Cáinaisnéis 2024 le tuilleadh laghduithe ar tháillí agus seirbhísí nua do theaghlaigh agus comaitéirí a thabhairt isteach
- Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Iompair, Eamon Ryan TD, agus ag an Aire Stáit, Jack Chambers TD, roimh an leithdháileadh iomlán €3.5 billiún an bhliain seo chugainn don Roinn Iompair.
Le Cáinaisnéis 2024 deimhneofar go mbeidh teaghlaigh agus aosaigh óga in ann leanúint ar aghaidh agus leas a bhaint as táillí iompair phoiblí níos saoire. Tá síneadh dhá bhliain eile curtha leis an lascaine 50% dóibh siúd a bhfuil an ‘Cárta d’Aosaigh Óga’ acu a rachaidh chun tairbhe do dhaoine atá idir 19 mbliana agus 25 bliana d’aois go dtí an lá a mbeidh siad 26 bliana d’aois. Tagann deireadh leis an lascaine faoi láthair agus an duine 24 bliana d’aois. Tá an gearradh seo ar tháillí ann taobh leis an laghdú 20% ar tháillí do chách, laghdú a tháinig isteach ar dtús mar bheart sealadach chun dul i ngleic leis an gcostas maireachtála agus a bheidh againn go ceann bliain eile. Agus méadú ar an líon paisinéirí a úsáideann an t-iompar poiblí, is léir go bhfuil na laghduithe seo ina gcuidiú ag níos mó daoine an rogha a dhéanamh modhanna inbhuanaithe taistil a úsáid. Tá sé le tuiscint ó na sonraí is deireanaí go bhfuil méadú nach mór 15% tagtha ar an líon paisinéirí bus agus méadú nach mór 8% tagtha ar an líon paisinéirí traenach ó bhí 2019 ann. Tá gealltanas faighte ag an Aire Ryan freisin go ndéanfar athbhreithniú ar chostais iompair le haghaidh daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, na himpleachtaí costais roimh Cháinaisnéis 2025 ina measc.
Freagracht lárnach ar an Roinn Iompair is ea an maoiniú do chothabháil agus sábháilteacht ghréasán bóithre na hÉireann. Tá tús áite á thabhairt ar bhonn leanúnach don infheistíocht chun an gréasán bóithre a chosaint agus a athchóiriú agus déanfar €937m a leithdháileadh in 2024 dá bharr. Úsáidfear an leithdháileadh sin ionas gur féidir an luach is fearr a bhaint amach san infheistíocht sna bóithre agus lena dheimhniú go mbeidh an gréasán bóithre sábháilte do gach duine a úsáidfidh é. Cuirfear maoiniú ar fáil fosta le tionscadail bóithre nua a fhorbairt ar chostas €200m ar fud na tíre. Tá 10 gcinn de thionscadail ann faoi láthair a bhaineann le bóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá á dtógáil nó nach mór á dtógáil ar léiriú é sin ar dhíograis an Rialtais i leith feabhas a bhaint amach sa tsábháilteacht agus nascacht ar ár mbóithre.
Mar chuid den cháinaisnéis i mbliana déanfar tuilleadh infheistíochta i bhforbraíochtaí nua iompair phoiblí agus thart ar €220m ann faoi choinne tionscadail bus agus €200m ann don iarnród ar fud na tíre. Leis an leithdháileadh seo déanfar a dheimhniú go mbeifear ag leanúint ar aghaidh chun seirbhísí nua agus feabhsaithe a sholáthar i dtionscadail shuaitheanta ar nós BusConnects sna cathracha agus seirbhísí nua sna bailte móra. Cuirfear infheistíocht i leataobh don chlár Éire a Nascadh. Go dtí seo i mbliana, tá 105 seirbhís nua agus feabhsaithe curtha ar fáil ar fud na tuaithe in Éirinn mar chuid den chlár.
