English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Roinn Iompair tar éis Ráiteas Straitéise 2023 – 2025 a fhoilsiú

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 13 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhoilsigh an Roinn Iompair a Ráiteas Straitéise nua inniu le haghaidh na tréimhse ó 2023 go 2025.

Leagtar amach sé sprioc ardleibhéil sa Ráiteas Straitéise, a forbraíodh tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.

Tugtar cuntas chomh maith ar an gcaoi a bhfuil sé i gceist ag an Roinn acmhainní poiblí a chur i bhfeidhm chun a misean casta agus tábhachtach a chomhlíonadh.

Leithdháileadh €3.5 billiún san iomlán ar an Roinn Iompair in 2023 chun críocha príomhthionscadail straitéiseacha a chur ar fáil, amhail BusConnects, MetroLink agus clár leathnaithe an DART, cláir laghdaithe carbóin agus tionscadail iompair phoiblí, taisteal gníomhach, rothaíocht, siúl agus glasbhealaí, bóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus tionscadail eitlíochta.

Tá leithdháileadh na bliana seo mar chuid den €35 billiún a bheidh ar fáil don Roinn le himeacht an Phlean Forbartha Náisiúnta chun tionscadail infheistíochta caipitil ar mhórscála a sholáthar.

Leanfaidh an Roinn de bheith straitéiseach maidir le himscaradh na n-acmhainní go léir atá ar fáil di, lena n-áirítear acmhainní airgeadais, teicneolaíochta agus foirne.

Is iad seo a leanas sé sprioc ardleibhéil na Roinne:

  • Nascacht
  • Inbhuanaitheacht: Geilleagar, Comhshaol agus Sochaí
  • Sábháilteacht, Slándáil agus Inrochtaineacht
  • Rialáil Éifeachtach
  • Rannpháirteachas Páirtithe Leasmhara
  • Sármhaitheas agus Nuálaíocht san Eagraíocht

Dúirt an tAire Ryan:

“Leagtar amach sa Ráiteas Straitéise treo straitéiseach an tsainchúraim leathain agus fhairsing atá ar an Roinn Iompair chun iompar poiblí sábháilte agus inrochtana, modhanna inbhuanaithe taistil, agus nascacht náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ar fáil.”

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers:

“Aithnítear agus aibhsítear i Ráiteas Straitéise 2023 – 2025 a thábhachtaí atá sé saothar na Roinne Iompair a ailíniú lena cuid gníomhaireachtaí, ionas go mbeimid in ann ár gcomhchuspóirí i leith chóras iompair na hÉireann a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, iompar ar bhóithre agus lóistíocht.”