Fógraíonn na hAirí tosú na bhforálacha don bhealach éalaithe i dtaca le pointí pionóis
- Foilsithe: 25 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sínithe ag an Aire Iompair Darragh O’Brien inniu Ordú um Thosach Feidhme chun tús a chur le hAlt 4 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2024. Leasaítear leis seo an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2002 agus dúntar leis bealach éalaithe a lig do thiománaithe a raibh pointí pionóis carntha acu agus a bhfuil dícháiliú de sé mhí dlite acu dícháiliú coimhdeach a fháil ina ionad ar feadh tréimhse níos giorra. Tiocfaidh na forálacha leasaithe i bhfeidhm ar 31 Márta 2025.
Thug an Rialtas an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2024 isteach mar fhreagra ar an gclaonadh atá ag dul in airde i leith imbhuailtí ar bhóithre agus básanna le blianta beaga anuas. Tá an tAcht á thabhairt isteach de réir a chéile. Sna príomh fhorálacha den Acht tá an bhéim ar athchóiriú a dhéanamh ar phointí pionóis, tástáil in aghaidh drugaí éigeantach ag láthair imbhuailtí tromchúiseacha, agus ag tabhairt isteach teorainneacha réamhshocruithe atá níos ísle agus níos sábháilte, ach tá sa reachtaíocht leasuithe éagsúla teicniúla ar an reachtaíocht atá ann cheana féin, ar nós na forálacha atá á dtabhairt isteach anois.
In Alt 4 tugtar faoi thoradh neamhbheartaithe den reachtaíocht roimhe ar phointí pionóis agus ar dhícháilithe coimhdeacha ón dtiomáint. Is í an aidhm atá le pointí pionóis ná bac a chur le hiompair tiomána neamhdhleathacha, toisc go mbeidh tiománaithe dícháilithe ar feadh tréimhse 6 mhí má bhíonn dóthain pointí pionóis carntha acu. Nuair a thugadh pointí pionóis isteach, socraíodh nach mbeadh pointí gearrtha i ndiaidh daorbhreithe de bharr pointe pionóis, má ghearr an chúirt dícháiliú coimhdeach. An réasúnaíocht a bhí leis seo ná nach raibh aon chúis ann pointí pionóis a ghearradh ar dhaoine a d’fhéadfadh dícháiliú a bheith de thoradh orthu, nuair a bhí dícháiliú i ndán dóibh ar aon nós.
I roinnt cásanna cúirte le déanaí, ghearr breithimh éagsúla dícháilithe coimhdeacha de thréimhsí níos lú ná 6 mhí do thiománaithe a bhfuil cionta bóithre déanta acu, a mbeadh dícháilithe murach sin ar feadh tréimhse 6 mhí dá mbeadh pointí pionóis formhuinithe ar cheadúnas an thiománaithe do na cionta céanna. Tugtar faoin aimhrialtacht seo san Acht um Thrácht ar Bhóithre 2024, ionas go mbeidh, amach anseo, pointí pionóis formhuinithe, i gcás go ndéantar dícháiliú coimhdeach de thréimhse 6 mhí nó níos giorra. Cinnteofar leis seo go ngearrfar pointí pionóis fós ar thiománaithe, maraon le haon dícháiliú uathoibríoch, fiú má thugtar dícháiliú gearr coimhdeach orthu.
Ag trácht air seo inniu, dúirt an tAire O’Brien:
“Tá sé riachtanach go mbeidh na hiarmhairtí i dtaca le tiomáint mhíchúramach agus dainséarach i gcomhréir le dáiríreacht na ceiste. Tá áthas orm inniu an tOrdú um Thosach Feidhme d’Alt 4 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2024 a shíniú, rud >a chuireann ar ais bun-chuspóir na bhforálacha i dtaca le dícháilithe coimhdeacha agus pointí pionóis.
“Ciallaíonn sé seo go mbeidh an pionós cuí i ndán dóibh siúd a sroicheann an tairseach do phointí pionóis i leith dícháilithe 6 mhí ar fad. Is céim dhearfach chun tosaigh í seo i dtreo cothroime agus freagrachta d’úsáideoirí bóithre ar fad. Tá sé ríthábhachtach na beartanna seo á láidriú chun sábháilteacht ar bhóithre agus beatha daoine a shábháil a fheabhsú.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney:
“Fáiltím roimh thús ailt 4 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2024 maidir le dícháilithe coimhdeacha agus pointí pionóis. Beidh éifeacht ag an bhforáil seo cur leis an gcur chuige agus an straitéis atá againn i dtaca le tabhairt faoi shábháilteacht ar bhóithre, go háirithe i leith droch-iompair thiománaithe. Tá sé ríthábhachtach go gcloíonn tiománaithe leis an dlí lena chinntiú go bhfaigheann siad siúd a dhéanann cionta tiomána pionós leordhóthanach agus – thar aon rud eile – go gcoinnítear na bóithre sábháilte do na húsáideoirí ar fad.”