English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Rialtas ag díriú ar an tsábháilteacht ar bhóithre agus ag impí ar úsáideoirí bóithre taisteal go freagrach an deireadh seachtaine saoire bainc seo

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 31 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an Rialtas ag iarraidh ar gach úsáideoir bóithre taisteal go freagrach ar ár mbóithre an deireadh seachtaine saoire bainc seo, agus go háirithe ag iarraidh ar thiománaithe moilliú síos.

Tosaíocht don Rialtas i gcónaí is ea an tsábháilteacht ar bhóithre. Rinne an Taoiseach, Simon Harris, cathaoirleacht ar chruinniú de chuid an Choiste Aireachta um Shábháilteacht ar Bhóithre ar an 2 Bealtaine, agus d’iarr ar na príomhpháirtithe sábháilteachta ar bhóithre a seacht ndícheall a dhéanamh laghdú a dhéanamh ar threocht mhéadaitheach na n-imbhuailtí agus mbásanna atá ag leanúint leis isteach go 2024.

Mar chuid de fhreagra an Rialtais, tá an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 2024 tugtha chun tosaigh ag an Aire Stáit sa Roinn Iompair, Jack Chambers, a bhfuil freagracht aige as sábháilteacht ar bhóithre. San Acht seo, a shínigh an tUachtarán isteach ina dhlí ar an 17 Aibreán, dírítear ar athrú spriocdhírithe agus córas ar athrú spriocdhírithe agus córas ar thrí phríomhréimse a bhaineann le hiompar tiománaithe:

  • Mar fhreagra ar an méadú i dtiomáint faoi thionchar drugaí, tá tástáil éigeantach drugaí ar thiománaithe ar láthair imbhuailtí tromchúiseacha tugtha isteach leis an Acht seo, ar an mbonn céanna le tástáil alcóil
  • Mar chúnamh le dul i ngleic le tiomáint róthapa, foráiltear faoin Acht go mbeidh teorainneacha luais réamhshocraithe níos sábháilte ar bhóithre uirbeacha, ar bhóithre náisiúnta tánaisteacha agus ar bhóithre tuaithe agus áitiúla
  • Chun tionchar bactha na bpointí pionóis a fheabhsú, cinntítear faoin Acht go ngearrfar pointí pionóis iomadúla ar thiománaithe a dhéanann coireanna iomadúla pointí pionóis ag an am céanna.

Cuirfear tús leis na forálacha i dtaca le tástáil éigeantach drugaí ar an 31 Bealtaine, roimh dheireadh seachtaine na saoire bainc. Mar thaca don athrú seo, thug an Roinn Iompair cead le déanaí don Lia‑Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre 10,000 fearas tástála “Drugwipe” sa bhreis a cheannach i mbliana. Ba cheart go gcinnteodh sé sin go mbeidh a ndóthain tástálacha ag baill den Gharda Síochána le tuilleadh tástálacha le haghaidh drugaí fós a dhéanamh cois bóthair.

Athrófar teorainneacha luais tar éis do gach údarás áitiúil tabhairt faoi phróiseas reachtach athbhreithnithe teorainneacha luais. Faoin gcéad chéim, athrófar an teorainn réamhshocraithe ar bhóithre tuaithe agus áitiúla ó 80km/u go 60km/u, agus faoi na céimeanna amach anseo, tabharfar isteach athruithe ar bhóithre náisiúnta tánaisteacha agus ar bhóithre uirbeacha. Coinneoidh ionadaithe a thoghtar go háitiúil an chumhacht tharmligthe chun an teorainn luais a athrú ón réamhshocrú nuair is cuí. Tá treoirlínte uasdátaithe eisithe ag an Roinn Iompair chun cabhrú le húdaráis áitiúla a n-athbhreithnithe ar theorainneacha luais a reáchtáil.

