English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Anne Graham ceaptha ina Cathaoirleach ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 25 Feabhra 2025
  • An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2025

Cheap an tAire Iompair Darragh O’Brien Anne Graham inniu mar Chathaoirleach ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Is gairmí innealtóra iompair agus comhshaoil í an tUasal Graham a bhfuil níos mó ná 34 bliana de thaithí aici san earnáil iompair i gcoiteann. Bhí gairmréim fhairsing aici i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear mar innealtóir tráchta agus bóithre, sular thosaigh sí ag obair leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) mar stiúrthóir in 2010. Bhí sí ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an Údarás ó mhí na Nollag 2014 go dtí mí na Nollag 2024. Bhain an tÚdarás Náisiúnta Iompair sainchomhartha aon mhilliún turas laethúil paisinéirí iompair phoiblí amach don chéad uair in 2024, faoi cheannaireacht Graham.

Ag fáiltiú dó roimh an gceapachán, dúirt an tAire O’Brien:

“Tá ríméad orm gur ghlac Anne leis an tairiscint abheith ina Cathaoirleach ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Tá tuiscint fairsing ag Anne ar an earnáil sábháilteachta ar bhóithre agus tá cuntas teiste aici maidir le ceannaireacht láidir, agus tá dul chun cinn mór déanta aici maidir le hiompar poiblí agus taisteal gníomhach a sholáthar agus a thabhairt cothrom le dáta le linn a tréimhse san Údarás Náisiúnta Iompair. Agus muid ag tabhairt faoi phróiseas chun an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a athchóiriú sna blianta amach romhainn, táim cinnte de go mbeidh ceannaireacht Anne ina sócmhainn don ghníomhaireacht agus go gcuideoidh sí lena chinntiú go mbeidh saoránaigh uile na tíre níos sábháilte ar an mbóthar mar thoradh ar na struchtúir nua.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun buíochas a ghabháil le Liz O’Donnell as an rannchuidiú suntasach a rinne sí mar Chathaoirleach le deich mbliana anuas.”

Ag freagairt dá ceapachán, dúirt Anne Graham:

“Is mór an onóir dom a bheith ceaptha mar Chathaoirleach ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, atá ar cheann de na gníomhaireachtaí is tábhachtaí agus is aitheanta sa Stát. Le linn mo thréimhse mar Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás Náisiúnta Iompair, rinneamar infheistíocht shuntasach in iompar poiblí, i dtaisteal gníomhach feabhsaithe, i gceansú tráchta agus sa réimse poiblí, rud a fhágann go bhfuil na bóithre agus an timpeallacht thógtha níos sábháilte d’úsáideoirí bóithre. D’oibrigh mé go dlúth freisin leis an gceannaireacht shinsearach laistigh den Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre tríd an mBord Comhpháirtíochta um Chlaochlú Sábháilteachta ar Bhóithre agus tríd an gCoiste Aireachta um Shábháilteacht ar Bhóithre san am a chuaigh thart, agus is eol dom go bhfuil an tiomantas céanna againn maidir le torthaí sábháilteachta ar bhóithre a fheabhsú agus Straitéis Sábháilteachta ar Bhóithre an Rialtais a sheachadadh.

“Is deis é an t-athchóiriú ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a fógraíodh i mí na Samhna seo caite chun a chinntiú go gcuirfear ár struchtúir sábháilteachta ar bhóithre ar bun mar is cuí chun Straitéis Sábháilteachta ar Bhóithre an Rialtais a chur i gcrích. Táim ag tnúth le cur agus le tacú leis an obair thábhachtach seo i mo ról mar Chathaoirleach.”

I gcomhréir leis an Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre 2006, ceapadh an tUasal Graham mar Chathaoirleach ar feadh téarma cúig bliana le héifeacht ón 25 Feabhra 2025.