-shoghluaisteachta eile amhail scútair leictreacha agus rothair lasta leictreacha, agus carranna leictreacha ag cumainn comhroinnte carranna a bheith san áireamh anseo. Féadfaidh roinnt soláthraithe seirbhíse a bheith i moil den sórt sin freisin agus féadfaidh eintitis dhifriúla iad a oibriú.

I dtuarascáil 2022 an OECD ‘Redesigning Ireland's Transport for Net Zero’(Athdhearadh ar Iompar na hÉireann don Ghlan-Nialas), tarraingíodh aird ar an gcumas claochlaithe a bhainfeadh le seirbhísí comhroinnte ar éileamh, lena n-áirítear modhanna gníomhacha agus micrea-shoghluaiseachta, i gcomhthéacs athrú a chumasú ón úinéireacht agus úsáid carranna príobháideacha thar gach cineál lonnaíochta. Tugadh faoi deara sa tuairisc gur féidir le seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte rochtain ghearrthéarmach a thabhairt d'úsáideoirí ar cheann de iliomad modhanna taistil de réir mar is gá.

Bunaíodh Aonad Soghluaiseachta Comhroinnte sa Roinn Iompair in 2023 de réir gealltanas i bPlean 2023 um an nGníomhú Aeráide (CAP23). Faoi CAP23, rinneadh tuilleadh cuimsithe ar ghealltanais chun idirtheagmháil a dhéanamh le lucht tionscail maidir le beartas soghluaiseachta comhroinnte a fhorbairt agus chun tús a chur le réitigh soghluaiseachta comhroinnte leictrí a fhorbairt agus a thabhairt isteach. Rinneadh tuilleadh leathnaithe air seo i bPlean 2024 um an nGníomhú Aeráide (CAP24) trí ghealltanas go bhforbrófaí agus go bhfoilseofaí ráiteas beartais ar mhoil soghluaiseachta comhroinnte faoi Ráithe 3, 2024.