English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Roinn Iompair Caighdeán Nua Éici-Thiomána HGV

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 27 Feabhra 2025
  • An t-eolas is déanaí: 28 Feabhra 2025

Sheol an Roinn Iompair an Caighdeán nua Éici-Tiomána HGV inniu, céim shuntasach i dtreo tacú le cleachtais tiomána níos inbhuanaithe agus níos éifeachtaí laistigh den earnáil feithiclí earraí troma (HGV).

Is é is aidhm don Chaighdeán Éici-thiomána HGV ná feabhas a chur ar an dtiomáint éifeachtúil agus freisin an droch thionchar ar an gcomhshaol a laghdú trí shraith chuimsitheach treoirlínte agus dea-chleachtas a rianú le haghaidh cúrsaí oiliúna éici-thiomána HGV. Díríonn an caighdeán nua seo ar ídiú breosla a laghdú agus bainistiú fuinnimh chomh maith le h-éifeachtúlachtaí cothabhála a fheabhsú. Cuirfidh sé seo le laghdú costais d’earnáil atá ríthábhachtach do ghníomhaíocht eacnamaíochta in Éirinn.

D’fhorbair an Institiúid Chairte um Lóistíocht agus Iompar (CILT) an caighdeán seo don Roinn Iompair.

Dúirt an tAire Iompair Darragh O’Brien:

“Is forbairt thábhachtach í tabhairt isteach an Chaighdeáin Éiceathiomána HGV maidir lenár n-iarrachtaí chun earnáil iompair níos inbhuanaithe a chruthú. Nuair a ghlacfar leis na cleachtais seo, laghdófar lorg carbóin an fhlít feithiclí atá ann cheana go suntasach agus cruthófar todhchaí níos glaise d’Éirinn.”

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Seán Canney:

“Ní hamháin go dtacaíonn an caighdeán nua seo lenár spriocanna comhshaoil ach feabhsaíonn sé éifeachtúlacht agus sábháilteacht oibríochtaí HGV freisin. Molaimid do gach soláthraí oiliúna iarratas a dhéanamh chun an caighdeán a bhaint amach agus sa bhealach sin, rannchuidiú le tionscal iompair níos inbhuanaithe a chruthú.”

Tá an Caighdeán Éici-Thiomána HGV deonach agus oscailte do gach soláthraí oiliúna ar mian leo iarratas a dhéanamh. Níl aon chostas ar sholáthraithe oiliúna as an meastóireacht agus as an deimhniú. Ceadaíodh Cumann Iompair Lasta na hÉireann (FTAI) mar Sholáthraí Oiliúna Éici-thiomána HGV, tar éis measúnú a dhéanamh faoin gcaighdeán.

Is féidir le soláthraithe teagmháil a dhéanamh le CILT chun tuilleadh eolais a fháil ar an bpróiseas iarratais. Chun tuilleadh sonraí a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin CILT nó déan teagmháil le info@cilt.ie.

Seoladh an caighdeán nua ar an lá céanna gur eagraigh an Roinn Iompair Seisiún Páirtithe Leasmhara na Straitéise Tarlaithe Bóthair sa roinn. Ritheann an straitéis ó 2022 go 2031 agus díríonn sí ar éifeachtúlachtaí a ghiniúint, caighdeáin a fheabhsú, poist a dhaingniú agus cabhrú leis an earnáil lasta bóthair bogadh go todhchaí ísealcharbóin.

Bhí na hAirí nua an-sásta bualadh le páirtithe leasmhara ón earnáil lasta bóthair agus cloisteáil faoi chur i gcrích leanúnach na straitéise atá ag dul ar aghaidh i gcónaí. Is céim thábhachtach don earnáil é an caighdeán nua seo de réir mar a aistríonn an earnáil chuig todhchaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus éifeachtach ó thaobh na hoibríochta de.


Nótaí

Príomhghnéithe den Chaighdeán Éici-Thiomána HGV:

  • Cláir Oiliúna Chuimsitheacha: Leagtar ceanglais amach sa chaighdeán maidir le cláir chóitseála éici-thiomána, rud a chinntíonn go bhfaigheann tiománaithe oiliúint chríochnúil i dteicnící tiomána éifeachtúla.
  • Prótacail Sábháilteachta: Béim ar phrótacail sábháilteachta chun tiománaithe, feithiclí agus úsáideoirí eile bóithre a chosaint.
  • Tomhas Feidhmíochta: Uirlisí tomhais feidhmíochta a chur ag obair chun éifeachtúlacht tiomána a rianú agus a fheabhsú.
  • Measúnú agus Faomhadh: Próiseas dian measúnaithe do sholáthraithe oiliúna lena chinntiú go gcloítear leis an gcaighdeán.

Maidir leis an Institiúid Chairte um Lóistíocht agus Iompar (CILT): Is príomhchomhlacht gairmiúil í Institiúid Chairte na Lóistíochta agus an Iompair dóibh siúd a bhfuil baint acu le lóistíocht, slabhraí soláthair agus iompar. Is é príomhchúram CILT ná gairmiúlacht a chur chun cinn agus caighdeáin a fheabhsú in earnáil na lóistíochta, an iompair agus an tslabhra soláthair trí oideachas agus seirbhísí a sholáthar.

Maidir leis an gCumann Iompair Lasta, Éire (FTAI): Is comhlachas trádála ionadaíoch ilmhódach é Cumann Iompair Lastais na hÉireann. Tacaíonn sé leis na hearnálacha lasta, dáileacháin, paisinéirí agus lóistíochta trí lóistíocht éifeachtúil agus inbhuanaithe a chur chun cinn. Cuireann FTAI treoir ar fáil maidir le comhlíonadh oibríochta cabhlaigh, cuireann sé oiliúint ar fáil, agus cuireann sé leas a chomhaltaí chun cinn i réimsí ar nós Brexit, ganntanas scileanna agus dícharbónú.