Cáinaisnéis 2025: Tús á chur le mórthógáil iompair phoiblí agus ag díriú go mór ar an tsábháilteacht do gach úsáideoir bóithre
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 7 Deireadh Fómhair 2024
- Buiséad €3.9 billiún – méadú €480m sa leithdháileadh i gcomparáid le 2024 agus méadú beagnach €1 billiún ó 2020
- Iompar saor in aisce nua do leanaí idir 5 agus 8 mbliana d’aois
- Táillí ar chostas íseal i gcónaí do dhaoine fásta, do mhic léinn agus do dhaoine óga
- €1 milliún sa lá ar shiúl agus rothaíocht
- Forbairt seirbhísí nua bus i mbailte
- Maoiniú méadaithe do bhearta um shábháilteacht ar bhóithre
Tá fáilte curtha ag an Aire Iompair, Eamon Ryan agus ag an Aire Stáit, James Lawless, roimh an leithdháileadh iomlán €3.9 billiún ón Státchiste an bhliain seo chugainn don Roinn Iompair, méadú de bhreis agus €480 milliún ó 2024. Is éard atá sa leithdháileadh ná €2.9 billiún de mhaoiniú caipitil agus €1 billiún de mhaoiniú reatha.
Ciallaíonn an leithdháileadh seo i gCáinaisnéis 2025 gur féidir leanúint go tapa le feidhmiú an iompair phoiblí, agus tá leithdháileadh de bhreis agus €1.6 billiún ann ar an iomlán. San áireamh tá maoiniú a fuarthas chun leanúint le feidhmiú seirbhísí nua iompair phoiblí an bhliain seo chugainn.
Ciallaíonn sé go leanfar le leathnú seirbhísí nua agus feabhsaithe BusConnects, Éire a Nascadh, agus bailte ar fud na tíre. Faoi Cháinaisnéis 2025, ceadaítear dhá sheirbhís nua bus i mbailte na hInse agus an Mhuilinn Chearr. Foráiltear chomh maith go dtosófar na hoibreacha tógála ar an gcéad cheann de Chroí-Chonairí Bus i mBaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn, tar éis cead pleanála a bheith faighte le déanaí. Foráiltear do bheagnach €600 milliún d’infheistíocht inár líonra iarnróid throim, lena n-áirítear tionscadail amhail feidhmiú an Chláir DART+, Clár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí agus uasghráduithe ar stáisiúin traenach. Foráiltear maoiniú chomh maith go leanfaidh MetroLink ar aghaidh tríd an bpróiseas pleanála i dtreo na tógála.
Is dea-scéala í Cáinaisnéis 2025 do theaghlaigh agus do chomaitéirí. Fuarthas maoiniú chun síneadh a chur le táillí saor in aisce do leanaí ar sheirbhísí Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí, agus beidh leanaí idir 5 agus 8 mbliana d’aois san áireamh den chéad uair. Tacaíonn an cháinaisnéis seo i gcónaí leis na tionscnaimh reatha táillí, lena n-áirítear an Cárta d’Aosaigh Óga agus an Cárta Leap do Mhic Léinn, suas go dtí deireadh 2025.
Tá deimhniú breise sa bhuiséad seo do ghealltanas an Rialtais €1 milliún sa lá a chaitheamh ar an mbonneagar siúil agus rothaíochta. San áireamh sa mhaoiniú seo tá méadú ar na tionscadail ‘Bealaí Sábháilte chun na Scoile’, le go mbeidh sé níos sábháilte do leanaí dul ag siúl nó ag rothaíocht chun na scoile.
Tosaíocht don Rialtas i gcónaí is ea an tsábháilteacht go gach úsáideoir bóithre. Tacaíonn Cáinaisnéis 2025 leis an sprioc seo le €1.36 billiún do líonraí náisiúnta agus áitiúla bóithre agus bearta um shábháilteacht ar bhóithre. San áireamh sa leithdháileadh seo tá €988 milliún chun córas bóithre na hÉireann a chosaint agus a athnuachan. As seo, tá €50 milliún breise curtha in áirithe do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla, agus maoineoidh bearta chun sábháilteacht ar bhóithre, oiriúnú aeráide agus inrochtaineacht réigiúnach a fheabhsú. Cuirfear €40 milliún breise ar fáil d'údaráis áitiúla chun tacú le comharthaí uasdátaithe uasteorann a thabhairt isteach ar fud na ndlínsí uile. Mar gheall ar mhaoiniú de bhreis agus €308 milliún do bhóithre nua faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, méadófar nascacht ar fud na tíre uile. I measc na dtionscadal tá uasghrádú ar Rialú agus Bainistíocht Tráchta an M50 i mBaile Átha Cliath, oibreacha an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg i Ros Comáin, agus oibreacha an N21/69 ó Luimneach go Faing i Luimneach. Maidir leis an líonra bóithre réigiúnacha agus áitiúla, amhail Bóthar Faoisimh Thrá Lí, Seachbhóthar/scéim uasghráduithe an R494 i gCill Dálua agus Bóthar Dáileacháin ó Chuanach go Cnoc an Lisín, leanfar go tapa leo.
