Fógraíonn an tAire O’Brien Tionscadal Bhóthar an M28 – Corcaigh go Bóthar Rinn an Scidígh
- Foilsithe: 8 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Iompair Darragh O’Brien go bhfuil Tionscadal Bóthar an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh faofa ag an gComh-Aireacht inniu agus go rachaidh sé ar aghaidh láithreach go céim na tógála.
Is éard atá i gceist leis an tionscadal ná thart ar 11km de mhótarbhealach a thógáil ó Acomhal Bloomfield an N40 go Barr na hÉille, le carrbhealach singil 1.5km faoi chosaint ag nascadh leis an taobh thoir de Rinn an Scidígh. Tá an chuid 1.5km seo á dhéanamh mar “réamh oibreacha” agus tá sé á thógáil cheana féin.
Cuirfear an tionscadal in ionad an N28 atá ann faoi láthair, nár dearadh chun freastal ar an méid tráchta reatha. Beidh feabhas mór ar shábháilteacht ar bhóithre mar thoradh air seo agus laghdófar an poitéinseal d’imbhuailtí.
Feabhsófar freisin rochtain ar Chalafort Chorcaí ag Rinn an Scidígh, ag ligean d'aistriú gníomhaíochtaí calafoirt ó Tivoli i lár chathair Chorcaí. Ina dhiaidh sin, ligfidh sé seo d’athfhorbairt tailte ag Tivoli chun críocha cónaithe agus tráchtála.
Is é costas iomlán measta na scéime don Thionscadal Bóthar an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh ná thart ar €456 milliún agus tógfaidh sé suas le trí bliana chun é a chríochnú.
Tar éis ceadú comh-aireachta an lae inniu dúirt an tAire Darragh O’Brien:
“Beidh feabhas mór ar an rochtain ar Chalafort Chorcaí ag Rinn an Scidígh – ag deimhniú go mbeidh sé sábháilte earraí a ghluaiseacht chuig agus ón gcalafort mar gheall air, chomh maith le gluaiseacht gníomhaíochtaí calafoirt breise go Rinn an Scidígh.
“Mar thoradh air sin, beidh tailte ag Dugaí Tivoli i gcathair Chorcaí athfheidhmithe d‘fhorbairt cónaithe agus tráchtála atá ag teastáil go géar. Fáiltím freisin roimh an tionchar dearfach a bheidh ag an tionscadal ar amanna turais do chomaitéirí, maraon leis an ról atá aige i dtaca le brú tráchta a laghdú agus feabhas a chur ar cháilíocht an aeir san tSeanbhaile agus i Rinn an Scidígh.”
Dúirt Seán Canney, an tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt:
“Leis an tionscadal seo tiocfaidh sábháilteacht bóithre feabhsaithe do gach úsáideoir bóithre a thaistealaíonn go Rinn an Scidígh agus uaidh. Fáiltím freisin go bhfuil roinnt gnéithe taistil ghníomhaigh san áireamh ann a dhéanfaidh siúl agus rothaíocht níos tarraingtí do chomaitéirí agus do chónaitheoirí áitiúla.”
Dúirt an tAire Stáit Iompair le freagracht as iompar tuaithe, Jerry Buttimer:
“Fáiltím roimh fhaomhadh thionscadal an M28. Chomh maith leis na buntáistí a bhainfear amach do rochtain ar an gcalafort i Rinn an Scidígh agus do shábháilteacht ar bhóithre, beidh tairbhe ag an tionscadal do mhuintir Chorcaí trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar iompar poiblí bus-bhunaithe, agus trí amanna turais a laghdú dóibh siúd ar a gcuid dturas laethúil.”
“Mar TD i gCorcaigh Láir Theas, tá mé i dteagmháil le pobail agus le gnólachtaí faoi na tionscadail seo le blianta fada. Tá an-áthas orm go bhfuil sé ag teacht chun críche agus go bhfuil sé mar thosaíocht ag an rialtas seo.
Dúirt Peter Walsh Príomhfheidhmeannach ar Bhonneagar Iompair Éireann (TII):
“Fáiltíonn TII roimh an fhógra ó Aire Darragh O’Brien inniu. Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh nasc mótarbhealaigh ar ard-chaighdeán curtha ar fáil do cheann de chalafoirt dhomhain na hÉireann i Rinn an Scidígh, ag cur taisteal níos sábháilte ar fáil d’úsáideoirí bóithre agus ag maolú brú tráchta do mhuintir na háite agus do ghnólachtaí araon. Chomh maith leis sin cruthófar nasc tábhachtach eile sa Ghréasán tras-Eorpach Iompair (TEN-T), gréasán iompair ríthábhachtach a dhéanann ceangail idir Éire agus an chuid eile den Eoraip agus an domhain."