English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Stáit Lawless tar éis dul i gcomhar le Garda Cósta na hÉireann, Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus an RNLI le hiarraidh ar dhaoine smaoineamh ar an tsábháilteacht uisce ar an Lá Domhanda um Bá a Chosc

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 25 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 26 Iúil 2024

Tá an tAire Stáit sa Roinn Iompair, James Lawless, tar éis dul i gcomhar leis an nGarda Cósta, le Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus leis an RNLI le hiarraidh ar an bpobal a bheith aireach nuair a théann siad amach ar an uisce nó gar dó.

Faigheann beagnach ceathrú milliún duine bás de bharr a mbáite gach uile bhliain dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Anseo in Éirinn, bánn deichniúr ar an meán gach mí de réir na Tuarascála Náisiúnta Bá a eisíonn Sábháilteacht Uisce na hÉireann. Thar an tréimhse cúig bliana ó 2017 go 2021, tharla 118 bá ar an meán in aghaidh na bliana, agus b’fhir iad 70% den staitistic thragóideach sin. Ina theannta sin, i gcás níos mó ná leath de na cásanna bá, ba dhaoine idir 40 agus 69 bliain d’aois iad. Chuaigh Garda Cósta na hÉireann, chomh maith leis an RNLI, gardaí tarrthála agus seirbhísí éigeandála eile, amach go 1,341 eachtra cheana féin i mbliana.

Is é an 25 Iúil an Lá Domhanda um Bá a Chosc. Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit le freagracht speisialta as Garda Cósta na hÉireann, James Lawless:

“Tá mé ag dul i gcomhar le Garda Cósta na hÉireann, Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus an RNLI inniu le hiarraidh ar dhaoine a gcion féin a dhéanamh le tuilleadh tragóidí ar an uisce a choinneáil ó dhoras.

“Tá Saoire Bainc Lúnasa ag druidim linn, agus beidh an-chuid againn ag tabhairt aghaidh ar thránna agus uiscebhealaí intíre. Ach ba cheart dúinn go léir pleanáil chun cinn roimh dhul i mbun aon ghníomhaíocht uisce.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hoibrithe deonacha iontacha ón nGarda Cósta, ó Shábháilteacht Uisce na hÉireann, ón RNLI agus ó Bháid Tarrthála Chladaigh Phobail as bheith toilteanach i gcónaí freastal ar a bpobail áitiúla in am an ghátair. Tá siad le moladh go hard na spéire as a ndualgas a dhéanamh agus i bhfad níos mó ná sin.”

Sula mbeartaíonn tú dul amach ar an uisce nó rud éigin a dhéanamh cois cósta, tá an tAire Lawless, an Garda Cósta, Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus an RNLI ag moladh go smaoineofá ar na leideanna luachmhara seo:

Déan do ghníomhaíocht a phleanáil go cúramach agus déan liosta de na rudaí is gá duit a thabhairt leat, lena n-áirítear cosaint ar an ngrian. Inis do dhuine éigin cá mbeidh tú ag dul, cé leis a mbeidh tú agus cathain a bheidh tú ar ais.

Beir leat i gcónaí rud éigin a d’fheadfá a úsáid le fios a chur ar na seirbhísí éigeandála i gcás práinne, chomh maith le do dhóthain uisce óil agus an trealamh ceart le haghaidh na gníomhaíochta ar leith atá beartaithe agat. Bíodh a fhios agat cén chaoi an trealamh sin a úsáid i gcás éigeandála agus caith seaicéad tarrthála nó gaireas snámhachta pearsanta i gcónaí.

Úsáid foinsí eolais a bhfuil fáil éasca orthu leis an aimsir agus na taoidí a sheiceáil sula dtéann tú amach le haghaidh do ghníomhaíochta.

Iarr cabhair láithreach má tá tusa i dtrioblóid nó má fheiceann tú duine i dtrioblóid ach glaoch a chur ar 112 (nó 999). É sin nó bain úsáid as Cainéal 16 ar Raidió VHF agus iarr an Garda Cósta.

Bain sult as an saol iontach amuigh faoin aer atá againn in Éirinn agus iompair thú féin go freagrach.

Dúirt Kevin Whitney, Bainisteoir Oibríochtaí le Garda Cósta na hÉireann:

“Deis eile is ea an Lá Domhanda um Bá a Chosc le béim a leagan ar a thábhachtaí atá an tsábháilteacht uisce agus lenár gcuid féin a dhéanamh le líon na n-eachtraí ar an uisce a laghdú.

“Dá mhéad pleanáil agus ullmhúchán a dhéantar do gach gníomhaíocht is ea is sábháilte a bheidh siad. Mar shampla, ba cheart duit réamhaisnéis na haimsire nó taoidí tránna áitiúla a sheiceáil agus an trealamh ceart a bheith agat, amhail Feiste Snámhachta Pearsanta atá i gceart duit agus modhanna chun glaoch ar chúnamh, mar raidió VHF, fón póca, nó rabhchán aimsiúcháin pearsanta. Cuir in iúl do dhuine éigin ar tír cá mbeidh tú ag dul agus cathain a bheidh tú ag teacht ar ais.”

Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Sábháilteacht Uisce na hÉireann, Roger Sweeney:

“Ar an meán, faigheann deichniúr bás in Éirinn gach mí de bharr a mbáite. Gníomhaíochtaí ar tír a tháinig roimh níos mó ná leath de na báite de thaisme, ní snámh ná bádóireacht. An Lá Domhanda seo um Bá a Chosc, bíodh comhrá faoin tsábháilteacht uisce agat le daoine muinteartha. Labhraígí faoin tábhacht a bhaineann le fanacht siar ón imeall, seaicéad tarrthála a chaitheamh agus tú ag bádóireacht nó ag iascaireacht ón gcladach, mar aon le scileanna snámha agus tarrthála a fhoghlaim.”

Arsa Ceannasaí Sábháilteachta Uisce an RNLI, Linda-Gene Byrne:

“Tá a fhios againn go mbeidh an cósta agus na huiscí intíre thar a bheith gnóthach le linn laethanta saoire an tsamhraidh agus ba mhaith linn go mbeadh spraoi ag gach duine, ach go gcoinneoidís an tsábháilteacht uisce i gcuimhne chomh maith. Ar an Lá Domhanda um Bá a Chosc, ba mhaith linn a mheabhrú do gach duine an teachtaireacht ‘Fanacht ar snámh chun fanacht i do bheo’.”

“Má bhíonn tú i dtrioblóid san uisce, fan ar snámh chun fanacht i do bheo: déan do cheann a chlaonadh siar agus do chluasa faoi bhun an uisce agat. Déan iarracht guaim a choinneáil ort féin agus do chuid anála a rialú. Úsáid do lámha le cabhrú leat do cheann a choinneáil os cionn an uisce, agus ansin glaoigh amach ag iarraidh cabhrach nó bí ag snámh chun sábháilteachta, más féidir leat é. Ná bíodh imní ort má théann do chosa faoi; ní hionann a bheith ar snámh d’aon dá bheirt.”

Má fheiceann tú duine i dtrioblóid ar an uisce nó ar an gcósta, nó má cheapann tú go bhfuil sé nó sí i dtrioblóid, úsáid Cainéal 16 ar an gCóras VHF Muirí nó diailigh 112 agus iarr an Garda Cósta.