Faoi Cháinaisnéis 2025, leantar le maoiniú a thabhairt do ghníomhaireachtaí tábhachtacha um shábháilteacht ar bhóithre lena n-áirítear an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (ÚSB). Tar éis an athbhreithnithe neamhspleách ar an ÚSB a choimisiúnaigh an Roinn, beidh maoiniú tiomnaithe €18 milliún ag dul don ÚSB in 2025 faoi chomhair feachtais feasachta, oideachais agus bholscaireachta. Tá sé seo mar chuid d’aistriú níos leithne chun fócas an athuair a thabhairt ar fheachtais a dhéanann ár mbóithre níos sábháilte do gach úsáideoir bóithre.
San fhadtéarma, moltar go ndéanfaí 'Gníomhaireacht um Sheirbhísí Tiománaithe agus Feithiclí' den ÚSB, a dhíreodh ar phríomhfhreagrachtaí amhail seirbhísí ceadúnaithe agus tástála tiománaithe. Molfar go mbunófaí Oifig nua ar leith um Shábháilteacht ar Bhóithre chun feachtais feasachta, oideachais agus bholscaireachta a reáchtáil ar cheist na sábháilteachta ar bhóithre. Cuirfear sonraí uile na moltaí faoi bhráid an Rialtais go luath agus foilseofar iad.
Faoi bhearta Cháinaisnéis 2025, cuirfear maoiniú €28 milliún ar fáil chomh maith chun tacaíocht ríthábhachtach a choinneáil dár n-aerfoirt réigiúnacha, chun tacú le nascacht agus chun forbairt chothromaithe réigiúnach a fheabhsú, agus chun tacú le feidhmeanna rialála agus beartais san eitlíocht shibhialta.
Cloch mhíle thábhachtach a bheidh sa bhliain seo chugainn do Gharda Cósta na hÉireann agus é ag aistriú go Conradh nua Seirbhísí Eitlíochta. Le leithdháileadh breise os cionn €70 milliún, rud a thabharfaidh buiséad iomlán an Gharda Cósta go €165 milliún, tacófar an t-athrú seo agus ligfidh sé don eagraíocht leanúint ar aghaidh le seirbhís práinnfhreagartha den chéad scoth a chur ar fáil agus leasanna eacnamaíocha na hÉireann mar náisiún oileánda a chur chun cinn agus a chosaint.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Iompair Eamon Ryan:
“Léiríonn an cháinaisnéis seo dul chun cinn na dtionscnamh iompair phoiblí ón bpleanáil go dtí an tógáil agus an t-oibriú, agus táthar ag súil go dtosófar obair thógála ar Chroí-Chonairí Bus i mBaile Átha Cliath ón mbliain seo chugainn, rud a bheidh sa chás céanna ansin le tionscadail thábhachtacha eile atá á dtógáil cheana féin amhail Iarnród Comaitéireachta Cheantar Chorcaí”.
"Tá sé tábhachtach chomh maith breathnú siar ar an méid atá bainte amach againn. In 2020, nuair a chuaigh an Rialtas seo isteach i gcumhacht, ba é €3 billiún an buiséad iompair don bhliain sin. I gCáinaisnéis 2025, suim €3.9 billiún a bheidh ann. Tá méadú de bheagnach €1 billiún tagtha ar an ngné chaipitil den bhuiséad thar shaolré an Rialtais seo. Is é sin go bhfuil €1 billiún breise le caitheamh ar ár gcóras iompair chun tacú le rath eacnamaíoch, folláine agus cothromas sóisialta, agus inbhuanaitheacht comhshaoil.”
“Tá athrú ollmhór tagtha ar chúrsaí iompair thar shaolré an Rialtais seo. Bhí sé mar thosaíocht agamsa agus ag mo chomhghleacaithe ár seirbhís iompair phoiblí a leathnú agus a chinntiú go bhfuil costas an iompair inacmhainne agus cothrom do chách. Tá áthas orm a fhógairt go gcuireann Cáinaisnéis 2025 maoiniú ar fáil chun leathnú a dhéanamh ar tháillí saor in aisce do leanaí ar sheirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí chun iad siúd atá idir 5 agus 8 mbliana d’aois a chur san áireamh. Tá líon na bpaisinéirí ag fás i gcónaí agus aon uair a thugaimid seirbhís nua isteach, feicimid go bhfuil daoine, agus go háirithe daoine óga, ag tarraing orthu. Cé go bhfuil obair fós le déanamh againn, sílim go mbeidh sé an-deacair aisiompú a dhéanamh ar an athrú dearfach atá tar éis teacht ar an aistriú modha ar shiúl ó charranna príobháideacha atá feicthe againn ar fud na tíre le blianta beaga anuas, agus ar an éileamh méadaitheach ar líonra iontaofa iompair phoiblí a fheicimid gach lá.
