Ráiteas Straitéise 2025-2028 foilsithe ag an Roinn Iompair
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Meán Fómhair 2025
Inniu d’fhoilsigh an Roinn Iompair a Ráiteas Straitéise nua le haghaidh 2025-2028.
Leagtar sé sprioc ardleibhéil amach san Ráiteas Straitéise, agus an úsáid a bhainfidh an Roinn as acmhainní poiblí chun a misean atá casta agus tábhachtach a chomhlíonadh.
Is iad seo a leanas an sé sprioc:
- Nascacht
- Beartas agus Rialáil Éifeachtach
- Inbhuanaitheacht an Gheilleagair, an Chomhshaoil agus na Sochaí
- So-aimseacht Iompair
- Sábháilteacht agus Slándáil
- Nuálaíocht agus Barrfheabhas Eagraíochtúil
“Tá an Ráiteas Straitéise seo i gcomhréir le Clár an Rialtais agus is léiriú é ar mhéid uaillmhéine agus fócas ar sheachadadh an Rialtais agus na Roinne seo chun iompar atá sábháilte agus so-aimsithe a chur ar fáil do gach éinne.”
An tAire Iompair Darragh O’Brien
‘‘Sa Ráiteas Straitéise do 2025 go 2028 athdearbhaítear an fócas agus tiomantas chun beart a dhéanamh ar son mhuintir na hÉireann. Tá sábháilteacht ar na bóithre agus d’úsáideoirí iompair ina príomhthosaíocht ag an rialtas seo i gcónaí.”
An tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney
“Is léir go bhfuil na modhanna iompair atá inbhuanaithe tar éis dul i bhfeidhm go dearfach ar an bpobal i gceantair thuaithe na hÉireann, rud a chuidíonn le borradh a chur faoi gheilleagair agus a spreagann tuilleadh forbartha sna ceantair sin.”
An tAire Stáit le freagracht as Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer
Forbraíodh an Straitéis tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara inmheánacha gus seachtracha
Tá an Ráiteas Straitéise ailínithe le Clár an Rialtais - Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, agus is athdhearbhú é ar mhisean na Roinne chun córas iompair atá so-aimsithe, éifeachtúil, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar: córas iompair a thacaíonn leis an bpobal, le teaghlaigh agus gnólachtaí.
Leanfaidh an Roinn de bheith straitéiseach maidir le húsáid na n-acmhainní go léir atá ar fáil dúinn; acmhainní airgeadais, teicneolaíochta agus foirne san áireamh.
Tá Plean Cur Chun Feidhme 2025 – 2028 na Roinne foilsithe taobh leis an Ráiteas Straitéise 2025 – 2028 . Sa Phlean tugtar sonraí maidir leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí straitéiseacha a chuirfear i bhfeidhm agus an chaoi a ndéanfar faireachán orthu.
An Ráiteas Straitéise https://assets.gov.ie/static/documents/c0349380/DOT_StatementOfStrategy_Irish.pdf
An Plean Cur Chun Feidhme 2025 – 2028 https://assets.gov.ie/static/documents/d33801b0/DOT_Implementation_Plan_English.pdf