English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsiú an Bhille um Thrácht ar Bhóithre, 2023 ceadaithe ag an gComh-Aireacht

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 20 Nollaig 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Chuir an tAire Iompair, Eamon Ryan, TD, agus an tAire Stáit le freagracht as sábháilteacht ar bhóithre, Jack Chambers, TD, fáilte roimh chinneadh an Rialtais inniu le foilsiú an Bhille um Thrácht ar Bhóithre, 2023 a cheadú. Tá sé mar aidhm ag an mBille foráil a dhéanamh d’athchóiriú pointí pionóis, do thástáil éigeantach drugaí ag láthair tuairteanna tromchúiseacha agus do theorainneacha luais níos sábháilte.

Beidh an Bille um Thrácht ar Bhóithre ina fhreagairt láidir i leith threocht an mhéadaithe i mbásanna agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre. Tá sé beartaithe le tacú le seachadadh spriocanna Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre an Rialtais 2021–2030 le básanna ar bhóithre a laghdú 50% sna deich mbliana seo agus Fís a Náid a bhaint amach – is é sin gan aon bhásanna ná gortuithe a bheith ar ár mbóithre – faoi 2050.

Tar éis chruinniú an Rialtais inniu, dúirt an tAire Ryan:

“Is tosaíocht domsa í an tsábháilteacht ar bhóithre. Is mór an tragóid go bhfuil ardú i líon na mbásanna le trí bliana as ceithre bliana anuas. Leis an treocht ghránna seo a iompú, teastóidh freagairtí éagsúla, lena n-áirítear go dtabharfaí isteach agus go gcuirfí i bhfeidhm reachtaíocht láidir a réiteodh neamhréireanna agus a chabhróidh go mbeidh ár mbóithre chomh slán agus is féidir. Faoin mBille um Thrácht ar Bhóithre, 2023, cuirfear i bhfeidhm bearta cuí lena chinntiú nach bhfulaingíonn tuilleadh teaghlach le bás duine muinteartha ar ár mbóithre, go háirithe mar gheall ar róluas agus iompar neamhfhreagrach. Le ceadú an Rialtais inniu, táimid ar an mbóthar i dtreo an reachtaíocht thábhachtach seo a rith go luath in 2024 mar ábhar práinne.”’

Seo an méid a dúirt an tAire Chambers:

“Tá méadú uafásach tagtha ar líon na mbásanna ar ár mbóithre i mbliana. Ach athchóiriú reachtach a thabhairt isteach maidir le pointí pionóis, a bhfuil géarghá leis, mar aon le tástáil éigeantach drugaí agus teorainneacha luais, beifear in ann freagairt go láidir dó seo ach díriú ar chuid den iompar is dainséaraí ar fad. Tá an iomarca teaghlach ann a mbeidh suíochán folamh ag an mbord ag an Nollaig i mbliana, ní mór dúinn úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dúinn lena chinntiú nach dtarlóidh sé seo arís in 2024.”

Dúirt an tAire Chambers go bhfuil sé tiomanta chomh maith don reachtaíocht seo a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhá neamhréir atá tar éis teacht chun cinn le déanaí inár reachtaíocht um thrácht ar bhóithre. Baineann sé seo le Gardaí ag iarraidh ar dhaoine fanacht ar phróiseáil thoradh na tástála drugaí tar éis sampla a bheith bailithe. Baineann an neamhréir eile le hAlt 2.8 den Acht um Thrácht ar Bhóithre trína seachnaíonn tiománaithe pointí pionóis a dhícháileodh iad ón tiomáint ar feadh 6 mhí, ach ina áit sin go bhfulaingíonn siad dícháiliú foghabhálach a bhíonn i bhfad níos giorra. Tabharfar bearta isteach mar chuid den reachtaíocht seo de réir mar a théann sí tríd an Oireachtas chun aghaidh a thabhairt ar na nithe seo.

Faoi láthair, nuair a dhéanann daoine breis agus coir amháin lena ngabhann pointe pionóis ar an ócáid chéanna, ní bhfaighidh siad ach sraith amháin pointí pionóis, is é sin an tsraith is airde nó an tsraith is airde roinnte. Mar chodarsnacht, nuair a dhéanann daoine na coireanna seo ar ócáidí ar leithligh, gheobhaidh siad pointí pionóis i leith gach coir. Leasófar an fhoráil seo leis an mBille ionas go mbeidh dhá shraith pointí pionóis á bhfáil ag tiománaithe a íocann muirir sheasta i leith coireanna iomadúla a dhéantar ag an am céanna, is é sin an tsraith is airde nó an tsraith is airde roinnte do na coireanna a dhéantar.

Chomh maith leis sin, i gcás ina gciontófar tiománaí sa chúirt i leith coireanna lena ngabhann pointí pionóis a dhéantar ag an am céanna, gearrfar gach pointe pionóis i leith gach coir ar cheadúnas an tiománaí. Spreagfaidh sé seo iompar tiomána níos sábháilte agus cinnteoidh sé go mbeidh iarmhairtí dóthanacha ann dóibh siúd a bhriseann an dlí.

Faoi láthair, iarrtar ar an nGarda Síochána sampla anála a thógáil chun críocha tástála ar láithreacht alcóil ag láthair tuairteanna tromchúiseacha tráchta ar bhóithre. Ní iarrtar ar Ghardaí, áfach, tástáil drugaí a reáchtáil sna cúinsí seo, cé go bhfuil an rogha acu a leithéid a dhéanamh. Faoin mBille nua seo, iarrfar ar an nGarda Síochána tástáil drugaí a reáchtáil ag láthair tuairteanna tromchúiseacha.

Tá roinnt moltaí san Athbhreithniú ar Theorainneacha Luais a foilsíodh le déanaí maidir le hathruithe don chreat teorainneacha luais. Beidh leasuithe sa Bhille nua seo don reachtaíocht reatha maidir le teorainneacha luais réamhshocraithe le go dtabharfaí isteach teorainneacha luais níos sábháilte ar bhóithre náisiúnta den dara grád, ar bhóithre áitiúla agus i limistéir foirgnithe.

Nótaí d’eagarthóirí

Foilsíodh an tAthbhreithniú ar Theorainneacha Luais i mí Mheán Fómhair. Féachtar leis an mBille um Thrácht ar Bhóithre, 2023 le go dtabharfaí éifeacht reachtach dá phríomh-mholtaí, lena n-áirítear:

• An luasteorainn réamhshocraithe ar bhóithre náisiúnta den dara grád a laghdú ó 100km/u go 80km/u

• An luasteorainn réamhshocraithe ar bhóithre áitiúla agus tuaithe a laghdú ó 80km/u go 60km/u

• An luasteorainn réamhshocraithe ar bhóithre uirbeacha i limistéir foirgnithe a laghdú go 30km/u

Tá treoirlínte uasdátaithe d’Údaráis Áitiúla á n-ullmhú ag an Roinn le go mbeifear in ann tabhairt faoi athbhreithniú ar theorainneacha luais i ngach Údarás Áitiúil sa chéad leath de 2024.