EUR 67 milliún do Ghlasbhealaí na hÉireann in 2025
- Foilsithe: 5 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Iompair Darragh O’Brien, an tAire Stáit Seán Canney agus an tAire Stáit Jerry Buttimer maoiniú €67 milliún do bhonneagar um Thaisteal Gníomhach na nGlasbhealaí agus na mBóithre Náisiúnta trí Bhonneagar Iompair Éireann (TII) in 2025. Tá an leithdháileadh seo tiomnaithe d’áiseanna siúil agus rothaíochta a fhorbairt a chuireann roghanna iompair sábháilte, inbhuanaithe agus níos sláintiúla ar fáil don bpobal.
Táthar ag súil go seachadfar thart ar 24 km de Ghlasbhealaí in 2025. Táthar ag súil le tuilleadh bealaí isteach ar chodanna de Ghlasbhealach na Canálach Móire agus Ghlasbhealach an Oirdheiscirt, agus leanfar leis an obair ar Ghlasbhealach Chiarraí Theas agus ar thionscadail eile atá lonnaithe ar fud na tíre.
Úsáidfear an leithdháileadh seo freisin chun thart ar 60 scéim Glasbhealaigh a mhaoiniú chun bogadh tríd na céimeanna pleanála agus dearaidh. Ina measc seo tá Bealach Cósta Fhine Gall, Luimneach go dtí an Scairbh, Glasbhealach Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn agus Glasbhealach an Inbhir Mhóir go dtí Síol Éalaigh.
Úsáidfear an leithdháileadh freisin chun seachadadh bonneagair ghníomhaigh taistil ar bhóithre náisiúnta a chumasú, agus chun an Líonra Rothaíochta Náisiúnta a chur chun cinn . Sainaithníonnan líonra 3.500 km de chonairí rothaíochta ar fud na tíre a nascann cathracha agus bailte le chéile.
Tá an leithdháileadh €67 milliún seo do chlár na nGlasbhealaí sa bhreis ar thart ar €293 milliún a leithdháileadh chun an clár Taistil Ghníomhaigh a mhaoiniú, a d’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair i mí Eanáir 2025. Tacaíonn an clár Taistil Ghníomhaigh le raon scéimeanna siúil agus rothaíochta lena n-áirítear timpeallachtaí feabhsaithe do choisithe, lánaí rothaíochta leithscartha nua, droichid do choisithe agus do rothaithe, agus trasrianta coisithe. Léiríonn an leithdháileadh comhcheangailte seo de €360 milliún do bhonneagar siúil agus rothaíochta in 2025 tiomantas leanúnach an Rialtais tacú le roghanna iompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus sláintiúil.
Agus Leithdháiltí an Ghlasbhealaigh á bhfógairt aige, dúirt an tAire O’Brien:
“Léiríonn an leithdháileadh €360 milliún in 2025 le haghaidh taisteal gníomhach agus bonneagar glasbhealaigh tiomantas láidir an Rialtais do roghanna iompair inbhuanaithe a leathnú. Tacóidh an maoiniú seo le háiseanna siúil agus rothaíochta ar ardchaighdeán a fhorbairt i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte agus i gceantair thuaithe.Tá áthas orm €67 milliún den infheistíocht seo a fhógairt inniu i Mullach Íde, rud a chuideoidh le príomhthionscadail ghlasbhealaigh a sheachadadh ar fud na tíre. Tá an-sceitimíní orainn I mo cheantarsa agus muid ag súil le Glasbhealach an Mhóinéir Leathain a thabhairt chun críche in 2026 agus táimid ag tnúth le dul chun cinn scéim Chósta Fhine Gall ó thuaidh go Baile Brigín.”
Dúirt an tAire Stáit Seán Canney:
“Is conairí iompair sábháilte agus inrochtana iad na glasbhealaí a spreagann leibhéil níos mó taistil trí rothaíocht agus siúl, seachas trí ghluaisteáin phríobháideacha, don lucht chaithimh aimsire, do thurasóirí agus do chomaitéirí. Tá sé ríthábhachtach ár ngréasán siúil agus rothaíochta a leathnú go leanúnach tríd an nGlasbhealach agus trí bhonneagar taistil gníomhach ar ár mbóithre náisiúnta chun roghanna taistil sábháilte a thairiscint do rothaithe agus do choisithe. Cuireann sé freisin lenár ndul chun cinn i dtreo Fís Nialais, ár straitéis sábháilteachta ar bhóithre a bhfuil sé mar aidhm léi líon na mbásanna ar na bóithre nó líon na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú go nialas faoi 2050.”
Dúirt an tAire Stáit Jerry Buttimer: “Tá ag éirí go han-mhaith leis na Glasbhealaí sna ceantair tuaithe in Éirinn, rud a léiríonn ár dtírdhreach álainn, a thugann cuairteoirí chuig ceantair a bhfuil dearmad déanta orthu agus a chuidíonn le gnólachtaí beaga áitiúla a bheith rathúil. Cuireann Glasbhealaí áis áineasa faoin aer ar fáil freisin ar féidir le gach ball den phobal taitneamh a bhaint aisti. Fáiltím roimh fhógra maoinithe an lae inniu do thionscadail an Ghlasbhealaigh agus táim ag tnúth le bealaí nua leathnaithe a sheachadadh sna blianta amach romhainn.”
Dúirt Peter Walsh, Príomhfheidhmeannach TII: “Le cistiú Ghlasbhealaigh 2025 leagtar béim ar thiomantas na Roinne Iompair agus an Rialtais roghanna gníomhacha taistil a chur ar fáil ar fud na tíre. Leanfaidh TII, in éineacht lenár gcomhpháirtithe sna hÚdaráis Áitiúla, de na Tionscadail Ghlasbhealaigh thábhachtacha seo a chur ar fáil agus a chur chun cinn.”