Tá an méid seo i measc na bhforbairtí tábhachtacha eile ó thaobh sábháilteacht ar bhóithre:

  • Tús leis na rialacháin a bhaineann le scútair leictreacha ar an 20 Bealtaine, faoina gceadófar úsáid dhlíthiúil a bhaint as fearais cheadaithe ar bhóithre poiblí.
  • Caiteachas an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre a bhfuil méadú suntasach air ar fheachtais meán cumarsáide, oideachais agus feasachta pobail ó bhí lár mhí Aibreáin ann, agus €3m in infheistíocht bhreise le déanamh.
  • Moladh cuimsitheach curtha faoi bhráid an Choimisinéara Cosanta Sonraí lena bhreithniú maidir le deacrachtaí roinnte sonraí imbhuailtí. Táthar ag súil go bhféadfar leanúint le sonraí imbhuailtí a roinnt le húdaráis áitiúla níos deireanaí i mbliana. Idir an dá linn, féadfar fós láithreacha suime a shainaithint maidir le hoibreacha sábháilteachta ar bhóithre. In 2023, maoiníodh 55 scéim sábháilteachta láithreacha suime, agus maoineofar 60 scéim in 2024.
  • Ceardlanna ullmhúcháin ar na teorainneacha nua luais réamhshocraithe ar bhóithre tuaithe agus áitiúla chun innealtóirí ó údaráis áitiúla ar fud na tíre a chur ar an eolas faoin athrú atá le teacht agus cabhrú leo ullmhú dá n-athbhreithniú féin ar theorainneacha luais. Reáchtáladh ceardlanna i Maigh Eo, Corcaigh agus Baile Átha Cliath an tseachtain seo.

Chuir an Taoiseach Simon Harris fáilte roimh an dul chun cinn a rinneadh ó bhí an Coiste Aireachta um Shábháilteacht ar Bhóithre ann, agus dúirt:

“Faoiseamh ollmhór do dhaoine ar fud na tíre is ea na saoirí bainc agus is deis do mhórán daoine é saoire bainc an Mheithimh an samhradh a cheiliúradh. Tá an iomarca daoine tar éis bás a fháil ar ár mbóithre, faraor, agus is minic saoire bhainc an Mheithimh a bheith ina tragóid agus ina slad do mhórán teaghlach ar fud na hÉireann. Tá mé ag impí ar thiománaithe agus ar gach úsáideoir bóithre an deireadh seachtaine saoire bainc seo smaoineamh ar a sábháilteacht féin agus ar shábháilteacht daoine eile agus iar ar an mbóthar. Cuirim fáilte inniu roimh an tús a cuireadh le tástáil éigeantach drugaí ar thiománaithe ar láthair imbhuailtí tromchúiseacha. Tá sé tábhachtach go leanfar ag bailiú nirt maidir le gníomhaíochtaí tosaíochta le cinntiú go laghdaímid an treocht ar ábhar buartha í de bhásanna ar na bóithre. Tá an Rialtas tiomanta do gach gníomh is gá a thógáil chun laghdú a dhéanamh ar líon na ndaoine a ghortaítear agus a mharaítear ar ár mbóithre. Tragóid uafásach is ea gach bás, agus is iomarcach gach bás.”

Tá obair fós ag dul ar aghaidh ar fhorbairt straitéis chuimsitheach náisiúnta ar cheamaraí sábháilteachta a thabhairt isteach amach anseo agus iad a leathnú amach, agus tá sé seo faoi cheannas Bhonneagar Iompair Éireann. Clúdófar sa straitéis úsáid a bhaint as ceamaraí sábháilteachta ar fud na mbóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, a bhfuil sé mar chuspóir acu laghdú a dhéanamh ar iompar neamhshábháilte ó thiománaithe agus a d’fhéadfaí a bhrath ach úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí ceamara-bhunaithe atá ann anois agus atá cruthaithe. Díreofar sa straitéis ar cheamaraí luais, ceamaraí soilse dearga agus soilse lánaí bus sa chéad chéim. Tá sí á dearadh le go gceadófar forfheidhmiú a dhéanamh ar sháruithe eile amach anseo, amhail úsáid fón póca agus gan criosanna sábhála a chaitheamh. Críochnófar an Straitéis faoi dheireadh na bliana, agus tarlóidh sé seo in éineacht le hinfheistíocht ceamaraí sábháilteachta níos túisce, agus suiteálfar trí limistéar ceamaraí meánluais agus naoi gceamara socra i mbliana.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Iompair, Eamon Ryan:

