Cuireann Sábháilteacht Uisce Éireann, an Garda Cósta, agus an RNLI i gcuimhne don phobal tús áite a thabhairt do shábháilteacht uisce Lá Saoire Bainc an Deiridh Fómhair seo.
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
De réir mar a éiríonn teochtaí níos fuaire agus oícheanta níos dorcha, leanann gníomhaíochtaí uisce-bhunaithe ar aghaidh ar feadh na bliana, rud a mhéadaíonn ar rioscaí. Bí feasach ar imoibriú an choirp ar uisce fuar agus ar chontúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann amhail turraing uisce fuar, sruthanna sracadh agus doimhneachtaí anaithnide de bharr tuilte áitiúla. Chuir drochaimsir le déanaí le dothuarthacht na bhfarraigí, agus tá rioscaí suntasacha ag baint le tonnta agus borradh móra. Tabhair modh cumarsáide leat i gcónaí, seiceáil réamhaisnéisí na haimsire agus na taoide, agus cuir duine ar an eolas faoi do phleananna.
Leideanna Sábháilteachta do Snámhóirí Uisce Oscailte:
- Bí Ullamh: Seiceáil réamhaisnéisí na haimsire, eolas na taoide, agus airde na dtonn. Tabhair leat éadaí te agus deoch te chun go mbeidh siad agat tar éis do snámh. Iompair fón póca i bpúitse uiscedhíonach.
- Ná Snámh Leat Féin Choíche: Téigh le cara i gcónaí agus cuir duine ar an eolas faoi do chuid pleananna.
- Glac do Chuid Ama ag Fáil Taithioch ar an Uiscel: Gabh isteach sa t-uisce de réir a chéile chun turraing uisce fuar a sheachaint.
- Bí le Feiceáil: Caith caipín snámha daite geal agus smaoinigh ar snámhán tarraingthe a úsáid.
- Ná Snámh go Ró-Dhomhain: Ná snámh thar do chumas agus bí ag snámh comhthreomhar leis an gcladach.
- Sábháilteacht Srutha Cuilitheála: Coinnigh guaim ort, snámh comhthreomhar leis an gcladach chun éalú ón sruth, agus snámh chun fuinneamh a chaomhnú más gá.
- Cuir duine éigin i dtír ar an eolas faoi do phleananna, faoi cá bhfuil tú ag dul agus faoin am a bhfuil tú ag súil le filleadh.
Bhí le rá ag Kevin Whitney, Bainisteoir Oibríochtaí Gharda Cósta na hÉireann: >“Agus míonna an gheimhridh ag druidim linn, agus an teocht ag éirí níos ísle, molaimid don phobal pleanáil agus ullmhú sula dtéann siad amach ar an bhfarraige nó timpeall an chósta. Seiceáil réamhaisnéis na haimsire agus amanna taoide áitiúla i gcónaí chun nach mbeidh tú sáinnithe i measc na n-athruithe aimsire séasúracha. Le linn aimsire crua, coinnigh achar sábháilte ó limistéir chósta nochta ar nós aillte, céanna, agus tránna chun na contúirtí a bhaineann le tonnta briste a sheachaint. Cuir duine éigin ar an eolas i gcónaí faoi do cheann scríbe agus an t-am fillte a bhfuiltear ag súil leis agus bíodh modh cumarsáide ar iompar agat amhail Raidió VHF Mara nó fón póca lánluchtaithe d’éigeandálaí”.