Cuíchóiriú ar fhaisnéis ar imbhuailtí ar bhóithre agus deireadh leis an ngá le dioscaí mótarchánach páipéir faoi reachtaíocht nua
- Foilsithe: 16 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Iompair, Eamon Ryan, agus an tAire Stáit Iompair, James Lawless, fáilte roimh chinneadh an Rialtais inniu an Bille um Thrácht ar Bhóithre, 2024 agus an Bille um an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe, 2024 a cheadú lena ndréachtú go foirmiúil.
Faoin mBille um Thrácht ar Bhóithre, 2024, forálfar don bhonn reachtach a theastóidh chun an sreabhadh faisnéise a éascú le go mbeidh údaráis áitiúla, ina ról mar údaráis bóithre, in ann sonraí a iarraidh, a fháil agus a phróiseáil ón RSA agus ón Garda Síochána.
Leis na sonraí seo, beidh údaráis bóithre in ann díriú, le hinfheistíocht agus bonneagar, ar limistéir ina mbíonn claonadh d’imbhuailtí ar bhóithre. Táthar ag súil go dtacóidh sé seo le comhlíonadh spriocanna Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre an Rialtais 2021–2030 le básanna ar bhóithre a laghdú 50% sna deich mbliana seo agus Fís an Nialais a bhaint amach – is é sin gan aon bhásanna ná gortuithe a bheith ar ár mbóithre – faoi 2050.
Ina theannta sin, cheadaigh an Chomh-Aireacht go ndréachtófaí an Bille um an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe, 2024. Díreoidh an Bille seo ar roinnt saincheisteanna, lena n-áirítear forálacha chun go gceadófaí deireadh a chur leis an riachtanas go léireofaí diosca mótarchánach. Tá rochtain dhigiteach ag an nGarda Síochána ar fhaisnéis mhótarchánach cheana féin agus mar sin gheobhaidh sé seo réidh le bailíochtú neamhriachtanach comhlíontachta cánach. Láidreoidh an reachtaíocht na Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) chun rochtain a fháil ar shonraí feithiclí agus tiománaithe, gheobhaidh sé réidh le dearbhuithe dáta deiridh a bhaineann le neamhúsáid mótarfheithiclí, agus soláthrófar roinnt ceartúchán teicniúil don reachtaíocht atá ann cheana féin.
Is é an Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (NVDF) an lárchlár feithiclí agus tiománaithe, ar bunachar sonraí é atá á choinneáil ag an Roinn Iompair. Baineann gníomhaireachtaí Stáit úsáid fhorleathan as an NVDF, lena n-áirítear an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus an Garda Síochána, chun cuspóirí éagsúla um shábháilteacht ar bhóithre.
Tar éis an chruinnithe den Rialtas inniu, dúirt an tAire Ryan:
“Uirlis thábhachtach é an sreabhadh faisnéise ar imbhuailtí chuig údaráis áitiúla chun laghdú a dhéanamh ar an treocht thubaisteach aníos atá ag teacht ar líon na mbásanna ar bhóithre le roinnt blianta anuas. Leis na sonraí seo, beidh údaráis áitiúla in ann díriú, le hinfheistíocht, ar limistéir ina mbíonn imbhuailtí ag tarlú fós. Cuireann sé seo leis an obair thábhachtach atá ar bun againn cheana féin mar fhreagra do thimpistí ar ár mbóithre. Faoin mBille NVDF, forálfar do bhonn reachtach níos láidre agus níos sábháilte ó thaobh sonraí de a chur faoin gcomhad náisiúnta feithiclí agus tiománaithe, déanfar nua-aoisiú ar an gcóras mótarchánach agus gheofar réidh leis an ngá le dioscaí páipéir ar ár ngaothscáthanna, rud atá ar aon dul leis an gcuid is mó de thíortha na hEorpa.”
Dúirt an tAire Lawless:
“Tá mé sásta le cinneadh na Comh-Aireachta níos túisce inniu go gceadófaí dréachtú an dá Bhille. Faoin mBille um Thrácht ar Bhóithre, 2024, cinnteofar go mbeidh bonn fónta dlí ann le sonraí a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus, ar an gcaoi sin, na contúirtí ar ár mbóithre a laghdú. Is bás de bharraíocht é gach bás. Neartóidh an Bille ár bhfreagra do threochtaí a mbíonn tionchar acu ar an oiread sin dár gcuid saoránach. An chéad chéim nádúrtha eile chun ár gcórais a nua-aoisiú agus torthaí a fheabhsú do shaoránaigh ná deireadh a chur, faoin mBille NVDF, leis an ngá le dioscaí mótarchánach. Ach teicneolaíocht a úsáid le go gceadófaí leaganacha digiteacha de dhioscaí cánach, forálfar do chóras gan pháipéar, rud a bheidh áisiúil do thiománaithe agus níos éifeachtúla i gcoitinne.”