“Mar Rialtas, táimid tiomanta d’úsáid na teicneolaíochta chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus comhlánú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe chomhaltaí an Gharda Síochána. Tá a fhios againn go n-oibríonn ceamaraí sábháilteachta. Tá an fhianaise againn ó bhallstáit eile an AE, agus go deimhin anseo in Éirinn in áiteanna a bhfuil ceamaraí i bhfeidhm. Is éard a theastaíonn anois ná an córas reatha a mhéadú. Cabhróidh an Straitéis seo linn an córas iompair phoiblí agus taistil ghníomhaigh a fheabhsú, ach cabhrú le lánaí bus a chosaint agus pionós a ghearradh orthu siúd a bhriseann na soilse.”

Dúirt an tAire Dlí, Helen McEntee:

“Impím ar gach duine tiomáint go cúramach an deireadh seachtaine saoire bainc seo, agus a bheith aireach ar do shábháilteacht féin agus sábháilteacht úsáideoirí eile bóithre.

“Beidh an teicneolaíocht fheabhsaithe ina cúnamh don bhrath agus don fhorfheidhmiú – is cuid de réimse gníomhaíochtaí ar fud an Rialtais iad agus ba chóir go bhfeabhsódh siad iompar tiománaithe. Tá roinnt beart tugtha isteach againn, lena n-áirítear ceamaraí socra, ceamaraí meánluais, veaineanna GoSafe, agus an aip sonraí árachais do na Gardaí.

“Oibríonn siad seo in éineacht le bearta forfheidhmiúcháin bóithre le déanaí, lena n-áirítear tiomantas Choimisinéir na nGardaí do 30 nóiméad de phóilíneacht ard-infheictheachta ar bhóithre le linn gach seal dualgais – cheana féin mar thoradh air seo tá méadú sa bhrath ar úsáid fón póca le linn tiomána, ar thiomáint faoi thionchar agus gach líon suntasach feithiclí mar gheall ar easpa árachais.

“Tá ról ríthábhachtach ag an nGarda Síochána ó thaobh gach duine a úsáideann ár mbóithre a choinneáil slán, agus is mar gheall air seo a bhfuil tiomantas tugtha ag an Rialtas an maoiniú a theastaíonn a chur ar fáil chun leanúint le borradh a chur faoi earcú Gardaí. Foráiltear i mBuiséad 2024 do bhreis earcaithe nua chun an Gharda Síochána, an fórsa a mhéadú go 15,000 comhalta, lena n-áirítear leathnú ar an aonad póilíneachta bóithre.

“Cé go bhfuil an Garda Síochána ag díriú a n-iarrachtaí ar an bhforfheidhmiú, tá sé tábhachtach a aithint go dteastaíonn cur chuige ilghnéitheach chun laghdú a dhéanamh ar bhásanna agus imbhuailtí a chúisíonn tromghortuithe. Beidh tionchar i bhfad níos mó ar shábháilteacht ar bhóithre ach tiománaithe a spreagadh lena drochiompar a athrú.”

Dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Iompair ar a bhfuil freagracht as sábháilteacht ar bhóithre, Jack Chambers:

“Tá gach duine tiomanta d’aisiompú na treochta fíorimníoch seo atá feicthe againn le blianta beaga anuas agus laghdú a dhéanamh ar líon na mbásanna ar ár mbóithre. Tá roinnt tionscnamh tábhachtach tugtha chun cinn i mbliana cheana féin, rud a chabhróidh ár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte, ach tá tuilleadh le déanamh. Tá mórán moltaí, lena n-áirítear ionadaithe agus saineolaithe sábháilteachta ar bhóithre, á dtabhairt chun cinn ag mo Roinn, ag a ghníomhaireachtaí agus ag geallsealbhóirí eile san earnáil agus muid ag iarraidh aisiompú a dhéanamh ar na treochtaí a chonaiceamar in 2023 agus sa chéad leath de 2024.”

Cuirfear tuairisc iomlán ar dhul chun cinn maidir sábháilteacht ar bhóithre faoi bhráid an Rialtais tar éis an chéad chruinnithe eile den Choiste Aireachta um Shábháilteacht ar Bhóithre, roimh bhriseadh an tsamhraidh.