Mar thoradh ar an infheistíocht shuntasach seo déanfar tuilleadh dul chun cinn le go mbeidh an gréasán iompair phoiblí níos glaine agus níos glaise. Mar chuid de sin, beifear ag ceannach 70 bus nua leictreach dhá urlár do Bhaile Átha Cliath agus 101 ceann acu do chathracha taobh amuigh de, chun clúdach a thabhairt do Luimneach, Gaillimh agus Corcaigh. Fágfaidh an bonneagar don luchtú leictreach ag stáisiún Dhroichead Átha, mar aon leis an 65 ceann de thraenacha nua ceallra-leictreacha a thiocfaidh go hÉirinn an bhliain seo chugainn, go mbeifear in ann tús a chur le seirbhís nua DART idir cathair Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha in 2025. Spreagfaidh gach ceann de na hinfheistíochtaí seo daoine lena gcuid feithiclí príobháideacha a fhágáil ag baile, rogha a dhéanamh dul ar iompar poiblí agus páirt a ghlacadh san iarracht leis na spriocanna sa Phlean Gníomhaithe Náisiúnta ar son na hAeráide laghdú 50% a bhaint amach in astaíochtaí iompair faoi 2030.
Ó 2020 i leith tá na céadta ciliméadar de bhonneagar siúil agus rothaíochta, idir nua agus fheabhsaithe, curtha ar fáil ar fud na tíre. Táthar tar éis an sprioc seo a dhearbhú arís eile agus tá €360m leithdháilte don bhonneagar siúil agus rothaíochta do 2024. Ar na tionscadail sa cháinaisnéis i mbliana tá tionscadal coisíochta agus rothaíochta an Longfoirt ar an R198 agus N63, Droichead Wolfe Tone i nGaillimh, i measc neart eile acu.
Rachaidh an cháinaisnéis i mbliana chun tairbhe do ghlasbhealaí freisin, agus an obair foirgníochta ag leanúint ar aghaidh ar 10 gcinn de thionscadail ar fud na tíre, lena n-áirítear Loch Cairlinn, Glasbhealach Mór an Iarthair i Maigh Eo agus tá tús le cur leis an obair foirgníochta ar Ghlasbhealach Chiarraí Theas idir Gleann Beithe agus Cathair Saidhbhín.
Tá maoiniú €21m imfhálaithe freisin le haghaidh bearta sábháilteachta ar bhóithre mar fhreagairt ar an méadú ar líon na dtuairteanna marfacha bóthair ar bhóithre in Éirinn ar na mallaibh. Tá €15m curtha i leataobh le haghaidh oibreacha uasghrádaithe ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre, lena n-áirítear acomhail a fheabhsú agus scéimeanna eile mar an Síneadh le Caolbhealach Mhachan an N20 i gCorcaigh. Tá maoiniú €6m faighte chomh maith le haghaidh idirghabhálacha faoi leith, ar nós feachtais bhreise feasachta poiblí, chomh maith le hathbhreithniú agus forbairt a dhéanamh ar churaclam na tástála do thiománaithe.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Iompair, Eamon Ryan: “Tá áthas orm gur féidir linn síneadh a chur leis na laghduithe ar tháillí a bhí againn cheana agus iad a fheabhsú. Seo an tríú bliain díobh agus táim sásta go speisialta go bhféadfaimis an Cárta Lascaine 50% d’Aosaigh Óga a chur ar fáil dóibh siúd atá 24 agus 25 bliana d’aois leis. Fágann sé sin gurb í seo ceann de na tíortha is saoire san Eoraip le bheith ag taisteal inti mar dhuine óg. Ach níl ceann scríbe sroichte againn fós. Tá gealltanas faighte againn i leith athbhreithniú a dhéanamh ar tháillí iompair do dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus ba mhian liom dul i dtreo taisteal saor in aisce do pháistí agus déagóirí in 2025.”
