English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athbhreithniú ar Bheartas Náisiúnta na gCalafort Seolta ag na hAirí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as an iompar muirí, Jack Chambers, inniu (19ú Deireadh Fómhair) go bhfuil an chéad chéim de chomhairliúchán poiblí maidir leis an Athbhreithniú ar Bheartas Náisiúnta na gCalafort ar na bacáin. Tá cuireadh á thabhairt do pháirtithe leasmhara páirt ghníomhach a ghlacadh san athbhreithniú agus a lorg a fhágáil ar an mbeartas muirí in Éirinn.

Is é Beartas Náisiúnta na gCalafort an creat uileghabhálach beartas i gcomhair rialú agus forbairt an líonra calafort stáit in Éirinn. Ó tugadh isteach in 2013 é, tá ról lárnach ag Beartas Náisiúnta na gCalafort maidir le hiomaíocht a chothú idir calafoirt agus na bacainní a laghdú do chomhlachtaí loingseoireachta atá teacht isteach i margadh na hÉireann.

Mar sin féin, i bhfianaise na ndúshlán comhshaoil, teicneolaíochta, déimeagrafach agus geopholaitiúil a chaithfidh an earnáil mhuirí a shárú na laethanta seo, tá gá le cur chuige athbhreithnithe d’fhonn aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais ár gcalafort as seo go ceann deich mbliana. Tá treochlár nua ag teastáil, ní hamháin leis na dúshláin sin a shárú ach leis na deiseanna nua a chuireann siad ar fáil a thapú.

Ag labhairt dó ag seoladh an chomhairliúcháin, leag an tAire béim ar a thábhachtaí atá sé páirtithe leasmhara agus an pobal a spreagadh le bheith páirteach:

“Leanfaidh ár gcalafoirt de ról ríthábhachtach a bheith acu i bhforbairt gheilleagrach na tíre. Chomh maith le leanúint de bheith ina moil ríthábhachtacha le haghaidh iompórtáil agus easpórtáil earraí, táthar ag súil go mbeidh roinnt calafort lárnach san aistriú chuig an bhfuinneamh in-athnuaite, leis. Deis thráthúil é seo do pháirtithe leasmhara agus don phobal cead cainte a bheith acu faoin gcineál bonneagair calafoirt agus earnála muirí is gá dúinn a fhorbairt agus a thógáil ionas go mbeimid in ann cothromaíocht a bhaint amach idir éilimh an gheilleagair, an chomhshaoil agus na sochaí ar bhealach inbhuanaithe.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Chambers ar son an chomhairliúcháin phoiblí:

“Céim shuntasach is ea an t-athbhreithniú ar Bheartas Náisiúnta na gCalafort chun forbairt ár dtionscail iompair mhuirí a chinntiú. Mar éascaitheoirí dár ngeilleagar náisiúnta, bíonn tionchar díreach ag feidhmiú éifeachtach ár gcalafort ar shaol gach saoránaigh agus is den ríthábhacht é go mbeidh d’acmhainn ag ár gcalafoirt tacú le fás leanúnach, ach deiseanna nua a thapú chomh maith. Molaim go láidir do na páirtithe leasmhara go léir páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin agus a gcuid léargais agus saineolais a chur ar fáil.”

Cuirfidh na haighneachtaí a gheofar ó shaoránaigh agus ó pháirtithe leasmhara bonn iontach tábhachtach faoi Bheartas Náisiúnta Athbhreithnithe na gCalafort. Beidh an comhairliúchán poiblí ar siúl go dtí an 15 Eanáir 2024. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Comhairliuchan Poibli Maidir Leis an Athbhreithniu ar Bheartas Naisiunta na gCalafort

Críoch

Nótaí don Eagarthóir

Is éard a bheidh i gCéim a hAon den phróiseas comhairliúcháin ná foilsiú Páipéir Saincheisteanna. Sainaithnítear sa Pháipéar Saincheisteanna maidir le Beartas Náisiúnta na gCalafort 12 phríomhthéama a mbeidh freagairtí beartais ag teastáil ina leith le creat beartas a chruthú atá láidir agus fiúntach. Ó thús deireadh an pháipéir, cuirtear ceisteanna ar fáil do rannpháirtithe le cabhrú leo a gcuid smaointe agus tuairimí a dhaingniú. Spreagtar iad chomh maith le haon saincheisteanna eile atá ábhartha a chur isteach lena mbreithniú.

In 2023, cuireadh an Staidéar ar Acmhainn na gCalafort i gcrích. Rinne an staidéar sin measúnú ar acmhainn chóras na gcalafort le plé leis an éileamh atá ann faoi láthair, chomh maith leis an éileamh a bheidh ann idir seo agus 2040. Tá an Achoimre Feidhmiúcháin ar an tuarascáil sin, ina leagtar amach modheolaíocht, conclúidí agus moltaí an staidéir, ar fáil in éineacht leis an bPáipéar Saincheisteanna maidir le Beartas Náisiúnta na gCalafort.