“Beidh forbairt na gcalafort ríthábhachtach dár n-iomaíochas amach anseo, agus mar sin tá áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil comhaontú maoinithe déanta idir Calafort Chorcaí agus Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann chun síneadh a chur le caladh ché an Chalafoirt i Rinn an Scidígh. Faoin gcomhaontú seo, ar pacáiste maoinithe €99 milliún é, ceadófar do Chalafort Chorcaí bonneagar calafoirt ilchuspóirigh a fhorbairt a bheidh in ann freastal ar riachtanais na hearnála fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Is garsprioc shuntasach é an comhaontú seo sna hiarrachtaí chun an saol a dhéanamh níos glaise agus níos inbhuanaithe do chách.”
Dúirt an tAire Stáit James Lawless:
“Is tosaíocht dúinn uile creatlach um shábháilteacht ar bhóithre a bheith againn atá oiriúnach don fheidhm. Chuige sin, dírítear arís i leithdháiltí Cháinaisnéis na bliana seo ar an ról is tábhachtaí atá ag an Rialtas, is é sin an pobal a choinneáil sábháilte.
“Leis an maoiniú atá curtha i leataobh i gCáinaisnéis 2025 don Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre (LBSB) agus don Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (ÚSB), cuirfear cúnamh ar fáil le sábháilteacht ár gcóras bóithre a chinntiú dóibh siúd uile a úsáideann é. I mbliana cuirfidh an ÚSB maoiniú €18 milliún ar fáil chun feasacht ar shábháilteacht agus oideachas a chur chun cinn i measc na n-úsáideoirí bóithre ar fad. Tá mé ag obair go dian i gcónaí chun a chinntiú go gcuirfear bonn daingean faoin tsábháilteacht ar bhóithre ó thosaigh mé mar Aire, agus cuirfear moltaí faoi bhráid an Rialtais go luath chun conclúidí an athbhreithnithe chuimsithigh neamhspleách ar na socruithe atá i bhfeidhm a chur i láthair.
“Mar chomaitéir agus mar Aire Stáit araon, fáiltím roimh an obair thógála atá le tosú ar an gcéad cheann de na Croí-Chonairí Bus mar chuid de BusConnects Bhaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn. Is ionann seo agus mórsprioc i seachadadh ár mórthionscadal caipitil, agus cabhróidh sé le seirbhís bus níos éifeachtúla agus níos iontaofa a sholáthar, rud a thacóidh le daoine an t-aistriú a dhéanamh ó thaisteal i gcarranna príobháideacha go hiompar poiblí, de réir ár spriocanna dícharbóinithe.
“Tá mé ag súil go mór leis na hoibreacha tógála atá le tosú go luath ar DART+ Thiar agus DART+ Thiar Theas agus tá mé ag súil go mór le tús a chur leis an bpleanáil anois chun na tionscadail sin a leathnú mar atá leagtha amach sa Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
“I dtéarmaí ár nascachta níos leithne, tá €17 milliún curtha i leataobh chun ár n-aerfoirt réigiúnacha a mhaoiniú chun tacú le nascacht agus chun forbairt chothromaithe réigiúnach a fheabhsú, i bhfianaise go bhfuil 85% d’eitiltí fós ag eitilt amach as Baile Átha Cliath.
“Idir an dá linn, beidh foireann agus oibrithe deonacha Gharda Cósta na hÉireann (GCÉ) fós in ann freastal ar phobal na hÉireann in am an ghátair lena leithdháileadh i gCáinaisnéis 2025. Molaim go mór an ról atá acu maidir le daoine a tharrtháil ar muir agus an-fhonn orm i gcónaí tacú go hiomlán leo.
“Cloch mhíle shuntasach a bheidh sa bhliain seo chugainn don Roinn agus an t-aistriú go conradh nua Seirbhíse Eitlíochta do Gharda Cósta na hÉireann tugtha chun críche aici. Cuirfidh an conradh seirbhíse nua, a bronnadh ar Bristow Ireland Limited, ar chumas Gharda Cósta na hÉireann leanúint ar aghaidh ag cur seirbhísí cuardaigh agus tarrthála muirí agus intíre den scoth ar fáil, mar aon le monatóireacht chomhshaoil, agus seirbhísí éigeandála leighis héileacaptair agus aerárthach othar. Den chéad uair riamh, beidh gné den aerárthach sciathán dobhogtha san áireamh i seirbhís eitlíochta an Gharda Cósta, rud a chuirfidh tacaíocht luachmhar ar fáil thar raon rólanna an Gharda Cósta. Críochnófar tabhairt isteach céimnithe na seirbhíse eitlíochta nua don Gharda Cósta i lár 2025.
“Chreid mé i gcónaí gurb é an ról is tábhachtaí atá ag an Rialtas ná ár ndaoine a choinneáil sábháilte agus tacaíonn na bearta bóithre, muirí agus eitlíochta sa Bhuiséad seo go hiomlán leis an gcuspóir sin.”