“Tá sé suntasach chomh maith gur éirigh linn maoiniú sásúil a fháil le leanúint ar aghaidh faoi lánsiúl agus ar scála mór leis an méid atá beartaithe againn leis an iompar poiblí a athrú ó bhonn. Beidh MetroLink ag dul isteach sa chéad chéim eile, a fhágfaidh go mbeidh an tionscadal níos cóngaraí do chríoch na foirgníochta, agus cuirfimid tús le busanna leictreacha a chur ar fáil i gcuid mhór dár gcathracha, ó tharla go bhfuil ag éirí go geal leis an tseirbhís bus iomlán leictreach i mBaile Átha Luain. Is féidir linn dul chun cinn a dhéanamh leis na pleananna iarnróid atá againn do Chorcaigh agus leanúint ar aghaidh chun BusConnects a chur ar fáil sna cathracha. An toradh atá ar an gcáinaisnéis atá dearbhaithe dúinn ná gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an dul chun cinn iontach maidir le busanna nua feabhsaithe a sholáthar ar fud na tuaithe in Éirinn. Tá 105 ceann tugtha isteach againn cheana féin ó bhí 2022 agus is féidir linn cúrsaí a choinneáil ag imeacht. Ar deireadh, agus corradh le billiún euro againn do bhóithre, is féidir linn leanúint ar aghaidh leis an infheistíocht lenár ngréasán bóithre a chosaint agus a athchóiriú, a fhágfaidh go mbeidh dea-ord orthu agus iad slán sábháilte ag gach duine a úsáidfidh iad.”
Seo mar a labhair an tAire Chambers: “Cúis sásaimh dom go bhfuil tús áite á thabhairt i gCáinaisnéis 2024 do shábháilteacht daoine ar na bóithre, ó tharla gur cúis imní atá sa mhéadú ar an líon básanna ar bhóithre agus a lán tragóidí tar éis stangadh a bhaint as pobail ar fud na hÉireann i mbliana, go háirithe agus daoine óga i gceist. Leis an gcáinaisnéis seo, tá infheistíocht spriocdhírithe á tabhairt don tsábháilteacht ar bhóithre, agus pacáiste imfhálaithe beart €21m ann le forbairt a dhéanamh ar thionscadail faoi leith le bóithre a fheabhsú, ar nós acomhail chontúirteacha a shocrú. Chomh maith leis sin, táthar le feachtais feasachta agus chumarsáide de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre a láidriú agus an curaclam do thiománaithe a thabhairt chun dáta le go mbeidh na scileanna riachtanacha ag tiománaithe le taisteal ar na bóithre.
Táim an-sásta freisin go bhfuiltear tar éis €937m a leithdháileadh lenár ngréasán bóithre náisiúnta a chosaint agus a athchóiriú. Anuas ar na tionscnaimh seo tá an clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile á sholáthar go leanúnach, clár trína chuirfear bonneagar níos sábháilte ar fáil ar scoileanna agus ina dtimpeall ar fud na tíre, maille leis an maoiniú leanúnach don ghealltanas €360m sa bhliain chun forbairt a dhéanamh ar ár gcláir le haghaidh Taisteal Gníomhach agus Glasbhealaí.
Cuirim fáilte lena chois roimh an €100m do Gharda Cósta na hÉireann, €5m sa bhreis san áireamh, chun oiliúint a chur ar na hoibrithe deonacha agus baill foirne iontacha atá againn agus seirbhísí cuardaigh agus tarrthála den chéad scoth á gcur ar fáil acu, iad go minic ag obair sna dálaí is dúshlánaí. Chuireamar maoiniú ar fáil in 2023 dár n-aerfoirt réigiúnacha ar fad chun nascacht níos fearr a thabhairt do dhaoine ar fud an oileáin agus forbairt réigiúnach ar bhonn níos cothroime a bhaint amach. Tá €17m dearbhaithe dúinn inniu agus táim ag dúil le cuntas a thabhairt ar na bealaí a dtabharfar tacaíocht leanúnach d’aerfoirt réigiúnacha agus an t-athbhreithniú ar Chlár na nAerfort Réigiúnach curtha i gcrích.”
