English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí EUR 713 milliún do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 14 Feabhra 2025
  • An t-eolas is déanaí: 14 Feabhra 2025

D’fhógair an tAire Iompair Darragh O’Brien agus an tAire Stáit Seán Canney clár infheistíochta inniu le haghaidh bóithre réigiúnacha agus áitiúla gur fiú EUR 713 mhilliún é in 2025. Is ionann sin agus méadú foriomlán os cionn 8 % ar mhaoiniú i mbliana d’fheabhsuithe ar bhóithre agus ar shábháilteacht ar an ngréasán idirnasctha ollmhór atá ann de bhóithre réigiúnacha agus áitiúla.

Agus an cistiú seo á fhógairt aige, dúirt an tAire O’Brien:

“Is é an phríomhthosaíocht atá agam ná an gréasán bóithre réigiúnach agus áitiúil a chothabháil agus a athnuachan ar bhonn leanúnach, mar aon le hinfheistiú straitéiseach a dhéanamh i bhforbairt agus i bhfeabhsú an ghréasáin bonneagair bóithre.

“Tá athshlánú agus cothabháil ríthábhachtach chun an líonra a choinneáil i riocht maith, agus tá méadú suntasach ar an gcistiú in 2025, agus an chuid is mó den chistiú le caitheamh ar athchóiriú an líonra. Tá sé sin ríthábhachtach chun nascacht shóisialta agus eacnamaíoch a chothabháil, chun daoine agus áiteanna ar fud na tíre a nascadh.’

“Chomh maith lenár ngréasán bóithre reatha a chothabháil, táimid ag forbairt agus ag uasghrádú an bhonneagair seo trí EUR 70 milliún a infheistiú i dtionscadail straitéiseacha ríthábhachtacha a bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh orthu. Áirítear orthu sin iad siúd a sainaithníodh le haghaidh forbartha faoin bPlean Forbartha Náisiúnta amhail tionscadal Thrasnú na Sionainne agus Sheachbhóthar Chill Dalua i gCill Dalua agus i mBéal an Átha, agus an Bóthar Dáileacháin idir Cuanach agus Cnoc an Lóisín i gCathair Luimnigh.”

Mar chuid den infheistíocht EUR 70 milliún, tá níos mó ná EUR 20 milliún á leithdháileadh faoi chatagóir an Deontais Shonraigh le haghaidh feabhsuithe bóthair ar scála níos lú. Maoineoidh na deontais seo tionscadail éagsúla, lena n-áirítear deisiúcháin droichid, athchóiriú acomhail, agus tionscnaimh eile chun brú tráchta i mbailte a laghdú. Beidh sé d’aidhm acu freisin feabhas a chur ar an rochtain ar institiúidí oideachais, ar ghnólachtaí agus ar iompar poiblí. I measc na dtionscadal maoinithe in 2025 tá athshlánú Dhroichead Bhaile Corcaí i gContae na hIarmhí agus athailíniú R595 na Sean-Chúirte, an Sciobairín go Dún na Séad i gContae Chorcaí.

Dúirt an tAire Stáit Seán Canney, a bhfuil freagracht air maidir le hIompar Bóthar, Iompar Idirnáisiúnta, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt:

“Cuirfidh an maoiniú ríthábhachtach seo le sábháilteacht ar na bóithre, mar tá maoiniú á leithdháileadh do níos mó ná 330 tionscadal sábháilteachta i mbliana, méadú 20 % ón mbliain seo caite. Tá sé mar aidhm ag na scéimeanna sábháilteachta seo bearta feabhais a chur i bhfeidhm chun cur le sábháilteacht ár ngréasán bóithre, ar mhaithe le húsáideoirí uile an bhóthair. Tá sé ríthábhachtach cistiú a mhéadú i dtionscadail sábháilteachta chun líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre a laghdú. Freisin, cuidíonn sé le timpeallacht iompair níos sábháilte a chruthú do chách.’

“Mar fhreagra ar na dúshláin leanúnacha a bhaineann leis an aeráid, táimid ag ainmniú EUR 16.5 milliún le haghaidh 315 thionscadal atá dírithe ar oiriúnú don athrú aeráide. Cinnteoidh siadseo inbhuanaitheacht agus athléimneacht ár mbóithre go fadtéarmach. Tá éagsúlacht sna tionscadail atá le cur i gcrích in 2025 faoin deontas Oiriúnaithe Aeráide, ó oibreacha chun tuilte a mhaolú ag Carraig Mhachaire Rois, Baile na Lorgan, Contae Mhuineacháin agus oibreacha chun na ballaí mara a chosaint ag Aill Rua/Earbúl, Contae an Chláir.”

Dúirt an tAire Stáit Jerry Buttimer, a bhfuil freagracht air maidir le hIompar Tuaithe:

“Mar Aire a bhfuil freagracht air maidir le hIompar Tuaithe, tuigim fhéin cé chomh tábhachtach agus atá sé go leanfaimid orainn ag infheistiú inár ngréasán bóithre tuaithe.

“Leis an maoiniú seo ar fiú EUR 713 milliún san iomlán é, tacófar le bailte, sráidbhailte agus pobail ar fud an Stáit agus cuirfear feabhas orthu. Is infheistíocht í a chuirfidh borradh faoin nascacht, a thacóidh le gnólachtaí, agus a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca agus níos sábháilte do theaghlaigh taisteal go laethúil chuig an scoil, chuig an obair agus chuig gníomhaíochtaí eile.”

Léiríonn clár deontas 2025 méadú suntasach ar infheistíocht sna catagóirí éagsúla deontais. Tá treisiú déánta ar an maoiniú le haghaidh Feabhsú Athchóirithe, athshlánú droichid, tionscadail sábháilteachta ísle agus an Scéim Rannpháirtíochta Pobail uilig. Freisin, leanfaidh an Roinn Iompair ag cur cúnamh deontais ar fáil d’Údaráis Áitiúla chun luasteorainneacha laghdaithe a chur i bhfeidhm ar bhóithre áitiúla tuaithe.

Sa phictiúr thuas tá an tAire Iompair Darragh O'Brien (sa lár), in éineacht leis na hAirí Stáit Jerry Buttimer (ar chlé) agus Seán Canney (ar dheis)

2025 RLR Allocations by County
Amharc amharc