Seo an méid a bhainfear amach mar gheall ar Cháinaisnéis 2024:
Táillí níos lú
• Laghduithe eile leis an gCárta d’Aosaigh Óga chun lascainí 50% a thabhairt ar tháillí do dhaoine atá 24 agus 25 bliana d’aois ar sheirbhísí faoi oibleagáid seirbhíse poiblí (PSO) agus seirbhísí tráchtála. Tá an gealltanas seo deimhnithe go ceann dhá bhliain.
• Lascaine 20% a choinneáil ar an iompar poiblí do gach duine ar gach seirbhís PSO
• Ticéad 90 nóiméad ar sheirbhísí PSO do gach úsáideoir
Siúl agus Rothaíocht
• €360 milliún le haghaidh tionscadail siúil agus rothaíochta tríd na cláir don Taisteal Gníomhach agus do Ghlasbhealaí
Tionscadail busanna
• 70 bus leictreach dhá urlár a cheannach do Bhaile Átha Cliath agus áiseanna iosta a sholáthar
• 101 bus leictreach dhá urlár a cheannach d’áiteanna taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, chun Luimneach, Gaillimh agus Corcaigh a chlúdach
• Maoiniú chun Lárchonairí Bus a sholáthar agus an gréasán a athdhearadh i gcomhair BusConnects Chorcaí
Feabhsú an iarnróid
• Bonneagar luchtaithe a chur isteach ag stáisiún traenach Dhroichead Átha sula dtiocfaidh traenacha nua ceallra-leictreacha an DART isteach ar an líne seo in 2025
• An mearchóras iarnród cathrach a chosaint agus a athchóiriú chomh maith le hathchóiriú ar an bhflít bus/traenach agus uasghrádú stáisiún
Baile Átha Cliath
• BusConnects Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm ina gcuimseofar busanna leictreacha nua a cheannach agus lárchonairí bus a sholáthar
• Tús a chur leis an soláthar/tógáil i gcás Lárchonair Bus Chluain Ghrífín agus na Carraige Duibhe, faoi réir cead pleanála
• Dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de MetroLink agus tús a chur leis an earcaíocht do na baill foirne is tábhachtaí leis an tionscadal a bhaint amach agus MetroLink ag dul isteach sa chéad chéim eile den timthriall pleanála
Forbairt Réigiúnach
• 101 bus leictreach dhá urlár a cheannach do chláir BusConnects i gcathracha eile, is iad sin Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach
• Bealaí nua agus bealaí feabhsaithe bus a chur ar fáil trí BusConnects, Éire a Nascadh agus seirbhísí bailte móra
• Dul chun cinn a dhéanamh ar Chlár Iarnróid Comaitéirí Limistéar Chorcaí ina ndéanfar uasghrádú comharthaíochta ar an rian agus iarnród dúbailte a chur isteach ar an líne ón nGleanntán go Mainistir na Corann
• Taobh-ardán a thógáil agus a chur i gcrích i Stáisiún Cheannt mar chuid de thionscadal Iarnróid Comaitéirí Limistéar Chorcaí
Seirbhísí éigeandála iompair
• Táthar tar éis €4m breise a leithdháileadh le riachtanais éigeandála ó thaobh seirbhísí iompair de a sholáthar le haghaidh dídeanaithe ón Úcráin
Tacaíocht agus Bonneagar d’Fheithiclí Leictreacha
• Maoiniú €102m le feithiclí leictreacha a chur chun cinn, deontais agus bearta bonneagair san áireamh, chun na buntáistí a bhaineann leis an aistriú go feithicil leictreach a léiriú chomh maith leis an airgead atá le sábháil ag an tomhaltóir
Tacaíocht dár nAerfoirt Réigiúnacha
• Mar chuid den chaiteachas in 2024 beidh maoiniú de chóir a bheith €17 milliún mar thacaíocht don nascacht agus don fhorbairt chothrom dár n-aerfoirt réigiúnacha, Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire, Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Chiarraí ina measc
Bearta Sábháilteachta ar Bhóithre
• €21m curtha i leataobh don tsábháilteacht ar bhóithre, lena n-áirítear feabhsuithe ar acomhail chontúirteacha agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuraclam don tástáil tiománaithe